Nua-Aoisiú CBL

Léargas ginearálta

Is aistriú céimnithe chuig ríomhshonrascadh agus tuairisciú digiteach é Nua-Aoisiú CBL, lena ndéantar Éire a ailíniú le creat ViDA an Aontais Eorpaigh (AE). Léiríonn sé cleachtas idirnáisiúnta nua-aimseartha, ós rud é go n-úsáideann go leor gnólachtaí córais dhigiteacha cheana féin chun díolacháin, ceannacháin agus íocaíochtaí a bhainistiú.

Príomhghnéithe de Nua-Aoisiú CBL

Ríomhshonrascadh

Beidh malartú leictreonach de dhoiciméid sonraisc struchtúrtha idir soláthraithe agus ceannaithe ina chleachtas caighdeánach. Tacaíonn sé seo le comhtháthú i leith córais ghnó nua-aimseartha, próiseáil níos tapúla agus laghdú ar earráidí.

Tuairisciú fíor-ama

Tuairisceoidh gnóthaí sonraí idirbhirt CBL de réir mar a tharlaíonn siad, ag daingniú comhlíontachta i ngnáthoibríochtaí laethúla agus ag laghdú obair láimhe.

Cur i bhfeidhm céimnithe

Tabharfar na ceanglais nua isteach de réir a chéile, ag tosú i mí na Samhna 2028. Eiseoidh corparáidí móra atá cláraithe le haghaidh CBL ríomhshonraisc le haghaidh idirbhearta inchánach le custaiméirí Éireannacha agus tuairisceoidh siad fo-thacar de na sonraí sin go digiteach do na Coimisinéirí Ioncaim.

Leanfar leis an gcur i bhfeidhm céimnithe, agus tá céimeanna fógartha do mhí na Samhna 2029 agus mí Iúil 2030, lena leathnófar an oibleagáid chuig cohóirt bhreise de ghnólachtaí Éireannacha atá cláraithe le haghaidh CBL. Cinntíonn sé seo gur féidir le gnólachtaí ullmhú d'aistriú eagraithe chuig ríomhshonrascadh agus cuireann sé ar chumas na gCoimisinéirí Ioncaim dul i dteagmháil go luath le gnólachtaí, le comhlachtaí ionadaíocha agus le soláthraithe seirbhíse.

Maidir le gach céim, ní mór do gach ghnólacht in Éirinn a chinntiú gur féidir leo ríomhshonraisc a fháil ó sholáthraithe.

Tuilleadh eolais

Ón 13 Deireadh Fómhair 2023 go dtí an 31 Eanáir 2024, reáchtáil na Coimisinéirí Ioncaim comhairliúchán poiblí maidir le conas córas sonrascaithe agus tuairiscithe Cánach Breisluacha (CBL) na hÉireann a nua-aoisiú. Chlúdaigh an comhairliúchán tosaigh seo an t-athchóiriú ar thuairisciú CBL ó Ghnó go Gnó (B2B) agus Gnó go Rialtas (B2G), le tacaíocht ó ríomhShonrascadh. D'fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim tuarascáil ar an bpróiseas comhairliúcháin seo an 27 Meitheamh 2024.

D'fhógair an tAire Airgeadais pleananna na hÉireann maidir le Nua-Aoisiú CBL i mBuiséad 2026. Ina dhiaidh sin, d'fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim treochlár ríomhshonrasctha na hÉireann i bpáipéar dar teideal VAT Modernisation – Implementation of eInvoicing in Ireland.

Ar aghaidh: Amlíne um Nua-Aoisiú CBL