Soláthraithe bogearraí

Ag Ullmhú don Ríomhshonrascadh in Éirinn

Chun a chinntiú go bhfuil do bhogearraí ullmhaithe don ríomhshonrascadh in Éirinn, cuir tús leis an bpleanáil anois.

Tugtar pointe tosaigh tapa agus soiléir do sholáthraithe bogearraí ar an leathanach seo chun ullmhú. Chun ullmhú, ba chóir duit:

  • athbhreithniú a dhéanamh ar na hamlínte céimnithe maidir le ríomhshonrascadh intíre a chur i bhfeidhm
  • measúnú a dhéanamh ar an gcóras reatha chun a chinntiú gur féidir sonraí ríomhshonrasctha a ghabháil, a stóráil agus a tharchur go leictreonach i gcomhréir le caighdeáin EN 16931-1
  • mapáil ar phróiseas sonraí ó na córais reatha a chur i gcrích chun comhoiriúnacht le hardáin amhail Peppol a dheimhniú
  • aon uasghráduithe nó comhtháthuithe riachtanach a dhéanamh chun malartú ríomhshonrasc a éascú
  • dul i dteagmháil le do chliaint chun cabhrú leo pleanáil dá n-oibleagáidí ríomhshonrasctha
  • páirt a ghlacadh i seimineáir ghréasáin agus i gceardlanna de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, fógrófar iad sin anseo
  • cláraigh lenár liosta seoltaí chun na nuashonruithe agus na léargais is déanaí ar ríomhshonrascadh agus ar Nua-Aoisiú CBL a fháil.