Gairmeacha
Ráiteas ar chosaint sonraí iarratasóirí
Leagtar amach sa bhFógra um chosaint sonraí amach seo an bonn faoina ndéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim sonraí pearsanta a phróiseáil le linn an phróisis earcaíochta.
An bonn dlíthiúil le sonraí a phróiseáil
Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim na nósanna imeachta uile a theastaíonn chun iarrthóirí cuí a earcú, a mheasúnú agus a roghnú lena gceapadh chun na gCoimisinéirí Ioncaim.
Tá siad si i gcomhréir le hAirteagal 6(1)(c), (e), (f) agus Airteagal 9 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Tá ár bpróiseáil clúdaithe ag:
Cuspóirí próiseála agus catagóirí sonraí
Bainfear úsáid as sonraí pearsanta le haghaidh gach céim den phróiseas earcaíochta. Bailítear na sonraí ar bhealaí éagsúla le linn an phróisis earcaíochta, mar shampla foirm iarratais trí Chóras Rianaithe Iarratasóirí na gCoimisinéirí Ioncaim, clárú nó tástáil ar líne, feitheoireacht fhíorúil agus measúnuithe físe. Bainfear úsáid as an bhfaisnéis ar an bhfoirm ar an gcaoi seo:
- le hincháilitheacht i leith comórtas ar leith a mheasúnú
- le hoiriúnacht i leith an róil a mheasúnú
- le tosaíochtaí a dheimhniú maidir leis an láthair (más cuí)
- le cinneadh a dhéanamh cé acu an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann an t-iarratasóir na critéir shocraithe um ghearrliostú (más cuí)
- le cabhrú leis an mbord roghnúcháin sa suíomh measúnaithe nó agallaimh (sa chás go ngairtear an t-iarratasóir chun na céime seo).
- le cinntiú nach ndearna tríú páirtí aithris ar iarrthóir ag céim ar bith den phróiseas (measúnú ar dhoiciméid aitheantais iarrthóirí le linn feitheoireachta fíorúla, measúnú físe, céim agallaimh agus mar sin de).
Nuair a thosaíonn tú ar an bpróiseas earcaíochta, cruthóidh na Coimisinéirí Ioncaim taifead pearsanra i d’ainm. Tá faisnéis ó d’fhoirm iarratais ar an taifead seo, amhail sonraí teagmhala, cáilíochtaí, doiciméid aitheantais agus stair ghairme.
Catagóirí speisialta sonraí pearsanta
Féadfaidh sé go ndéantar catagóirí áirithe speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil le linn an phróisis earcaíochta. Déantar é seo chun ligean dúinn ár ndualgais reachtúla a chomhlíonadh faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta, 1998–2015, agus faoin Acht um Míchumas, 2005.
Do chuid sonraí pearsanta a nochtadh
Déanfaidh Na Coimisinéirí Ioncaim do shonraí pearsanta a roinnt le tríú páirtithe sna cúinsí seo a leanas:
- nuair atá dualgas orainn é sin a dhéanamh chun cloí le dualgas dlí nó rialúcháin
- sa chás go bhfuil na sonraí pearsanta ar d’fhoirm iarratais á n-athbhreithniú ag comhaltaí an bhoird roghnúcháin mar chuid den phróiseas earcaíochta
- sa chás go bhfostaítear próiseálaí tríú páirtí thar ceann na gCoimisinéirí Ioncaim chun tástálacha measúnaithe agus suirbhéanna a dhéanamh mar chuid den phróiseas earcaíochta.
Soláthraithe seirbhíse
Tá na Coimisinéirí Ioncaim tar éis teagmháil a dhéanamh le soláthraithe seirbhíse tríú páirtí chun cabhrú lenár bpróiseas iarratais agus earcaíochta araon a éascú, chomh maith le do shonraí pearsanta a phróiseáil ar ár son.
Ní mór a thabhairt faoi deara go gcaithfidh gach soláthraí seirbhíse sonraí do shonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le téarmaí an chonartha sin agus go bhfuil dualgas orthu cloí leis an RGCS le linn a bpróiseála.
Aistrithe chuig tríú tíortha agus na cosaintí atá i bhfeidhm
Faoin RGCS, ní fhéadtar do chuid sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tír ach amháin i gcúinsí áirithe. Is éard is tríú tír ann ná tír taobh amuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE). Tá an LEE déanta suas de 27 mBallstát de chuid an Aontais Eorpaigh (AE), chomh maith leis an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin. Seo thíos roinnt samplaí den chaoi a bhféadtar sonraí pearsanta a aistriú:
- má mheasann an Coimisiún Eorpach go bhfuil leibhéal imleor cosanta sonraí ag an tríú tír (cinneadh i leith dóthanachta)
- má theastaíonn nó má údaraítear an t-aistriú sonraí pearsanta faoin dlí.
Tréimhse choinneála
Mar chuid de pholasaí na gCoimisinéirí Ioncaim maidir le taifid a choinneáil, coimeádfar sonraí na n-iarrthóirí nár éirigh leo ar feadh 18 mí tar éis an painéal is infheidhme a bhunú. Coinneofar sonraí faoi iarratasóirí a n-éiríonn leo ach nach gcuirtear ar shocrúchán, ar feadh bliain amháin tar éis don phainéal dul in éag. Coinneofar sonraí iarratasóirí a chuirtear ar shocrúchán ar feadh thréimhse a bhfostaíochta, móide seacht mbliana.
Tuilleadh eolais
Féadtar tuilleadh eolais a fháil faoi Pholasaí Cosanta Sonraí na gCoimisinéirí Ioncaim agus faoi do chearta faoin RGCS ar ár suíomh idirlín. Folaíonn na cearta seo an ceart chun iarratas a dhéanamh chuig na Coimisinéirí Ioncaim rochtain a fháil ar na sonraí pearsanta atá á gcoinneáil i do leith. Ba chóir iarratais ar rochtain ar shonraí pearsanta a dhéanamh trí ríomhphost chuig dataprotection@revenue.ie nó i scríbhinn chuig:
An tAonad Cosanta Sonraí
Urlár na Talún
Bloc na Croise
Caisleán Bhaile Átha Cliath
Baile Átha Cliath 2
D02 F342.
Ar aghaidh: Ráiteas ar chosaint sonraí sa phróiseas socrúcháin