Gairmeacha

  1. Léargas ginearálta
  2. Ráiteas ar chosaint sonraí iarratasóirí
  3. Ráiteas ar chosaint sonraí sa phróiseas socrúcháin
  4. Deiseanna gairme

Ráiteas ar chosaint sonraí sa phróiseas socrúcháin

Fógra um chosaint sonraí ina leagtar amach an bonn faoina ndéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim sonraí pearsanta a phróiseáil sa phróiseas socrúcháin.

An bonn dlíthiúil le sonraí a phróiseáil

Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim na nósanna imeachta uile a theastaíonn chun iarrthóirí cuí a earcú, a mheasúnú agus a roghnú lena gceapadh chun na gCoimisinéirí Ioncaim. Tagann siad seo leis an Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin), 2004. 

Na cuspóirí le do shonraí a phróiseáil

Bainfear úsáid as do shonraí pearsanta le haghaidh gach céim den phróiseas socrúcháin. Bainfear úsáid as an bhfaisnéis:

  • le tosaíochtaí a dheimhniú maidir leis an láthair (más cuí)
  • le fíorú cé acu an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann an t-iarratasóir na critéir shocraithe um incháilitheacht
  • le comhad pearsanra leis na Coimisinéirí Ioncaim a bhunú nó a thabhairt cothrom le dáta
  • le seiceálacha cúlra a dhéanamh.

Faoin Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin), 2004, déantar seiceálacha cúlra ag céim an tsocrúcháin. Déantar iad seo le cinntiú go bhfuil tú oiriúnach le ceapadh i ndáil leis an méid seo:

  • cáil
  • agus
  • go bhfuil tú lán-inniúil chun tabhairt faoi na dualgais a bhaineann leis an bpost.

Foinse na sonraí pearsanta

Mar chuid den phróiseas socrúcháin, iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ort roinnt eolais a thabhairt chun do thairiscint fostaíochta a phróiseáil. Féadfaidh sé go dtiocfaidh an fhaisnéis bhreise ó fhoinsí seachtracha, amhail moltóirí, an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin nó an Príomhdhochtúir Leighis.

Más seirbhíseach poiblí thú, déanfar teagmháil leis an rannóg Acmhainní Daonna a bhí agat roimhe seo. Déanfar é seo i ndáil le do shonraí tuarastail, creidmheas breisíoch, scéim pinsin, saoire thinnis agus do thaifead smachta.

Catagóirí sonraí pearsanta

Áirítear san fhaisnéis a bhailítear sonraí teagmhála, Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP), doiciméid aitheantais, sonraí airgeadais, cáilíochtaí oideachais agus stair do ghairme.

Catagóirí speisialta sonraí pearsanta

Féadfaidh sé go ndéantar catagóirí áirithe speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil sa phróiseas earcaíochta. Déantar é seo chun ligean dúinn ár ndualgais reachtúla a chomhlíonadh faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta, 1998–2015, agus faoin Acht um Míchumas, 2005.

Do chuid sonraí pearsanta a nochtadh

Roinnfidh muid do shonraí pearsanta le tríú páirtithe sna cúinsí seo a leanas:

  • nuair atá dualgas orainn cloí le dualgas dlí nó rialúcháin
  • le linn teistiméireachtaí a sheiceáil
  • grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána.

Aon aistrithe chuig tríú tíortha agus na cosaintí atá i bhfeidhm

Faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), ní fhéadtar do chuid sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tír ach amháin i gcúinsí áirithe.  Is éard is tríú tír ann ná tír taobh amuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE).  Tá 28 Ballstát AE san LEE, chomh maith leis an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin. Seo thíos roinnt samplaí den chaoi a bhféadtar sonraí pearsanta a aistriú:

  • má mheasann an Coimisiún Eorpach go bhfuil leibhéal imleor cosanta sonraí ag an tríú tír (cinneadh i leith dóthanachta)
  • má theastaíonn nó má údaraítear an t-aistriú sonraí pearsanta faoin dlí.

Tréimhse choinneála

De réir pholasaí coinneála na gCoimisinéirí Ioncaim, coinneofar do chuid sonraí ar feadh thréimhse d’fhostaíochta, móide seacht mbliana. Coinneofar ar feadh 100 bliain aon sonraí i ndáil stair sheirbhíse agus pá chun críocha pinsin. Coinnítear taifid grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána ar feadh bliain amháin.

Tuilleadh eolais

Le haghaidh tuilleadh eolais, féadtar féachaint ar Pholasaí Cosanta Sonraí na gCoimisinéirí Ioncaim.

Folaíonn na cearta seo an ceart chun iarratas a dhéanamh chuig na Coimisinéirí Ioncaim rochtain a fháil ar na sonraí pearsanta atá á gcoinneáil i do leith. Ba chóir iarratais ar rochtain ar shonraí pearsanta a chur i scríbhinn chuig: An tAonad Cosanta Sonraí, Urlár na Talún, Bloc na Croise, Caisleán Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 2, nó trí ríomhphost chuig dataprotection@revenue.ie. Níl aon táille i gceist le hiarratais ar rochtain ar shonraí.

Is í Joan French Oifigeach Cosanta Sonraí ainmnithe na gCoimisinéirí Ioncaim. 

Ar aghaidh: Deiseanna gairme