Gairmeacha

Deiseanna gairme

Príomhoifigeach Cúnta – Speisialtóir Staitisticí agus Anailísíochta Sonraí

An bhfuil tú réidh le tús a chur le do ghairm bheatha, nó ag lorg athrú? Tar ag obair leis na Coimisinéirí Ioncaim mar Phríomhoifigeach Cúnta sa réimse Staitisticí agus Anailísíochta Sonraí i mBaile Átha Cliath.

Bí linn chun fís na gCoimisinéirí Ioncaim a sheachadadh agus léargas fianaisebhunaithe a fháil i ndomhan sonraíbhunaithe.

Mar Phríomhoifigeach Cúnta sa réimse Staitisticí agus Anailísíochta Sonraí, bainfidh tú leas as raon leathan sonraí agus ardanailísíochta. Is ag crosbhealach uathúil tábhachtach atá an ról seo suite ina dtagann barr feabhais theicniúil le chéile le cuspóir na seirbhíse poiblí. Tacóidh tú le beartas cánach atá bunaithe ar fhianaise, feabhsóidh tú torthaí comhlíontachta, agus soláthróidh tú léargas staitistiúil d'ardchaighdeán. Beidh sé seo mar bhunchloch do chinnteoireacht éifeachtach ar fud na gCoimisinéirí Ioncaim agus a bpríomhpháirtithe leasmhara.

Léigh tuilleadh faoi ról an Phríomhoifigigh Cúnta sa réimse Staitisticí agus Anailísíochta Sonraí.

Cuir do shlí bheatha chun cinn trí ról lárnach a imirt sa réimse Staitisticí agus Anailísíochta Sonraí leis na Coimisinéirí Ioncaim. Cláraigh anois do ról an Phríomhoifigigh Cúnta - Staitisticí agus Anailísíocht trínár gCóras Rianaithe d'Iarratasóirí.

Chun tuilleadh sonraí a fháil agus cén chaoi le hiarratas a dhéanamh, féach ar ár Leabhrán Eolais.

Dáta Deiridh: 17.00 Dé hAoine an 14 Lúnana 2026.

Is Fostóir Comhionannais Deiseanna é Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim.

Féach an méid atá le rá ag ár bhfoireann reatha i ról an Phríomhoifigigh Chúnta sa réimse Staitisticí agus Anailísíochta Sonraí faoi bheith ag obair sna Coimisinéirí Ioncaim:

Donnchadh - Príomhoifigeach Cúnta, Staitisticí, Eacnamaíocht agus Tuairisciú, Rialachas Corparáideach, Cuntasaíocht agus Tuairisciú

Photo of Donnchadh, Assistant Principal Officer, Statistics, Economics and Reporting, Corporate Governance, Accounting and Reporting Division

Té mé i gceannas ar fhoireann chomhoibríoch a ghineann tuiscintí ó shonraí riaracháin amh a chuireann bonn eolais dhíreach faoi chinntí agus díospóireacht ar bheartais chánach náisiúnta.

Oibríonn muid le tacair sonraí ar scála mór a chuimsíonn Custaim, CBL agus cánacha indíreacha eile chun tacú le forbairt beartais, meastóireacht agus anailís ar bhailiúcháin cánach agus dleachta. D'fhorbair ár bhfoireann deaiseanna comhtháite le déanaí a sholáthraíonn léargas anailíseach comhdhlúite ar fhormhór na gcánacha indíreacha. Leanann muid orainn ag forbairt ár gcumas le tionscadail nua ag baint úsáide as cruach teicneolaíochta nua-aimseartha.

Ceann de na gnéithe is taitneamhaí a bhaineann le bheith ag obair sna Coimisinéirí Ioncaim ná an dearcadh a thugann sé duit. Cuimsíonn ár n-anailís raon iomlán an chánachais indíreach, rud a ligeann dúinn fíorthionchar na gcinntí beartais a fheiceáil. Bíonn mé féin agus m'fhoireann ag déanamh ionadaíochta thar ceann na gCoimisinéirí Ioncaim go rialta le grúpaí oibre idirnáisiúnta, ar rannpháirtíochtaí iad a shaibhríonn ár gcuid oibre intíre go mór.

Tagann an cúlra atá agam san eolaíocht, i staitisticí agus i gcáilíocht go maith le hobair na gCoimisinéirí Ioncaim, rud a chumasaíonn comhoibriú fianaisebhunaithe leis an Roinn Airgeadais, leis an bPríomh-Oifig Staidrimh agus le páirtithe leasmhara inmheánacha. Ciallaíonn an éagsúlacht a bhaineann le mo ról nach bhfuil aon choicís mar an gcéanna riamh. Braithim go bhfuil an saothar oibre spreagúil go hintleachtúil agus an-tairbheach go deo.