An chairt um sheirbhísí do chustaiméirí

Léargas ginearálta

Bailíonn na Coimisinéirí Ioncaim na cánacha agus dleachtanna lena maoinítear soláthar seirbhísí poiblí ar mhaithe le gach saoránach.

Cosnaímid an pobal trínár seirbhís chustam a oibríonn ar rialú teorann.

Chun gur féidir linn na dlíthe cánach agus custam a riaradh go héifeachtach cothrom, is gá go n-aithneoidh na Coimisinéirí agus Saoránaigh cearta agus freagrachtaí bunúsacha áirithe.

Chuige sin leagtar amach sa Chairt Chustaiméirí seo céard leis a bhfuil gach taobh ag súil.

Ar aghaidh: Seasmhacht, cothromas agus rúndacht