Caighdeáin um sheirbhís do chustaiméirí
Léargas ginearálta
Léirítear inár gcaighdeáin um sheirbhís do chustaiméirí an cineál caighdeán seirbhíse a fhéadfaidh tú bheith ag súil leis uainn.
Teastaíonn uainn é a dhéanamh éasca duit do ghnó a dhéanamh linn. Tá fúinn an tseirbhís atá uait a sholáthar go tapaidh gan aon stró. Chun cabhrú linn cabhrú leat, iarraimid ort d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) nó d'uimhir tagartha cánach agus sonraí eile riachtanacha a bheith réidh agat nuair a dhéanann tú teagmháil linn.
Tá fúinn seirbhís ardchaighdeáin a sholáthar. Chun caighdeán ár seirbhíse teileafóin a thástáil, déanaimid glaonna a thaifeadadh. Tástálaimid freisin cé chomh héasca is atá sé ár seirbhísí leictreonacha a úsáid d'fhonn a chinntiú go bhfuil siad chomh simplí agus is féidir é a thuiscint.
Déantar bainistiú cúramach ar litreacha ó chustaiméirí d'fhonn freagraí a thabhairt go tapaidh.
Úsáidimid suirbhéanna ar chustaiméirí, painéil de chustaiméirí agus grúpaí fócais chun taithí an phobail ar dhéileáil linn a chloisteáil go díreach.
Aithníonn na coimitmintí agus na caighdeáin seo go bhfuil ionchais custaiméirí ag athrú. Aithníonn siad chomh maith go bhfuil cumas digiteach ag méadú, fáil ar sheirbhís 24 uair sa lá, 7 lá na seachtaine, agus an t-athrú inár múnla gnó ‘Tús Áite Digiteach’, i gcomhréir le Plean Athchóirithe na Seirbhíse Poiblí.
Is féidir go n-athródh soláthar ár seirbhíse idir tréimhsí móréilimh agus beagéilimh. Táimid an-bhuíoch de bhur bhfoighne agus de bhur dtuiscint le linn na mbuaicthréimhsí seo. Chun an mhoill a ghabhann leis na buaicthréimhsí a sheachaint ba cheart duit ár seirbhísí ar líne a úsáid, moChúrsaí nó ROS, toisc gurb iadsan na slite is tapúla, is éasca agus is áisiúla duit chun gnó a dhéanamh linn.
Pointe rochtana singil is ea moChúrsaí chuig raon leathan de sheirbhísí ar líne (seachas Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) le haghaidh custaiméirí gnó). Tá áis fiosruithe shlán ar líne, M’Fhiosruithe againn le haghaidh cáiníocóirí agus gníomhairí cánach.
Ciallaíonn sé seo gur féidir linn teachtaireachtaí slána a sheoladh agus a fháil ina bhfuil faisnéis íogair ghnó.
Cosnóimid go cúramach aon fhaisnéis a thugtar dúinn. Déileáiltear go rúnda le sonraí cáiníocóirí.
Ar aghaidh: Gealltanais agus caighdeáin