Cáin ar Tháirgí Alcóil

Is éard atá sa Cháin ar Tháirgí Alcóil (CTA) ná cáin a ghearrtar ar alcól agus ar tháirgí alcóil. Gearrtar CTA nuair a scaoiltear táirgí alcóil lena n-ól sa Stát.

I measc na dtáirgí alcóil tá beoir, fíon, leann úll agus leann piorraí, deochanna coipthe eile seachas leann úll agus leann piorraí, deochanna idirmheánacha agus biotáille.

Braitheann an ráta cánach ar an gcineál táirge alcóil agus ar a inneachar alcóil. Feadtar na rátaí éagsúla a bhaineann le táirgí alcóil éagsúla a fháil ar leathanach rátaí máil na Cánach ar Tháirgí Alcóil.

Féadtar tuilleadh eolais ar an gCáin ar Tháirgí Alcóil a fháil ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim.    

 Soláthraíonn an foilseachán seo sonraí ó 2019 ar aghaidh agus sonraítear an méid seo a leanas ann:

1. Méid agus dliteanais dhearbhaithe táirgí alcóil a tháirgtear sa bhaile agus a iompórtáiltear

 Alcohol volumes and liabilities

2. Glanfháltais táirgí alcóil a tháirgtear sa bhaile agus a iompórtáiltear. 

Alcohol net receipts

Under-reported Alcohol Products Tax 2020 to 2022 

Meiteashonraí faoi thacar sonraí na staitisticí
CeannteidealCur síos
Teideal

Cáin ar Tháirgí Alcóil

Cur Síos

Toirt, dliteanais dhearbhaithe agus glanfháltais táirgí alcóil a tháirgtear sa bhaile agus a iompórtáiltear.

Foilsitheoir Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim
Pointe Teagmhála

statistics@revenue.ie

INDTstatistics@revenue.ie

Eochairfhocail

alcól, cáin ar tháirgí alcóil, CTA, beoir, biotáille, fíon, leann úll, leann úll agus leann piorraí, deochanna coipthe eile, deochanna idirmheánacha

Minicíocht an Fhoilsithe Ráithiúil
Dáta Eisiúna 01/11/2024

Dáta an Athraithe

Dheireanaigh

16/04/2025
Cineál an Cheadúnais CC-BY
Ráiteas Modh  Method Statement for Alcohol Products Tax dataset