Cáin ar Tháirgí Alcóil

Léargas ginearálta

Is éard atá sa Cháin ar Tháirgí Alcóil (CTA) ná cáin a ghearrtar ar alcól agus ar tháirgí alcóil.

Tá rátaí éagsúla i gceist, agus féadtar an cháin a ghearradh ar ghnóthais agus ar dhaoine aonair araon.

Ba chóir duit an rannán seo a léamh le cinntiú go bhfuil tú ag íoc CTA nuair is gá más rud é:

  • go n-úsáideann tú alcól mar chuid de do ghnó
  • go bhfuil sé i gceist agat alcól a cheannach ó thaobh amuigh d’Éirinn chun críocha úsáid phearsanta.

Ar aghaidh: Céard é an Cháin ar Tháirgí Alcóil?