Cáin ar Tháirgí Alcóil

Cén uair a íocaim an Cháin ar Tháirgí Alcóil?

Is gnách nach n-íocann tomhaltóirí aonair aon Cháin ar Tháirgí Alcóil. Éiríonn an cháin de bheith dlite nuair a fhágann an táirge an dleacht ar fionraí, is é sin nuair a fhágann sé stóras cánach. Is éard atá i gceist le stóras cánach ná áitreabh atá údaraithe go speisialta ag na Coimisinéirí Ioncaim chun alcól a tháirgeadh, a phróiseáil nó a stóráil, chomh maith le táirgí eile inmháil. Is é an duine atá faoi dhliteanas don dleacht ná an coimeádaí trádstórais nó an t-iompórtálaí.

Má tá táirgí alcóil á gceannach agat ó áit thar lear, ní mór duit dleachtanna Éireannacha a íoc. Folaíonn siad seo:

  • Cáin Éireannach ar Tháirgí Alcóil
  • Cáin Bhreisluacha (CBL)
  • Dleacht Custam (más cuí).

Ní mór duit dleachtanna den chineál sin a íoc sula scaoileann Custaim na hearraí duit.

Beidh critéir bhreise i gceist má ordaíonn tú alcól ó Bhallstát eile de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) (ó shuíomh idirlín mar shampla). I gcásanna den chineál sin, ba chóir don díoltóir sa tír AE sin ionadaí cánach a bunaíodh in Éirinn a cheapadh chun dleacht mháil a íoc. Mura ndéanann an díoltóir é seo, féadfaidh sé go bhfuil an táirge faoi réir a choinneáil, a urghabháil agus a fhorghéilleadh.

Ba chóir do thomhaltóirí seiceáil a dhéanamh agus aon orduithe den chineál seo á ndéanamh acu go bhfuil socruithe déanta ag an díoltóir an dleacht mháil a íoc in Éirinn. Socraíonn gach Ballstát AE a rátaí féin máil. Ní mór an dleacht mháil a íoc, áfach, sa tír ina ndéanfar an táirge a chaitheamh agus é a íoc ag ráta na tíre sin.

Má tá sé beartaithe agat alcól a thabhairt isteach sa tír, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le d’oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait, féach an leathanach ar Dhleachtanna Máil a íoc.

Ar aghaidh: An bhfuil aon fhaoisimh ón gCáin ar Tháirgí Alcóil?