'Trádstóráil' fiachais cánach a bhaineann le COVID-19 deimhnithe ag na Coimisinéirí Ioncaim do ghnóthaí

Le roinnt míonna anuas, tá roinnt bunchomhairle agus gníomhartha leagtha amach ag na Coimisinéirí Ioncaim chun cabhrú le gnóthaí a bhfuil deacrachtaí sreafa airgid agus trádála acu mar thoradh ar thionchair COVID-19, lena n-áirítear:

  • moladh tugtha do ghnóthaí leanúint le tuairisceáin chánach a thíolacadh in am, fiú nuair nach bhféadtar íocaíocht a dhéanamh láithreach
  • gach gníomh forfheidhmiúcháin fiachais curtha ar fionraí go dtí go bhfógraítear a mhalairt
  • agus
  • muirir úis ar íocaíocht dhéanach le haghaidh fiontair FBM (go huathoibríoch) agus le haghaidh gnóthaí móra (nuair a iarrtar é) curtha ar fionraí.

Go dtí deireadh mhí an Mhárta, tá tacaíocht ríthábhachtach leachtachta curtha ar fáil ag na bearta seo do ghnóthaí agus tá thart ar 14,000 gnó cláraithe le haghaidh CBL mar aon le breis agus 30,000 fostóirí tar éis leas a bhaint astu. Bhí luach thart ar €800 milliún ar na bearta seo i leith CBL Eanáir/Feabhra agus cánacha párolla Feabhra.

Ní ba luaithe inniu (02/05/2020), d’fhógair an tAire Airgeadas, Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe TD, réimse beart breise eacnamaíoch mar fhreagra ar COVID-19. Folaíonn siad seo reachtaíocht chun ligean do na Coimisinéirí Ioncaim trádstóráil a dhéanamh ar fhiachas cánach CBL agus cánacha párolla a d’eascair ó na srianta a bhaineann le COVID-19.

Tar éis an fhógra seo, dhearbhaigh na Coimisinéirí Ioncaim do ghnóthaí a raibh tionchar mór ag COVID-19 orthu go leanfaidh siad orthu ag obair leo chun teacht ar aontú ar shocruithe íocaíochta a thacaíonn le cumas an ghnó trádáil a thosú arís chomh maith leis an téarnamh náisiúnta, tar éis COVID-19.

Cé go bhfuil mionsonraí an bhirt ‘trádstórála’ seo fós le hoibriú amach, dhearbhaigh na Coimisinéirí Ioncaim an méid seo a leanas:

  • Ní bhaileofar fiachas cánach CBL agus párolla a bhaineann le COVID-19, dlite ón 1 Márta 2020 go dtí an dáta a thagann deireadh leis na srianta earnála, ar feadh thréimhse 12 mhí
  • ní thabhófar aon ús ar an bhfiachas cánach sin le linn na tréimhse 12 mhí
  • ina dhiaidh sin, beidh ráta úis laghdaithe de 3% (síos ó 10%) ag an bhfiachas cánach a bhaineann le COVID-19, go dtí go n-íocfar an fiachas
  • beidh an creat ama a cheadaítear le haghaidh an fhiachais ‘trádstóráilte’ a íoc solúbtha agus cinnfear é de réir chumas an ghnó an fiachas a bhaineann le COVID-19 a íoc chomh maith lena dhliteanais leanúnacha chánach a chomhlíonadh de réir mar a thagann siad chun cinn sa ghnáthchúrsa
  • chun go mbeidh feidhm ag an socrú trádstórála, ní mór gach tuairisceán a thíolacadh de réir threoir na gCoimisinéirí Ioncaim atá curtha i bhfeidhm ó thús na paindéime reatha seo.

Cuirfear eolas agus soiléiriú breise ar fáil in am trátha.   

Tabharfaidh na bearta eisceachtúla, nach bhfacthas roimhe seo, cinnteacht do ghnóthaí, tabharfaidh siad am dóibh a dtéarnamh a phleanáil agus déileáil le dliteanais neamhchánach gan a bheith buartha faoina ndliteanais chánach ‘trádstóráilte’.

[Críoch 02/05/2020]