Bearta fógartha ag na Coimisinéirí Ioncaim chun cabhrú le fiontair FBM a bhfuil deacrachtaí sreafa airgid acu mar gheall ar COVID-19

Ag féachaint do na Coimisinéirí Ioncaim inniu (13/03/2020) ar na bearta a d'fhógair an Taoiseach inné chun cosc a chur ar leathadh COVID-19, tá achoimre déanta ar roinnt comhairle agus bearta tábhachtacha atá á nglacadh chun cabhrú le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBM) [1] a bhfuil deacrachtaí sreafa airgid agus trádála acu mar gheall ar thionchar an víris.

D’eisigh na Coimisinéirí Ioncaim comhairle thábhachtach ní ba luaithe an tseachtain seo do ghnóthaí a bhfuil deacrachtaí íoca cánach acu, agus tuigeann go bhféadann na deacrachtaí seo buairt a chur ar ghnóthaí i dtéarmaí an cumas atá acu teist mhaith comhlíontachta cánach a choinneáil. Tá sé tábhachtach go dtuigfeadh gnóthaí go bhfuil teist mhaith ag na Coimisinéirí Ioncaim ag obair go rathúil le cáiníocóirí chun a ndeacrachtaí íoca cánach a réiteach.

Tá an chomhairle seo a leanas, atá tugtha suas chun dáta, curtha ar fáil ag na Coimisinéirí Ioncaim chun tuilleadh cabhrach a thabhairt do ghnóthaí a bhfuil deacrachtaí trádála acu mar gheall ar thionchar COVID-19.

Eolas d’fhiontair FBM

  • Tuairisceáin Chánach: ba chóir do ghnóthaí a bhfuil deacrachtaí sealadacha sreafa airgid acu leanúint dá dtuairisceáin chánach a chur isteach in am.
  • Gearradh Úis: tá an t-ús a ghearrtar ar íocaíochtaí déanacha curtha ar fionraí i leith dhliteanais CBL mhí Eanáir/Feabhra agus i leith dhliteanais ÍMAT (Fostóra) mhí Feabhra agus mhí an Mhárta araon.
  • Forfheidhmiúchán Fiachais: Tá na gníomhaíochtaí uile forfheidhmiúcháin fiachais curtha ar fionraí go dtí go dtugtar fógra eile.
  • Imréiteach Cánach: leanfar den stádas reatha imréitigh cánach a bheith i bhfeidhm do gach gnó thar na míonna amach romhainn.

Eolas d’Fhochonraitheoirí

  • CCI (Cáin Conarthaí Iomchuí): tá an t-athbhreithniú ráta CCI atá beartaithe le haghaidh mhí an Mhárta 2020 curtha ar fionraí. Leis an bpróiseas seo, déantar measúnú ar shuíomh comhlíontachta reatha gach ceann de na fochonraitheoirí ar an ríomhchóras CCI agus ansin déantar cinneadh faoina ráta ceart asbhainte CCI, is é sin 0%, 20% nó 35%. Mar gheall go bhféadfaidh sé a bheith ina thoradh ar an bpróiseas seo go méadófaí ráta CCI fochonraitheora mar gheall ar athruithe dá suíomh comhlíontachta, tá an t-athbhreithniú seo curtha ar fionraí.
  • Meabhraítear d’fhochonraitheoirí agus do ghníomhairí go bhféadtar athbhreithnithe ráta CCI a athbhreithniú in ROS. Féadann fochonraitheoirí seiceáil a dhéanamh ar chóir a ráta a bheith níos ísle agus ansin ‘féin-athbhreithniú’ a dhéanamh chun an ráta níos ísle asbhainte sin a fháil.

Eolas maidir le hearraí a iompórtáil

  • Custaim: tabharfar ‘bealach glas’ Custam do tháirgí agus cógais chriticiúla cógaisíochta chun éascú a dhéanamh ar iompórtáil agus soláthar a choinneáil gan cur isteach.

Aon ghnóthaí, seachas fiontair FBM, a bhfuil deacrachtaí sealadacha sreafa airgid nó trádála acu, ba chóir dóibh teagmháil a dhéanamh le hoifig an Ard-Bhailitheora ar (01) 7383663. De rogha air sin, féadann na gnóthaí seo teagmháil dhíreach a dhéanamh lena dteagmhálaithe brainse i Rannóg na gCorparáidí Móra nó i Rannóg na bhFiontar Meánmhéide sna Coimisinéirí Ioncaim.

Leanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le monatóireacht ghéar a dhéanamh ar an suíomh seo atá ag athrú i gcónaí maidir le COVID-19 agus eiseoidh treoir bhreise suas chun dáta do ghnóthaí nuair a theastaíonn sé, agus go háirithe in am trátha roimh thuairisceáin CBL mhí an Mhárta/mhí Aibreáin, agus roimh thuairisceáin eile amach anseo a bheith dlite.

[1] Chun críocha cánach, is éard is FBM ann ná gnó a bhfuil láimhdeachas níos lú ná €3 milliún aige agus nach ndéileáiltear leis i Rannóg na gCásanna Móra ná i Rannóg na bhFiontar Meánmhéide sna Coimisinéirí Ioncaim. Is é Rannóg na gCánacha Gnó sna Coimisinéirí Ioncaim a dhéanann bainistiú ar fhiontair FBM ó thaobh seirbhíse agus ó thaobh comhlíontachta de araon.

[Críoch 13/03/2020]