Breis eolais tugtha ag na Coimisinéirí Ioncaim ar na bearta cánach i bPacáiste Mhí Iúil do Spreagthaí Post

Tá na bearta cánach a fógraíodh mar chuid de Phacáiste Mhí Iúil do Spreagthaí Post de chuid an Rialtais achtaíodh ina ndlí anois agus tá siad leagtha amach san Acht um Fhorálacha Airgeadais (Covid-19) (Uimh. 2), 2020.

Tá eolas mionsonraithe curtha ar fáil ag na Coimisinéirí Ioncaim inniu (6/8/2020) maidir le raon beart cánach san Acht, lena n-áirítear:

  • Bearta chun cuidiú le gnóthaí agus iad ag déileáil le fiachais chánach
    • Stórasú Fiachais ar fhiachais áirithe ÍMAT (Fostóra) agus CBL
    • Ráta laghdaithe úis d’fhiachas amuigh nach gcáilíonn don stórasú fiachais.
  • Brostú sealadach ar fhaoiseamh ó cháin chorparáide i leith caillteanais.
  • Faoiseamh sealadach ó cháin ioncaim do dhaoine féinfhostaithe i mbun trádála nó gairme.
  • Laghdú sa ráta caighdeánach CBL ó 23% go 21%.
  • Tabhairt isteach na Scéime Fóirdheontais Pá Fostaíochta (SFPF).

Cuirtear eolas ar fáil chomh maith do ghnóthaí ar an tábhacht a bhaineann le Deimhniú Imréitigh Cánach a choinneáil d’fhonn leas a bhaint as cuid de na tacaíochtaí suntasacha seo.


Cuirtear raon beart ar fáil i bPacáiste Mhí Iúil do Spreagthaí Post chun cuidiú le gnóthaí buailte ag Covid-19 an gnó a athoscailt agus daoine a fháil ar ais ag obair de réir Threochlár an Rialtais chun an tSochaí agus Cúrsaí Gnó a Athoscailt.

Agus é ag trácht ar an raon beart cánach sa phacáiste spreagthaí a achtaíodh ina ndlí le déanaí san Acht um Fhorálacha Airgeadais (Covid-19) (Uimh. 2), 2020, dúirt Coimisinéir na gCoimisinéirí Ioncaim, Michael Gladney:

“Aithníonn muid go bhfuil timpeallacht trádála fíordheacair ann do mhórán gnóthaí. Tugann an tAcht seo éifeacht dhlíthiúil do na socruithe stórasaithe fiachais a bhí á bhfeidhmiú againn ar bhonn riaracháin le roinnt míonna anuas. Brostaíonn sé an faoiseamh i leith caillteanais do chuideachtaí, tugann isteach beart nua chun faoiseamh i leith caillteanais a cheadú do thrádálaithe aonair agus tugann isteach an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta.”
“Tá cáil ar na Coimisinéirí Ioncaim le fada a bheith ag obair le gnóthaí inmharthana a bhfuil deacrachtaí sealadacha sreafa airgid acu agus sa timpeallacht reatha tá sé i gceist níos mó na riamh sa chaoi is go raibh muid réamhghníomhach agus gur chuir muid gach gníomhaíocht forfheidhmithe fiachais ar fionraí agus gur fhorbair muid na forálacha stórasaithe fiachais.”
“Sa chomhthéacs seo an t-aon riachtanas atá leagtha síos againn do ghnóthaí ná go leanann siad de thuairisceáin chánach a thíolacadh ar bhealach cruinn agus go ndéantar in am é. Le stórasú fiachais na bhfiachas cánach a bhaineann le COVID-19 agus le haontú le socrú tráthíocaíochtaí i gcás fiachais chánach nach mbaineann le COVID-19 ag an ráta úis nua laghdaithe 3%, ceadófar do ghnóthaí cáiliú le haghaidh imréiteach cánach. Teastaíonn imréiteach cánach chun na critéir cháilitheachta a chomhlíonadh i gcás cuid de na tacaíochtaí bunriachtanacha atá ar fáil do ghnóthaí, lena n-áirítear an scéim nua an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta. Má ghlacann gnóthaí na céimeanna praiticiúla seo, cuirfear ar a gcumas díriú ar athoscailt agus a dtrádáil a thógáil arís.”

Bearta chun cuidiú le gnóthaí agus iad ag déileáil le fiachais chánach

1. Stórasú Fiachais ar fhiachais áirithe ÍMAT (Fostóra) agus CBL

Ar an 2 Bealtaine 2020, d’fhógair an Rialtas scéim ‘Stórasú Fiachais’ d’fhiachais chánach ÍMAT (Fostóra) agus CBL a bhaineann leis an ngéarchéim COVID-19. Ag brath ar achtú na reachtaíochta riachtanaí, d’oibrigh na Coimisinéirí Ioncaim an scéim ar bhonn riaracháin. Tá an bonn dlíthiúil don scéim leagtha amach anois san Acht um Fhorálacha Airgeadais (Covid-19) (Uimh. 2), 2020.

Go dtí seo, tá tuairim agus 70,000 gnó ag baint leas as an scéim agus tá €1.9 billiún i bhfiachas á stórasú faoi láthair (€1,039 milliún i bhfiachas ÍMAT Fostóra agus €898 milliún i bhfiachas CBL).

Faoin socrú stórasaithe fiachais ÍMAT (Fostóra) agus CBL tabhaithe ag gnóthaí le linn na tréimhse trádála srianta cúisithe ag COVID-19, féadtar an fiachas a ‘pháirceáil’ ar bhonn saor ó ús ar feadh tréimhse 12 mhí tar éis trádáil a thosú arís. Tar éis dheireadh na tréimhse 12 mhí saor ó ús, féadtar an fiachas stórasaithe a íoc ina iomláine gan muirear úis a thabhú, é sin nó féadtar é a íoc trí shocrú tráthíocaíochtaí ag ráta úis bliantúil atá laghdaithe go suntasach, is é sin 3%. I gcomparáid leis seo, gearrtar an ráta caighdeánach 10% sa bhliain ar fhiachais den chineál seo i gcásanna eile.

Tá an méid seo a leanas i measc na bpríomhchoinníollacha den scéim:

  • ní mór don ghnó an fiachas cánach a mheas go cruinn trí gach tuairisceán cuí maidir leis an tréimhse trádála srianta a thíolacadh. Má dhéantar tuairisceán dliteanais i leith aon tréimhse ar bhonn an mheastacháin is fearr, ní mór an tuairisceán ceart a thíolacadh sa chaoi is go bhféadtar an fiachas iomlán a chur san áireamh sa scéim stórasaithe fiachais, ní mór don ghnó leanúint dá thuairisceáin chánach a thíolacadh in am agus dliteanais
  • reatha a íoc de réir mar a éiríonn siad aníos le linn na tréimhse stórasaithe fiachais 12 mhí.

Tá an scéim ar fáil go huathoibríoch do ghnóthaí a ndéileáiltear lena gcúrsaí cánach sa Rannóg Cánach Gnó agus sa Rannóg Cánacha Pearsanta sna Coimisinéirí Ioncaim. I gcás gnóthaí eile a ndéileáiltear lena gcúrsaí cánach i Rannóg na gCorparáidí Móra agus i Rannóg na bhFiontar Meánmhéide sna Coimisinéirí Ioncaim, féadfaidh sé go gcáileoidh siad lena gcur san áireamh má shásaíonn siad na Coimisinéirí Ioncaim nach bhfuil siad in ann na fiachais ÍMAT (Fostóra) agus CBL a íoc mar gheall ar na srianta a bhaineann le COVID-19. Ba chóir gnóthaí den chineál seo teagmháil a dhéanamh le Rannóg an Ard-Bhailitheora, mura bhfuil a leithéid déanta cheana), d’fhonn leas a bhaint as an socrú stórasaithe fiachais. Féadtar teagmháil a dhéanamh le Rannóg an Ard-Bhailitheora tríd an tseirbhís M’Fhiosruithe de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, atá ar fáil ar bhonn 24/7 trí ROS, nó trí ghlaoch ar 01-7383663 (ar fáil Luan go hAoine, 9.30am go 1.30pm).

I gcás gnóthaí a bhaineann leas as an stórasú fiachais, cáileoidh siad do Dheimhniú Imréitigh Cánach má chomhlíonann siad na gnáthchoinníollacha cáilitheachta.

2. Ráta laghdaithe úis d’fhiachais amuigh nach mbaineann le COVID-19

Foráiltear i bPacáiste Mhí Iúil do Spreagthaí Post chomh maith do ráta laghdaithe úis 3% sa bhliain i gcás fiachais chánach amuigh nach mbaineann le COVID-19, ach socrú tráthíocaíochtaí a bheith i bhfeidhm idir an gnó nó an duine agus na Coimisinéirí Ioncaim faoin 30 Meán Fómhair 2020. Tá an ráta 3% ar fáil ar fud gach cineál cánach agus is laghdú suntasach é ar na rátaí caighdeánacha úis 8% agus 10% sa bhliain a bheadh i bhfeidhm de ghnáth ar cháin a íoc go déanach.

Tá beagnach €90 milliún i gcánacha amuigh á íoc faoi láthair trí shocruithe tráthíocaíochtaí aontaithe agus bainfidh siad seo buntáiste as an ráta laghdaithe úis ón 1 Lúnasa 2020. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim teagmháil dhíreach le daoine aonair agus le gnóthaí a bhfuil socruithe tráthíocaíochtaí acu cheana féin le cinntiú go mbaineann siad buntáiste as an ráta athbhreithnithe.

I gcás daoine aonair nó gnóthaí a bhfuil fiachais chánach acu nach mbaineann le COVID-19, ní cháileoidh siad le haghaidh deimhniú imréitigh cánach ach amháin má d’aontaigh siad socrú tráthíocaíochtaí chun na fiachais sin a íoc. Dá réir, i gcás daoine aonair nó gnóthaí nach bhfuil socruithe tráthíocaíochtaí aontaithe acu fós i ndáil le fiachais chánach leis na Coimisinéirí Ioncaim nach mbaineann le COVID-19, agus ar mian leo leas a bhaint as an ráta laghdaithe úis, na céimeanna, molann na Coimisinéirí Ioncaim go láidir dóibh na céimeanna seo a leanas a chríochnú faoin 30 Meán Fómhair 2020:

  • cinntiú go dtugtar cuntas i leith fiachas cánach nach mbaineann le COVID-19, ar fud gach cineál cánach, trí gach tuairisceán cánach cuí a thíolacadh agus
  • socrú tráthíocaíochtaí a aontú go foirmeálta leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Tá an Áis Tráthíocaíochtaí ar Líne ar fáil ar bhonn 24/7 agus is seirbhís an-éasca le húsáid í do dhaoine aonair agus do ghnóthaí ar main leo cur isteach ar fhiachas cánach a íoc ar bhonn tráthíocaíochtaí. Nuair a bheidh an t-iarratas ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim, tá solúbthacht shuntasach ag an gcáiníocóir nó ag an ngnó féinbhainistiú a dhéanamh ar a sceideal íoca de réir riachtanais an ghnó. De rogha air sin, féadtar teagmháil a dhéanamh le Rannóg an Ard-Bhailitheora ar 01-7383663, Luan go hAoine ó 9.30am go 1.30pm chun socrú tráthíocaíochtaí a aontú atá cuí go comhpháirteach.

Leanfar de na gnáthrátaí úis 8% agus 10% sa bhliain ar chánacha a íoc go déanach, a fheidhmiú ar fiachais amuigh nach mbaineann le COVID-19 agus nach bhfuil san áireamh i socrú tráthíocaíochtaí leis na Coimisinéirí Ioncaim faoin 30 Meán Fómhair 2020. Ní bheidh an ráta laghdaithe úis i bhfeidhm ach an oiread ar chánacha gan íoc a bhfuil imeachtaí Cúirte tionscanta ina leith d’fhonn an fiachas sin a aisghabháil ná ar chásanna ina bhfuil breith déanta cheana féin ina leith.

I gcás aon daoine aonair nó gnóthaí a bhfuil dliteanais cánach bhreise acu nach bhfuil dearbhaithe do na Coimisinéirí Ioncaim sa tuairisceán cánach cuí, mar gheall ar earráid nó easnamh, ní bheidh siad i dteideal buntáiste a bhaint as an scéim stórasaithe fiachais ná as an ráta laghdaithe úis 3% i ndáil leis na dliteanais bhreise sin má dhearbhaítear anois iad. Tá eolas i ndáil le féincheartú agus nochtadh cáilitheach neamhspreagtha a dhéanamh leagtha amach i gCaibidil 3 den Chód Cleachtais maidir le hIniúchtaí Cánach agus Idirghabhálacha Comhlíontachta Eile.

Information booklet on the warehousing of tax debts associated with Covid-19 and the reduced interest rate on other tax debts.

Brostú sealadach ar fhaoiseamh ó cháin chorparáide i leith caillteanais

I gcás cuideachtaí a bhí brabúsach roimhe seo agus a thabhaíonn caillteanais trádála i dtréimhsí cuntasaíochta buailte ag an bpaindéim COVID-19, féadann siad éileamh a dhéanamh ar fhaoiseamh brostaithe ó cháin chorparáide i leith caillteanais.

Ní fhéadtar éileamh a dhéanamh ar chaillteanais trádála a thabhairt siar in aghaidh brabús tréimhse cuntasaíochta roimhe, ach amháin tar éis dheireadh na tréimhse cuntasaíochta inar tabhaíodh an caillteanas agus tar éis tuairisceán cánach a thíolacadh i leith na tréimhse sin. I gcás cuideachtaí, áfach, a thabhaíonn nó atá ag súil leis go réasúnta go dtabhóidh siad caillteanais i ‘dtréimhse cuntasaíochta shonraithe’, is é sin tréimhse a fholaíonn cuid den tréimhse, nó an tréimhse uile ón 1 Márta 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020, beidh siad in ann éileamh eatramhach a dhéanamh chun suas le 50% de na caillteanais trádála mheasta a thabhairt siar. Féadtar é seo a dhéanamh chomh luath le 4 mhí tar éis thús na tréimhse sin agus beidh aisíocaíocht cánach corparáide ina thoradh air i gcás cáin chorparáide a íocadh sa tréimhse chuntasaíochta roimhe, é sin nó go laghdófar an tsuim chánach iníoctha i leith na tréimhse sin.

Beidh cuideachta in ann a éileamh eatramhach a athbhreithniú le linn na tréimhse cuntasaíochta sonraithe agus suas le 5 mhí tar éis dheireadh na tréimhse sin. Folaíonn sé seo an t-éileamh a mhéadú sa chás go measann an chuideachta go mbeidh a caillteanas trádála níos mó ná mar a bhíothas ag súil leis roimhe.

Chun bheith incháilithe éileamh eatramhach a dhéanamh, ní mór do chuideachta an méid seo a dhéanamh:

  • tuairisceán cánach a thíolacadh don tréimhse chuntasaíochta roimhe,
  • a bheith comhlíontach le gach dualgas faoin reachtaíocht chánach i ndáil le cánacha a íoc agus tuairisceáin a thíolacadh (i gcás cuideachtaí a bhaineann leas as stórasú fiachais agus/nó a aontaíonn socrú tráthíocaíochtaí d’fhiachas amuigh nach gcáilíonn don stórasú fiachais, caithfear leo amhail gur cuideachtaí iad a chomhlíon na dualgais íocaíochta a bhaineann le cáin clúdaithe ag na socruithe sin), agus
  • dearbhú a dhéanamh go bhfuil caillteanas trádála tabhaithe aici, é sin nó go bhfuiltear ag súil leis go réasúnta go dtabhófar ceann, sa tréimhse chuntasaíochta shonraithe.

Tá treoir bhreise ar an bhfaoiseamh brostaithe ó cháin chorparáide i leith caillteanais ar fáil - Tax & Duty Manual - Part 12-03-05.

Faoiseamh sealadach ó cháin ioncaim do dhaoine féinfhostaithe i mbun trádála nó gairme

I gcás daoine aonair féinfhostaithe a raibh a dtrádáil nó gairm brabúsach in 2019 ach a thabhaíonn caillteanais in 2020, féadann siad éileamh a dhéanamh na caillteanais sin agus liúntais chaipitiúla áirithe neamhúsáidte, a thabhairt siar agus a asbhaint óna mbrabús don bhliain chánach 2019.

Féadann daoine aonair an t-éileamh seo ar fhaoiseamh ó cháin ioncaim a dhéanamh ach a dtuairisceán canach Foirm 11 do 2019 a leasú. Tá teorainn €25,000 i bhfeidhm ar shuim iomlán na gcaillteanas agus na liúntas caipitiúil a fhéadann duine a thabhairt siar, agus tá teorainn bhreise i bhfeidhm sa chás go bhfuil duine aonair faoi réir an tSriain ar Shaothraithe Ardioncaim.

I gcás duine aonair a thabhaíonn, nó a bhfuiltear ag súil leis go réasúnta go dtabhóidh, caillteanas le linn 2020, féadann siad tráthúlacht an fhaoisimh ó cháin ioncaim a bhrostú ach éileamh eatramhach a dhéanamh bunaithe ar mheastachán ar shuim an fhaoisimh a bheidh ar fáil dó nó di. Beidh duine aonair in ann an t-éileamh eatramhach a athbhreithniú de réir mar a théann an bhliain ar aghaidh, lena n-áirítear an t-éileamh a mhéadú sa chás go meastar go mbeidh an caillteanas níos mó ná mar a bhíothas ag súil leis roimhe.

Chun bheith incháilithe éileamh eatramhach a dhéanamh, ní mór do dhuine aonair an méid seo a dhéanamh:

  • an Fhoirm 11 do 2019 a bheith tíolachta;
  • a bheith comhlíontach le gach dualgas faoin reachtaíocht chánach i ndáil le cánacha a íoc agus tuairisceáin a thíolacadh (i gcás daoine aonair a bhaineann leas as stórasú fiachais agus/nó a aontaíonn socrú tráthíocaíochtaí d’fhiachas amuigh nach gcáilíonn don stórasú fiachais, caithfear leo amhail gur daoine aonair iad a chomhlíon na dualgais íocaíochta a bhaineann le cáin clúdaithe ag na socruithe sin); agus
  • dearbhú a dhéanamh go bhfuil caillteanas tabhaithe aige nó aici, é sin nó go bhfuiltear ag súil leis go réasúnta go dtabhófar ceann, in 2020.

Chomh maith leis sin, tugtar foráil sna bearta seo do rogha d’fheirmeoirí éirí as meánú ioncaim don bhliain chánach 2020, d’ainneoin go bhféadfadh sé gur éirigh an feirmeoir as an meánú ioncaim chomh maith i gceann de na ceithre bliana cánach roimhe. Ciallaíonn sé seo go bhféadann feirmeoir roghnú cáin a íoc bunaithe ar na brabúis iarbhír do 2020, seachas ar na brabúis mheánaithe Féadann feirmeoir é seo a dhéanamh má bhí an brabús iarbhír don bhliain níos lú ná an meánbhrabús a ndéanfaí measúnú cánach air seachas sin. Sa chás go ndéanann feirmeoir roghnú den chineál sin, iarchuirtear an cháin dhlite ar an meánbhrabús a ngearrfaí cáin air in 2020.

Féadtar treoir bhreise ar:

Laghdú sa Ráta Caighdeánach CBL

Ón 1 Meán Fómhair 2020, beidh laghdú 6 mhí i bhfeidhm ar an ráta caighdeánach CBL, is é sin ó 23% go 21%.

Go hiondúil, tá earraí agus seirbhísí a sholáthraítear roimh an 1 Meán Fómhair 2020 faoi dhliteanas CBL ag an ráta i bhfeidhm ag tráth an tsoláthair, is é sin 23%. I gcás trádálaí a sholáthraíonn earraí agus seirbhísí do dhaoine príobháideacha, ba chóir dóibh i gcónaí CBL a ghearradh ag an ráta i bhfeidhm ag tráth an tsolátheir. Sa chás, áfach, go soláthraíonn trádálaí earraí agus seirbhísí i mí Lúnasa 2020 agus é de dhualgas ar an trádálaí sonrasc CBL a eisiúint, agus má eisíonn an trádálaí sin an sonrasc tar éis an 31 Lúnasa 2020, is é an ráta i bhfeidhm i mí Mheán Fómhair atá i bhfeidhm, is é sin 21%.

I gcás aon nóta creidmheasa nó fiachais CBL a bhaineann le soláthar earraí nó seirbhísí a bhfuil coigeartú CBL ann, ba chóir go dtaispeánfaí ann an CBL ag an ráta i bhfeidhm ag an tráth a eisíodh an sonrasc bunaidh. Mar shampla, má sholáthraítear earraí i mí Lúnasa 2020 agus má eisíodh nóta creidmheasa i mí Mheán Fómhair 2020 (mar gheall, b’fhéidir, ar choigeartú i bpraghas na n-earraí nó seirbhísí), is é 23% an ráta CBL ar an nóta creidmheasa sin. Tá sé seo amhlaidh mar gheall gur soláthraíodh na hearraí nó seirbhísí nuair bhí ráta CBL 23% ann.

Tá tuilleadh eolais mionsonraithe maidir leis na nósanna imeachta le leanúint ag trádálaithe atá cláraithe CBL nuair a tharlaíonn méaduithe nó laghduithe i rátaí CBL ar fáil ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim - VAT manual - Changes in rates of VAT.

Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (SFPF)

Tiocfaidh an SFPF in áit naScéime Fóirdheontais Shealadaigh Pá (SFSP) ón 1 Meán Fómhair 2020.

Cuireann an SFPF fóirdheontas cothromráta ar fáil d’fhostóirí cáilitheacha bunaithe ar líon na bhfostaithe íoctha agus incháilithe atá ar phárolla an fhostóra. Chun cáiliú don scéim, ní mór don fhostóir a bheith in ann an méid seo a léiriú:

  • go mbeidh laghdú 30% ar láimhdeachas nó orduithe a ngnó idir an 1 Iúil agus an 31 Nollaig 2020
  • agus
  • go bhfuil an cur isteach seo mar thoradh ar COVID-19.

Chomh maith leis sin, agus ar bhealach nach bhfuil cosúil leis an SFSP, ní mór deimhniú imréitigh cánach a bheith ag an bhfostóir le bheith incháilithe dul leis an SFPF agus fanacht de bheith glan ó thaobh cánach chun leanúint de bhuntáistí an SFPF a fháil. Ciallaíonn sé seo nach mór d’fhostóirí a bheith comhlíontach le gach dualgas faoin reachtaíocht chánach i ndáil le tuairisceáin a thíolacadh agus cánacha a íoc. Sa chás, áfach, go bhfuil fostóir ag baint leas as an stórasú fiachais agus/nó go n-aontaíonn socrú tráthíocaíochtaí d’fhiachas amuigh nach gcáilíonn don stórasú fiachais, meastar go bhfuil an fostóir sin comhlíontach agus dá réir cáileoidh le haghaidh deimhniú imréitigh cánach.

Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an scéim a riar ar bhonn ‘féinmheasúnaithe’ agus iarrtar ar fhostóirí athbhreithniú a dhéanamh ar an lá deireanach de gach mhí le cinntiú go leanann siad ar aghaidh de na critéir cháilitheachta thuas a chomhlíonadh. I gcás fostóirí, tar éis a athbhreithniú míosúil, a fhaigheann nach bhfuil siad incháilithe a thuilleadh, ba chóir dóibh díchlárú ón SFPF le héifeacht láithreach, is é sin ón 1ú lá den mhí ina dhiaidh sin.

Tá leibhéal an fhóirdheontais a gheobhaidh an fostóir in aghaidh gach fostaí a íoctar, leagtha amach sa tábla thíos agus beidh ráta ÁSPC Fostóra 0.5% i bhfeidhm i gcás fostaíochtaí atá incháilithe don fhóirdheontas.

Pá Comhlán Seachtainiúil an FhostaíFóirdheontas Iníoctha
Níos lú ná €151.50 Náid
Ó €151.50 go dtí €202.99 €151.50
Ó €203 go dtí €1,462 €203
Níos mó ná €1,462 Náid

Iarrfar ar fhostóirí Cáin Ioncaim, MSU agus ÁSPC Fostóra a asbhaint agus a íoc i leith gach íocaíocht a dhéantar faoin SFPF.

De réir an chleachtais idirnáisiúnta, foilseofar liosta fostóirí atá ag baint leasa as an SFPF in Eanáir 2021 agus Aibreán 2021 ar www.revenue.ie.

An SFPF a éileamh i leith daoine nuafhostaithe agus oibrithe séasúracha

Féadann fostóirí incháilithe éileamh a shiardhátú go dtí an 1 Iúil 2020 i gcás íocaíochtaí SFPF i ndáil le daoine nuafhostaithe agus oibrithe séasúracha, faoi réir eisceachtaí teoranta. Táthar ag súil leis go ndéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim íocaíochtaí i ndáil le mí Iúil agus mí Lúnasa i lár mhí Mheán Fómhair, agus dá éis sin déanfar íocaíochtaí i leith tréimhsí dá éis sin ar bhonn riaráistí míosúla. Beidh tuilleadh treorach agus eolais d’fhostóirí maidir leis an gcaoi le hiarratais a dhéanamh i leith daoine nuafhostaithe agus oibrithe séasúracha ar fáil an tseachtain seo chugainn.

Deimhniú Imréitigh Cánach

Is éard is Deimhniú Imréitigh Cánach ann ná deimhniú ó na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil cúrsaí canach an ghnó chuí in ord agus teastaíonn sé chun rochtain a fháil ar chuid de na bearta cánach a bhfuil achoimre orthu i bPacáiste Mhí Iúil do Spreagthaí Post, lena n-áirítear an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta agus an Tionscnamh Fan agus Caith.

Sa chás go ndéanann duine aonair nó gnó iarratas ar imréiteach cánach, déanann na Coimisinéirí Ioncaim athbhreithniú ar chúrsaí canach an duine aonair nó an ghnó sin agus ar chúrsaí cánach aon duine atá ceangailte leis an duine aonair nó gnó. Féadfaidh maoin, eintiteas nó duine a bheith mar duine bainteach. Féadtar tuilleadh eolais ar imréiteach cánach a fháil.

Féadtar cur isteach ar imréiteach cánach trí chóras leictreonach imréitigh canach na gCoimisinéirí Ioncaim (eTC), atá ar fáil ar ROS le haghaidh custaiméirí gnó. Tá deimhniú imréitigh cánach ar fáil i suíomhanna ina ndéantar stórasú ar fhiachais chánach amuigh (a bhaineann le COVID-19) nó sa chás go bhfolaítear fiachais nach mbaineann le COVID-19 i socrú tráthíocaíochtaí.

[Crioch 06/08/2020]