Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá COVID-19 – Nuashonrú Staitisticí

Ar an 24 Márta 2020, d’fhógair an Rialtas inniu go mbunófar Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá (SFSP) mar fhreagra ar thionchar geilleagrach na paindéime COVID-19. Faoin scéim seo, atá á hoibriú ag na Coimisinéirí Ioncaim, féadann fostaithe tacaíochtaí suntasacha Stáit a fháil trí phárolla a bhfostóirí i gcúinsí ina bhfuil tionchar ag an bpaindéim ar an bhfostóir.

D’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim réamhstaitisticí inniu (09/04/2020) bunaithe ar na chéad dhá sheachtain d’oibriú na scéime. Tá na preliminary statistics foilsithe ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim. Tá an méid seo a leanas i measc na bpríomhphíosaí faisnéise atá le feiceáil i staitisticí an lae inniu:

  • Tá breis agus 41,000 fostóirí cláraithe leis na Coimisinéirí Ioncaim le haghaidh an SFSP.
  • Tá breis agus 26,200 fostóirí tar éis aisíocaíocht a fháil cheana féin faoin SFSP.
  • Tá breis agus 219,400 fostaithe tar éis íocaíocht amháin ar a laghad a fháil faoin SFSP, agus díobh sin tá timpeall 80% tar éis íocaíocht bhreisithe a fháil óna bhfostóirí.
  • Is ionann agus beagnach €155 milliún* agus luach na n-íocaíochtaí a rinneadh faoin scéim.
  • San áireamh leis seo tá €14.8 milliún* in aisíocaíochtaí cánach agus/nó MSU a rinneadh fostóirí lena bhfostaithe tríd an bpárolla.

* bunaithe ar shonraí go dtí an 9 Aibreán 2020.

Chun íocaíochtaí a fháil faoin scéim, iarrtar ar fhostóirí Cuntas Bainc Aisíocaíochta ainmnithe a shocrú suas ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Cé go bhfuil Cuntas Bainc Aisíocaíochtaí socraithe suas ag an gcuid is mó d’fhostóirí, dheimhnigh na Coimisinéirí Ioncaim inniu (09/04/2020) nach bhfuil siad in ann breis agus €2.7 milliún a íoc le tuairim agus 570 fostóirí le haghaidh íocaíochtaí a rinne siad faoin scéim mar gheall nár cuireadh sonraí a gcuntais bainc ainmnithe ar fáil.

Tá na Coimisinéirí Ioncaim ag tarraingt aird fostóirí atá ag fanacht ar íocaíocht ó na Coimisinéirí Ioncaim faoi láthair, ar an tábhacht seiceáil a dhéanamh go bhfuil Cuntas Bainc Aisíocaíochta ainmnithe socraithe suas acu in ROS. Féadtar Sonraí faoin gcaoi le Cuntas Bainc Aisíocaíochta a shocrú suas a fháil ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ar deireadh, dheimhnigh na Coimisinéirí Ioncaim go ndéanfar na sonraí staitistiúla faoin SFSP a nuashonrú agus a fhoilsiú ar bhonn rialta.

[Críoch 09/04/2020]