Tuarascáil Bhliantúil 2019 foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim

Inniu (25/06/2020), d’fhógair na Coimisinéirí Ioncaim fhoilsiú Thuarascáil Bhliantúil 2019.

Tá tionchar mór imeartha ag an bpaindéim COVID-19 ar thírdhreach eacnamaíoch na hÉireann, agus is mór idir an timpeallacht ghnó atá ann faoi láthair i gcomparáid le 2019. Cé gurbh é príomhéachtaí agus feidhmíocht na gCoimisinéirí Ioncaim don bhliain seo caite an príomhfhócas sa Tuarascáil Bhliantúil, tugtar achoimre ann ar na dúshláin a bhí chun tosaigh sa chéad leath de 2020 freisin.

Chomh maith le Tuarascáil Bhliantúil 2019, tá roinnt tuarascálacha eile á fhoilsiú ag na Coimisinéirí Ioncaim inniu ina n-áirítear:

Ag trácht ar fhoilseacháin an lae inniu, dúirt Cathaoirleach na gCoimisinéirí Ioncaim, Niall Cody, go bhfuil sé i gcomhthéacs cúinsí fíor-eisceachtúla mar gheall ar ghéarchéim COVID-19 atá na Coimisinéirí Ioncaim ag foilsiú Thuarascáil Bhliantúil 2019 inniu. Dúirt sé:

“Chruthaigh agus cruthaíonn an phaindéim fós dúshláin shuntasacha don gheilleagar, do ghnóthaí agus d’oibrithe, agus tá tionchar aige freisin ar príomh-eilimintí ról na gCoimisinéirí Ioncaim mar chóras riartha cánach agus custam. Is é tosaíocht na gCoimisinéirí Ioncaim le linn na géarchéime atá fós ag dul ar aghaidh ná sláinte ár bhfoirne agus a dteaghlach a chosaint agus leanúint ar aghaidh de sheirbhísí riachtanacha de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim a chur ar fáil agus ár ról a imirt chun tacú le seirbhísí poiblí criticiúla eile a chur ar fáil chun dul i ngleic leis an bpaindéim agus chun an damáiste don gheilleagar náisiúnta a mhaolú. Tá oiriúnú maith déanta againn le cinntiú go leantar dár bhfeidhmeanna criticiúla gnó a sholáthar agus go bhfeidhmítear tionscnaimh nua, agus ag an am céanna obair a dhéanamh ar bhealaí nua.”

Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá

Ar an 24 Márta 2020, d’fhógair an Rialtas raon beart chun tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do ghnóthaí agus oibrithe buailte ag géarchéim COVID-19. Mar chuid de na bearta seo, tá Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá (SFSP) á riar ag na Coimisinéirí Ioncaim.

Maidir leis an SFSP, dúirt an tUasal Cody

“Mar thoradh ar ár n-infheistíocht sa tuairisciú fíorama ar phárolla (Nua-Aoisiú ÍMAT), taobh istigh de chreat ama fíorghairid agus ag tógáil ar na sonraí a tuairiscíodh do na Coimisinéirí Ioncaim trí thuairisciú fíorama ar phárolla, rinne muid athchóiriú ar ár gcórais próiseála gnó ÍMAT ó chóras inar díríodh ar an gcáin cheart ag an am ceart go córas atá in ann tacaíocht chriticiúil airgeadais a chur ar fáil freisin d’fhostóirí agus d’fhostaithe i bhfíoram.”

Dúirt an t-Uasal Cody freisin gurbh é

“tosaíocht na gCoimisinéirí Ioncaim tús áite a thabhairt d’fhostóirí incháilithe a raibh cur isteach diúltach suntasach geilleagrach ar a gcuid gnó mar thoradh ar phaindéim COVID-19, go mbeadh siad in ann clárú agus íocaíocht a fháil chomh tapa agus ab fhéidir.”

Ar an 25 Meitheamh 2020, bhí breis agus 62,800 fostóir cláraithe don SFSP agus meastar go bhfuair 405,000 fostaí tacaíocht ón scéim tar éis fóirdheontas a fháil ina dtréimhse pá is déanaí. Is ionann beagnach €1.7 billiún agus luach carnach na n-íocaíochtaí a rinneadh le fostóirí faoin scéim.

Níos túisce an mhí seo, d’fhógair an tAire Airgeadais, Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe T.D., go gcuirfí síneadh leis an SFSP.  Dá réir, leanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim den scéim a riar go dtí an 31 Lúnasa 2020, agus déanfaidh athchúitimh le fostóirí i leith shuimeanna an fhóirdheontais a íoctar le fostaithe incháilithe agus a gcuirtear na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas ina leith tríd an bpróiseas párolla. Nuair a thosaíonn cúrsaí gnó de theacht ar ais chuige féin ó thionchair na paindéime agus nuair a ardaítear pá fostaithe, beidh íocaíochtaí SFSP faoi réir córas cisealaithe agus barrchaolaithe.

Dheimhnigh an Cathaoirleach freisin,

“an tseachtain seo, tá tús curtha againn le teagmháil a dhéanamh le fostóirí a fuair íocaíochtaí fóirdheontais faoin SFSP, le deimhniú go bhfuil an scéim ag feidhmiú i gceart. Mairfidh an clár seo go ceann roinnt míonna agus tá Oifig na Coimisinéirí Ioncaim ag súil leis go mbeidh sé in ann dearbhú a thabhairt go bhfuil an mhórchuid mó na bhfostóirí go hiomlán comhlíontach i bhfeidhmiú an SFSP, agus go dtugtar na híocaíochtaí fóirdheontais ina n-iomláine d’fhostaithe".

Tacaíocht Sreafa Airgid agus Stórasú Fiachais

Ag trácht ar thacaíocht na gCoimisinéirí Ioncaim do ghnóthaí le linn na géarchéime COVID-19, dúirt an tUasal Cody

“tá réimse gníomh déanta againn chun cabhrú le gnóthaí a bhfuil deacrachtaí sreafa airgid agus trádála acu, agus gníomhaíochtaí curtha ar fionraí, lena n-áirítear bailiú fiachas agus gearradh úis ar íocaíochtaí déanacha i leith na dtréimhsí CBL a chlúdaíonn an chéad sé mhí de 2020, chomh maith le dliteanais ÍMAT (fostóra) Feabhra, Mhárta, Aibreáin, Bealtaine agus an Mheithimh. Tá na íocaíochtaí iarchurtha seo, arb ionann iad agus €1.5 billiún suas le deireadh mhí na Bealtaine, ina dtacaíocht ríthábhachtach leachtachta d’fhiontair FBM (tugtha go huathoibríoch) agus do ghnóthaí móra (ar iarratas) buailte go dona ag COVID-19.”

Faoin socrú stórasaithe fiachais, a d’fhógair an Rialtas ar an 2 Bealtaine 2020, déanfar stórasú fiachais ar feadh tréimhse 12 mhí ar dhliteanais CBL agus ÍMAT (fostóra) a iarchuirtear le linn do ghnó gan a bheith in ann trádáil a dhéanamh nó le linn do ghnó a bheith faoi réir trádáil shrianta de bharr srianta leighis a bhaineann le COVID-19, chomh maith le fiachais le haghaidh dhá mhí bhreise tar éis don ghnó ‘gnáth-thrádáil’ a thosú arís. Le linn na tréimhse sin, ní thiocfaidh aon ús aníos i leith an fhiachais nár íocadh agus ag deireadh na tréimhse stórasaithe 12 mhí, feidhmeofar ráta laghdaithe úis 3% ar an bhfiachas go dtí go n-íoctar é, agus féadtar é seo a dhéanamh thar thréimhse sínte ama ach é a chomhaontú leis na Coimisinéirí Ioncaim. Tá comparáid idir seo agus an ráta 10% sa bhliain a ghearrtar faoi láthair ar fhiachais cánach amuigh CBL agus ÍMAT (fostóra).

Dheimhnigh an tUasal Cody, maidir le gnóthaí ar mian leo leas a bhaint as an socrú stórasaithe fiachais

“go mbeidh gá leis an bhfiachas cánach a chainníochtú trí na tuairisceáin chuí i leith na tréimhse srianta trádála a thíolacadh, chomh maith le tuairisceáin eile a d’fhéadfadh a bheith amuigh i ndáil le cánacha eile. Má tá tuairisceán den mheastachán is fearr ar dhliteanas déanta i leith aon tréimhse, ní mór an tuairisceán ceart a thíolacadh le cinntiú go mbeidh buntáiste le fáil as an socrú stórasaithe fiachais.”

Dheimhnigh an tUasal Cody go bhfuil an socrú stórasaithe fiachais á oibriú ag na Coimisinéirí Ioncaim ar bhonn riaracháin go dtí go reachtaítear an reachtaíocht chuí.

Athbreithniú ar 2019

In 2019, bhailigh na Coimisinéirí Ioncaim glanfháltais de €84.2 billiún ar an iomlán, lena n-áirítear beagnach €16 billiún i bhFáltais neamh-Státchiste thar ceann Ranna agus Gníomhaireachtaí eile Rialtais. Tháinig méadú 6.7% nó €3.7 billiún ar ghlanfháltais an Státchiste de €58.3 billiún in 2018, agus d’eascair na fáltais chánach is mó ó Cháin Ioncaim (39% nó €22.9 billiún), CBL (26% nó €15.1 billiún) agus Cáin Chorparáide (19% nó €10.9 billiún).

Bhí leibhéal ard comhlíontachta saorálaí in am is i dtráth le brath ar fud na gceannteideal cánach. Bhí rátaí comhlíontachta in am in 2019 os cionn 98% i leith cásanna móra agus meánmhéide agus 91% i leith gach cás eile. Ba é 97% an ráta comhlíontachta Cánach Maoine Áitiúil.

In 2019, bhí an méid seo i measc na bpríomhghnéithe d’fheidhmíocht na gCoimisinéirí Ioncaim:

  • An nua-aoisiú ar an gcóras ÍMAT, go háirithe faisnéis párolla á fáil i bhfíoram, rud a chumasaigh go mbaileofaí an cháin cheart ag an am ceart agus go gcuirfí breis seirbhísí ar líne ar fáil do cháiníocóirí ÍMAT in moChúrsaí.
  • Lainseáil ár bhfeidhmchlár Seirbhísí Bainistithe Fiachais, a chuireann seirbhís éifeachtúil, sholúbtha ar fáil chun tacú le gnóthaí inmharthana a bhfuil deacrachtaí íoca cánach acu.
  • Leanúint ar aghaidh le pleanáil fhairsing, mhionsonraithe ullmhachta agus teagmhasachta don Bhreatimeacht, agus bhí muid i dteagmháil ghníomhach leis na Ranna agus gníomhaireachtaí Rialtais cuí uile, agus le breis agus 100,000 gnó.
  • Níos mó ná 566,000 idirghabháil comhlíontachta curtha i gcrích, le toradh €548 milliún in ús cánach agus i bpionós.
  • Ag socrú 127 cás seachanta canach le toradh €129 milliún i gcáin, ús agus pionóis.
  • Gníomh leanúnach i gcoinne calaois fhioscach agus smuigleáil mar is léir ó ghabháil drugaí mídhleathacha ar luach os cionn €23.5 milliún agus táirgí tobac aindleathacha ar luach níos mó ná €10.6 milliún.

Le linn 2019, lean Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim d’fhorbairt a dhéanamh ar a chuid struchtúr le cinntiú go n-ailínítear acmhainní le riosca, agus go gcuirtear seirbhís ar ardchaighdeán ar fáil chun tacú le comhlíontacht shaorálach.

Ag Féachaint Chun Cinn

Ag féachaint don todhchaí, dúirt an t-Uasal Cody go bhfuil bailiú cánacha agus dleachtanna fós mar phríomhfheidhm ag na Coimisinéirí Ioncaim. Dúirt sé:

“Tá béim shoiléir agus creat oibre ar fáil inár Ráiteas Straitéise 2020–2022 chun ár n-aidhmeanna agus cuspóirí a chinneadh agus a bhaint amach do na chéad trí bliana eile, fiú i gcomhthéacs na timpeallachta geilleagraí agus gnó a bhfuil athrú suntasach tagtha uirthi.”
"Leanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim de bheith ag obair i ndlúthchomhar leis an Aire Airgeadais agus lena Roinn i bhforbairt agus i bhfeidhmiú beart a thacaíonn le cumas gnóthaí dul i mbun trádála arís, le cinntiú go mbailítear na cánacha agus dleachtanna atá dlite don Stát agus le bheith ina chabhair don téarnamh ginearálta náisiúnta.”

Maidir le himeacht na Ríochta Aontaithe ón AE, dúirt an tUasal Cody:

“Tá na Coimisinéirí Ioncaim fós ag díriú go láidir ar thacú agus ar chabhrú le gnóthaí a bheith réidh do na hathruithe agus na tionchair shuntasacha a bhainfidh le himeacht na Ríochta Aontaithe ón AE, rud atá le teacht i bhfeidhm ina iomláine i gceann sé mhí. Is gá go mór do ghnóthaí cinntiú go mbaineann siad úsáid as an tréimhse ghairid ama atá fós ar fáil roimh dheireadh na bliana le bheith réidh don athrú seo.”

Mar chlabhsúr, ghabh an tUasal Cody buíochas, thar ceann Bhord na gCoimisinéirí Ioncaim, le foireann uile na gCoimisinéirí Ioncaim as ucht a ngairmiúlacht agus a ndúthracht, go háirithe le linn na tréimhse seo ina bhfuil dúshláin nach bhfacthas riamh.

“Is mar gheall ar dhúthracht daoine na Coimisinéirí Ioncaim agus a gcumas iad féin a oiriúnú go sciobtha agus go héifeachtach i leith athruithe agus solúbthacht ár gcóras, atá na Coimisinéirí Ioncaim rathúil go leanúnach ó thaobh ár misean a bhaint amach agus an ról a imríonn muid chun tacú le seirbhísí criticiúla poiblí a chur ar fáil chun an phaindéim a chomhrac agus an damáiste don gheilleagar náisiúnta a mhaolú.”

[Críoch 25/06/2020]

Tuarascáil Bhliantúil don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2019.