Tuarascáil Bhliantúil 2020 foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim

Inniu (28/04/2021), d’fhógair na Coimisinéirí Ioncaim fhoilsiú Thuarascáil Bhliantúil 2020.

Léiríonn an tuarascáil bliain gan fasach do na Coimisinéirí Ioncaim. In ainneoin na ndúshlán agus na dtionchar a thugann paindéim dhomhanda, lean na Coimisinéirí Ioncam orthu lena gcuid oibre criticiúla cánacha gus dleachtanna a bhailiú a thacaíonn le cumas an Rialtais seirbhísí poiblí ríthábhachtacha a mhaoiniú agus tacú leo. Bhí ról lárnach ag na Coimisinéirí Ioncaim freisin i bpríomhthacaíochtaí gnó a sheachadadh mar chuid den fhreagra náisiúnta do phaindéim COVID-19 agus leis na hullmhúcháin le haghaidh an Bhreatimeachta do tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón AE ar an 31 Nollaig 2020.

Chomh maith le Tuarascáil Bhliantúil 2020, tá roinnt tuarascálacha eile á bhfoilsiú ag na Coimisinéirí Ioncaim inniu lena n-áirítear:

Ag trácht ar fhoilseacháin an lae inniu, dúirt Cathaoirleach na gCoimisinéirí Ioncaim, Niall Cody, gurb i gcomhthéacs cur isteach agus éiginnteacht leanúnach mar thoradh ar ghéarchéim COVID-19 atá na Coimisinéirí Ioncaim ag foilsiú Thuarascáil Bhliantúil 2020 inniu. Dúirt sé: 

'Chruthaigh agus cruthaíonn an phaindéim fós dúshláin shuntasacha don gheilleagar, do ghnóthaí agus d’oibrithe, agus do na Coimisinéirí Ioncaim mar chóras riartha cánach agus custam. Mar eagraíocht, chuir acmhainneacht, sofhreagrúlacht agus nuálaíocht ár ndaoine ar ár gcumas freastal ar na dúshláin a tháinig chun cinn le linn 2020. Lean muid orainn ag seachadadh ár gcroí-oibre, ag bailiú fáltais chomhlána de bhreis agus €82 billiún, lena n-áirítear os cionn €15 billiún thar ceann Ranna agus Gníomhaireachtaí eile Rialtais. Ba é €56 billiún glanfháltais an Státchiste, laghdú de 3.6% nó €2.1 billiún ar 2019. Cothaíodh leibhéal láidir comhlíontachta cánach agus ní raibh ach laghdú measartha imeallach i gceist i gcomparáid le 2019. Léiríonn sé seo an rannpháirtíocht dhearfach a bhí ag gnóthaí daoine aonair agus cleachtóirí cánach le linn 2020, in ainneoin na ndúshlán a bhí roimh an tír.' 

Freagra do COVID-19

Ag trácht ar ionchur na gCoimisinéirí Ioncaim don fhreagra náisiúnta ar phaindéim COVID-19, dúirt an tUasal Cody an méid seo:

'Ó mhí an Mhárta na bliana seo caite, bhí agus tá fós ról lárnach ag na Coimisinéirí Ioncaim i seachadadh tacaíochtaí criticiúla Rialtais do ghnóthaí a mbíonn tionchar ag an bpaindéim orthu, a chabhraíonn le beatha agus slite beatha a chosaint agus damáiste don gheilleagar náisiúnta a mhaolú.  Rinneamar na príomhscéimeanna tacaíochta gnó seo a fhorbairt agus a sheachadadh ar lánluas, go minic taobh istigh de laethanta ó fógraíodh iad, ag athchóiriú ár gcóras atá deartha go príomha chun cáin a bhailiú chun airgead a íoc le gnóthaí buailte. 

Chomh maith leis na sonraí atá leagtha amach inár dTuarascáil Bhliantúil, tá muid ag foilsiú tuarascála inniu a thugann léargas mionsonraithe staitistiúil ar na tacaíochtaí COVID a bhí á riar againn le bliain anuas. Chuir an Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá breis agus €2.8 billiún ar fáil mar thacaíocht do 66,600 fostóirí i ndáil le breis agus 664,500 fostaithe idir an 26 Márta agus an 31 Lúnasa 2020. D'íoc an scéim a tháinig ina háit, an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta, breis agus €2.6 billiún do bhreis agus 48,400 fostóir incháilithe i leith 546,300 fostaí go dtí deireadh ráithe 1 de 2021. De bhreis air sin, tarscaoileadh €437 milliún in ÁSPC fostóra mar gheall ar an ráta laghdaithe ÁSPC ar phá a íocadh.

Íocadh €423 milliún san iomlán in íocaíochtaí STSC le 21,800 gnó i ndáil le 24,100 áitreabh gnó suas le deireadh ráithe 1 de 2021 agus rinneadh stórasú ar €2.3 billiún i bhfiachas cánach do bhreis agus 80,000 gnó.

Maidir le stórasú fiachais, tá sé tábhachtach go leanann gnóthaí orthu ag tíolacadh a gcuid tuairisceán chun go leanann siad de bheith incháilithe le haghaidh stórasaithe. Agus cé go ndearnadh roinnt tráchtaireachta nach raibh an scéim ar fáil a thuilleadh, ba mhaith liom a chinntiú do ghnóthaí, a bhfuil srianta ó ghnáth-thrádáil orthu fós, go leanann an scéim stórasú fiachais de bheith ar fáil dóibh. Maidir le gnóthaí a thíolaic tuairisceáin agus a ndearnadh stórasú ar a bhfiachais i gceart, tabharfaidh muid comhairle dóibh ina n-aonar maidir le cén uair a thiocfaidh deireadh lena dtréimhse stórasaithe. Tá sé tábhachtach a thabhairt do d’aire go mbaineann ráta úis nialais leis an bhfiachas ar feadh bliana nuair a thiocfaidh deireadh leis an tréimhse seo agus a beidh ráta 3% infheidhmithe ina dhiaidh sin. Ba mhian liom a dhearbhú do ghnóthaí go nglacfaimid cur chuige atá oiriúnach do gach gnó faoi leith maidir le socrú fiachais a thacóidh le gnóthaí inmharthana teacht ar ais ó thionchar eacnamaíoch diúltach na paindéime.'

Breatimeacht

In ainneoin dhúshláin COVID-19, lean na Coimisinéirí Ioncam lena n-ullmhúcháin don Bhreatimeacht ar gach taobh i rith 2020. Ag trácht dó ar fhócas leanúnach na gCoimisinéirí Ioncaim ar chabhrú le gnóthaí i leith an Breatimeachta, dúirt an Coimisinéir Ioncaim agus Ard-Stiúrthóir Custaim, Gerry Harrahill:

'Tá ceithre mhí caite anois ó tugadh éifeacht iomlán do tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón AE. Mar thoradh díreach air seo, tá athrú déanta don timpeallacht trádála idir Éire agus an Bhreatain Mhór nach bhféadtar dul siar air. Caitear leis an mBreatain Mhór anois mar thríú tír chun críocha trádála, baineann foirmiúlachtaí Custam agus riachtanais eile rialacháin le hearraí a bhogtar ó, chuig agus tríd an mBreatain Mhór. Leis seo, cuireadh deireadh leis an trádáil réidh a raibh muid cleachta leis le blianta. Aithníonn muid gurb ionann an t-athrú suntasach agus buan seo sna socruithe trádála leis an mBreatain Mhór agus an t-athrú is mó do lucht trádála agus gnó le beagnach 30 bliain anuas ó cruthaíodh Margadh Aonair an AE. 

Le linn 2020, thug muid faoi raon tionscnamh agus idirghníomhaithe chun cabhrú le lucht trádála agus gnó tuiscint a fháil ar na hathruithe a thiocfadh as an Breatimeacht agus na socruithe riachtanacha a dhéanamh chun bheith in ann déileáil leis na hathruithe sin. Lenár Seirbhís Custam Ró-Ró, déantar optamú ar ghluaiseacht éifeachtúil, agus nuair is gá, rialú earraí agus feithiclí nuair a bhogtar iad le bád farantóireachta idir Éire agus an Bhreatain Mhór. D'oibrigh muid chun ár n-ullmhacht oibríochtúil féin a chinntiú, baill foirne breise a earcú agus a oiliúint chun róil a bhaineann leis an mBreatimeacht a dhéanamh, ag críochnú obair shuntasach chun acmhainn ár gcórais TF a mhéadú chun freastal ar an méadú iarmhartach ar dhearbhuithe custam ag teacht aníos mar thoradh ar an mBreatimeacht agus líne chabhrach custam 24/7 a bhunú chun cabhrú le ceisteanna ó lucht trádála agus gnó maidir le himréiteach custam agus rialuithe ar iompórtáil agus easpórtáil.  

Le himeacht ama, éireoidh iompórtálaithe, oifigigh iompair agus tiománaithe trucailí de bheith cleachta le déileáil leis na foirmiúlachtaí Custam agus foirmiúlachtaí eile rialúcháin a bhaineann anois le hearraí a bhogadh, chuig, ó nó tríd an mBreatain Mhór. Tá muid ag leanúint de thacú le lucht trádála agus gnó le dul i dtaithí ar na foirmiúlachtaí nua seo agus deacrachtaí sonracha aonair a réiteach.'

In 2020, bhí an méid seo freisin i measc na bpríomhghnéithe d’fheidhmíocht na gCoimisinéirí Ioncaim: 

Chomh maith le tacaíochtaí criticiúla Rialtais a sholáthar do ghnólachtaí le linn 2020, bhí an méid seo a leanas i measc na phríomhghnéithe eile d’fheidhmíocht na gCoimisinéirí Ioncaim: 

  • feabhsú leanúnach ar sheirbhísí digiteacha ar líne chun cáiníocóirí agus do ghníomhairí cánach a chur ar a gcumas féinfhreastail a dhéanamh ar an méid agus is féidir, lena n-áirítear feidhm ‘rianaigh m’fhiosrú’ in M’Fhiosruithe, aip mhóibíleach nua, Rianaire Admhálacha na gCoimisinéirí Ioncaim, agus Foirm SA.2 um Ráiteas Cúrsaí (Probháid) ar líne nua., deartha agus seachadta i gcomhoibriú leis an tSeirbhís Chúirteanna
  • 68% níos mó fiosruithe ó cháiníocóirí a cuireadh isteach le M’Fhiosruithe próiseáilte i gcomparáid le 2019, agus críochnaíodh 72% de gach fiosrú i gcrích taobh istigh de 5 lá
  • breis agus 595,100 idirghabháil comhlíontachta curtha i gcrích, le toradh €487 milliún in ús cánach agus i bpionós
  • comhaontaíodh socraíochtaí cánach, ar luach €51.4 milliún iad, le 109 cáiníocóirí a foilsíodh mar mhainnitheoirí cánach
  • gníomh leanúnach i gcoinne calaois fhioscach agus smuigleáil mar is léir ó ghabháil drugaí mídhleathacha ar luach os cionn €45 milliún agus táirgí tobac aindleathacha ar luach níos mó ná €37 milliún. 

Ag trácht dó ar fheidhmíocht fhoriomlán na gCoimisinéirí Ioncaim in 2020, dúirt an Coimisinéir Ioncaim, Michael Gladney: 

'Ba iad ár mbaill foirne a chuir ar ár gcumas déileáil go rathúil leis na dúshláin a thit amach le linn na bliana. Chuir muid tacaíochtaí criticiúla Rialtais ar fáil agus chuir muid feidhmíocht an-láidir ar fáil inár gcláir oibre go léir in ainneoin gur ghá dúinn, beagnach thar oíche, dul i dtaithí ar thimpeallacht oibre a bhí á feidhmiú ó chian den chuid is mó. Chomh maith lenár gcroí-ghnó a chur ar fáil, d’oibrigh mórán dár mbaill foirne ar ghnéithe eile den fhreagra náisiúnta do COVID-19 a bhí taobh amuigh de shainchúram díreach na gCoimisinéirí Ioncaim, lena n-áirítear iad siúd ag tacú le clár rianaithe teagmhálacha an FSS. Tá muid fíorbhródúil as an gcaoi ar fhreagair ár mbaill foirne do na dúshláin a chuir paindéim COVID-19 romhainn.' 

Ag féachaint chun cinn 

Ag féachaint don todhchaí, dúirt an t-Uasal Cody go bhfuil bailiú cánacha agus dleachtanna fós mar phríomhfheidhm ag na Coimisinéirí Ioncaim. Dúirt sé: 

'Leagann ár Ráiteas Straitéise 2021–2023 fócas soiléir ar ár gcuspóirí agus ár dtosaíochtaí do na trí bliana amach anseo, fiú amháin i gcomhthéacs chúlra na héiginnteachta leanúnaí gnó agus eacnamaíochta cruthaithe ag paindéim COVID-19.  

I mbliana, leanfaidh muid orainn ag riaradh agus ag maoirsiú na scéimeanna tacaíochta gnó agus na bhforálacha eile a thug an Rialtas isteach mar fhreagra ar COVID-19. Coinneoidh muid ár bhfócas ar leanúint ar aghaidh ag feabhsú ár múnla seirbhíse maidir le comhlíontacht agus comhlíontacht in am a uasmhéadú trí fheabhas a chur ar ár rannpháirtíocht fíor-ama agus freagra do riosca.   

Leanfaidh muid freisin de thacú leis an Roinn Airgeadais i ndáil leis an gclár oibre cánach idirnáisiúnta síorathraitheach agus casta.  

Faoi dheireadh, beidh sábháilteacht agus folláine ár bhfoireann agus a dteaghlach mar thosaíocht againn i gcónaí. Is mar gheall ar dhúthracht, solúbthacht agus díograis ár mball foirne atá ag éirí linn i gcónaí ár gcuspóirí agus spriocanna lárnacha a bhaint amach agus ár bpáirt a ghlacadh sa soláthar tacaíochtaí riachtanacha do ghnóthaí buailte ag an bpaindéim. Gabhaim buíochas le gach duine acu thar ceann Bord na gCoimisinéirí Ioncaim as a ndúthracht, gairmiúlacht agus acmhainneacht dhílis.' 

{Críoch 28/04/2021}