Tuarascáil Bhliantúil 2021 foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim

Inniu (11/05/2022), d’fhógair na Coimisinéirí Ioncaim fhoilsiú Thuarascáil Bhliantúil 2021. 

Léiríonn an tuarascáil bliain eisceachtúil do na Coimisinéirí Ioncaim. I bhfianaise timpeallacht trádála idir Éire agus an Bhreatain Mhór atá athraithe ó bhonn, agus na mórshuaití eacnamaíocha agus sóisialta leanúnaigh a bhaineann leis an bpaindéim Covid-19, bhailigh na Coimisinéirí Ioncaim an tsuim is mó cánach agus dleachta in 2021 ná mar a bailíodh riamh. Chomh maith leis sin, chuir na Coimisinéirí Ioncaim bearta riachtanacha i bhfeidhm chun na hathurithe don Cháin Mhaoine Áitiúil don tréimhse luachála a thosaigh ar an 1 Samhain seo caite a riar go héifeachtach, agus leanadar de ról suntasach a bheith acu príomhthacaíochtaí Rialtais a chur ar fáil do ghnóthaí mar chuid den fhreagra náisiúnta do phaindéim Covid-19.

Chomh maith le Tuarascáil Bhliantúil 2021, tá roinnt tuarascálacha eile foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim inniu, lena n-áirítear tuarascálacha taighde ar Cháin Chorparáide, Cáin Ioncaim, CBL agus CCF, achoimrí ar an gClár Náisiúnta um Shampláil Randamach d’Ola Mianraí Marcáilte i leith táirgí ola mianraí marcáilte agus torthaí an tSuirbhé Taighde ar Tháirgí Tobac 2021. 

Ag trácht ar fhoilseacháin an lae inniu, dúirt Cathaoirleach na gCoimisinéirí Ioncaim, Niall Cody:

“Bhailigh na Coimisinéirí Ioncaim iomlán de bheagnach €96.6 billiún i bhfáltais chomhlána, lena n-áirítear €17.5 billiún i bhFáltais Neamh-Státchiste a bailíodh thar ceann Ranna agus Gníomhaireachtaí eile Rialtais agus Ballstáit AE. Tháinig méadú 20% nó €11.3 billiún ar ghlanfháltais an Státchiste i gcomparáid le 2020. 

In ainneoin na ndeacrachtaí agus an neamhchinnteacht a bhaineann le timpeallachtaí gnó siar-athraitheacha agus, i roinnt cásanna, a timpeallachtaí gnó a athraíonn  go tapa, d’fhan rátaí comhlíontachta in am do 2021 láidir thar gach ceannteideal cánach. Is fianaise é seo den tábhacht aitheanta a bhaineann le comhlíontacht in am cánach agus dleachta ag an tsochaí go ginearálta. Léiríonn sé chomh maith an rannpháirtíocht dhearfach ag gnóthaí, cáiníocóirí aonair agus cleachtóirí cánach le linn na bliana agus a gcion don chultúr leanúnach comhlíontachta saorálaí, in ainneoin na ndeacrachtaí a bhí ag roinnt daoine.”

Imeacht na Ríochta Aontaithe ón AE

Tá breis is bliain caite anois ó tugadh éifeacht iomlán do tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón AE. Ag trácht ar na tionchair phraiticiúla a ghabhann leis an Ríocht Aontaithe a bheith taobh amuigh d’Aontas Custam agus Margadh Singil an AE, dúirt an Coimisinéir Ioncaim agus Ard-Stiúrthóir Custam, Gerry Harrahill:

“Ón 1 Eanáir 2021, tá trádáil leis an Ríocht Aontaithe á rialú ag na téarmaí a comhaontaíodh sa Chomhaontú Trádála agus Comhair AE-Ríocht Aontaithe. Ciallaíonn sé seo go bhfuil earraí a bhog go saor idir Éire agus an Bhreatain Mhór tráth dá raibh faoi réir foirmiúlachtaí Custam anois. Is ionann an t-athrú suntasach buan seo ar shocruithe trádála lenár gcomharsa is gaire dúinn agus an t-athrú is mó ar thrádáil, ar ghnó agus ar Ghníomhaireachtaí Stáit ó cruthaíodh Margadh Aonair an AE 30 bliain ó shin.

Níl aon amhras ach go raibh an chéad ráithe de 2021 thar a bheith dúshlánach do na geallsealbhóirí go léir, lena n-áirítear muid féin agus na Gníomhaireachtaí agus na Ranna Stáit eile, an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus an FSS, agus muid ag plé leis na dúshláin phraiticiúla agus laethúla a tháinig chun cinn mar gheall ar imeacht na Ríochta Aontaithe ón AE. Bhí ár gcur chuige maidir le dul i ngleic leis na dúshláin go léir comhoibríoch agus dírithe ar réitigh agus chuimsigh sé rannpháirtíocht shuntasach le príomhghrúpaí geallsealbhóirí agus gnólachtaí aonair. Chuir na léargais luachmhara a fuaireamar ónár rannpháirtíocht dhian le gnólachtaí agus comhlachtaí ionadaíocha trádála ar ár gcumas leis na Gníomhaireachtaí Stáit eile próisis a chuíchóiriú agus ár seirbhísí a fheabhsú.

In 2021, rinneamar próiseáil ar 29.8 milliún dearbhú custaim a sáraíodh riamh, agus ba dhearbhuithe iompórtála 27.1 milliún díobh. I gcomparáid leis seo, próiseáladh beagán de bhreis ar 1 milliún dearbhú iompórtála in 2020. Ba phríomhtháscaire é ar ár rath agus ar bhuntáistí an chomhoibrithe le gnóthaí ná, i ndáil le gluaiseachtaí feithicil lastais, gur tugadh an bealach glas do 86% de ghluaiseachtaí feithicil lastais ón mBreatain Mhór isteach go hÉirinn ar a dteacht isteach chun na tíre, rud a chiallaíonn gur tháinig siad tríd an gcalafort cuí gan gá le hidirghníomhú breise a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim ná aon Ghníomhaireacht eile Stáit.

Tá fianaise shoiléir ann go ndearna gnóthaí dul chun cinn ollmhór ó thaobh dul in oiriúnt  leis na riachtanais nua le bliain anuas. Tá gnólachtaí tar éis oiriúnú anois do na hathruithe a tharla de bharr imeacht na Ríochta Aontaithe as an AE agus tá siad ag trádáil go rathúil leis an mBreatain Mhór nó tríd an mBreatain Mhór nó tá slabhraí soláthair nó bealaí soláthair athraithe acu chun deireadh a chur le trádáil le tríú tír agus dá bhrí sin an gá atá le comhlíonadh custaim agus foirmiúlachtaí rialála eile.”

Cáin Mhaoine Áitiúil

Ag labhairt dó ar an gcéad athluacháil ar mhaoine cónaithe ó tugadh isteach an Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) breis agus ocht mbliana ó shin, dúirt an tUasal Cody:

“Tar éis achtú na reachtaíochta i mí Iúil seo caite a d’athraigh an chaoi a oibríonn an CMÁ, taobh istigh d’am gairid, chuireamar na bearta cuí i bhfeidhm, lena n-áirítear athruithe córais, treoir uasdátaithe luachála maoine ar líne agus feachtas oibre cuimsitheach cumarsáide, roimh an tréimhse nua luachála a thosaigh ar an 1 Samhain 2021. Ceanglaíodh ar gach úinéir maoine cónaithe luach a maoine a chinneadh, an banda luachála CMÁ a bhaineann leis an luacháil sin a roghnú agus a dTuairisceán CMÁ á thíolacadh acu agus a CMÁ a íoc do 2022 a íoc nó socruithe íocaíochta a dhéanamh. Bhí rannpháirtíocht ghníomhach agus leibhéil airde comhlíontachta ag úinéirí maoine roimh an spriocdháta tíolacatha, agus ó shin i leith. Léiríonn na staitisticí CMÁ a foilsíodh inniu go seasann an ráta comhlíontachta tuairisceáin don CMÁ le haghaidh 2022 ag 90%, agus atá an ráta comhlíontachta íocaíochta ag 95%.

In ainneoin na leibhéil airde comhlíontachta, tá muid ar an eolas nach bhfuil Tuairisceán CMÁ tíolactha ag roinnt úinéirí maoine go fóill agus go bhféadfaidh sé go bhfuil siad den tuairim go bhfuil a gcuid dualgais CMÁ comhlíonta acu de bhua an CMÁ a bheith íoctha acu ina iomláine nó i dtráthíocaíochtaí. Tháinig méadú i rátaí comhlíontachta CMÁ de mar gheall ar an bhfeachtas meabhrúcháin a chuireamar ar bun le déanaí. Maidir le mionlach na n-úinéirí maoine nach a dTuairisceán CMÁ tíolactha acu go fóill nó a CMÁ  do 2022 íoctha acu nó socruithe déanta acu é a íoc, molaim dóibh é a dhéanamh láithreach.”

Tacaíochtaí Covid-19

Ag trácht ar ról na gCoimisinéirí Ioncaim tacaíochtaí Covid-19 de chuid an Rialtais a chur ar fáil, dúirt an tUas. Cody:

“Lean na mórshuaití eacnamaíocha agus sóisialta de bharr phaindéim Covid-19 ar aghaidh le linn 2021. Rinneadh roinnt athruithe do na Scéimeanna Tacaíochta Covid, go háirithe an STSC agus an SFPF, de réir mar a tháinig athrú ar shrianta sláinte phoiblí le linn na bliana.

Tá cuma mhaith ar an méid atá i ndán don gheilleagar de réir mar a thagann feabhas ar Covid-19 agus deireadh ag teacht leis na srianta sláinte phoiblí. Tháinig deireadh leis an STSC agus an STAG agus, de réir mar a éilítear sa reachtaíocht, d’fhoilsigh muid liosta de na gnóthaí a bhain leas as an dá scéim ar ár suíomh idirlín. Cé go bhfuil íocaíochtaí a dhéantar faoin SFPF teoranta faoi láthair do ghnóthaí a raibh tionchar ag na srianta sláinte phoiblí a tugadh isteach i mí na Nollag 2021, tiocfaidh deireadh leo sin chomh maith ag deireadh na míosa seo.

Táimid fíor-bhródúil as an ionchur suntasach atá déanta againn le dhá bhliain anuas mar chuid den fhreagra náisiúnta ar an bpaindéim Covid-19. Mar gheall ar chineál na héigeándála a bhí ann, chuireamar roinnt athruithe suntasacha i bhfeidhm ag luas nach bhfacthas riamh ar ár gcórais reatha bailiúcháin cánach, a chur ar ár gcumas os cionn €10 billiún a chur ar fáil i dtacaíochtaí tábhachtacha do ghnóthaí, fostóirí agus fostaithe a raibh tionchar ag an éigeandáil orthu. Bhí ról lárnach ag na tacaíochtaí seo saolta, poist agus slitea beatha a chosc.”

Creat Idirghabhálacha Comhlíontachta

Ag trácht ar Chreat nua Idirghabhálacha Comhlíontachta na gCoimisinéirí Ioncaim, dúirt an tUas Harrahill:

“Ar an 1 Bealtaine 2022, arna thacú ag Cód Cleachtais athbhreithnithe d’Idirghabhálacha Comhlíontachta na gCoimisinéirí Ioncaim, tháinig Creat Idirghabhálacha Comhlíontachta nua i bhfeidhm. Tacaíonn an creat nua seo le comhlíontacht tríd ár rannpháirtíocht fíor-ama le cáiníocóirí a fheabhsú, agus cuireann sé seo leis an mbainistiocht chomhlíontachta fíor-ama ar ár mbonn cás deighilte. Ionchorpraíonn sé ár gcur chuige traidisiúnta maidir le hiniúchadh cánach laistigh de Chreat Idirghabhála Comhlíonta a dhéanann foráil d’fhreagairt chomhsheasmhach, chéimnithe ar riosca agus iompar comhlíonta cáiníocóra. Cuimsíonn na freagairtí seo ó dheiseanna inrochtana chun earráidí a cheartú go deonach go himscrúdú coiriúil do chásanna tromchúiseacha calaoise nó imghabhála.

Roimh theacht i bhfeidhm an chreatha, bhí teagmháil shuntasach, dhearfach againn le cleachtóirí cánach agus a gcomhlachtaí ionadaíocha. Dearadh é seo chun barr feabhais a chur ar thuiscint an chreata agus a n-ábaltacht déileáil le cultúr láidir comhlíontachta saorálaí agus chun a chinntiú go bhfuil an fhreagra ar neamhchomhlíontacht éifeachtach agus riosca-bhunaithe. Leanfaidh muid orainn leis an gcur chuige chomhoibríoch seo maidir le gnéithe praiticiúla agus oibríocha an chreata de réir mar a thagann sé i bhfeidhm sna míonna amach romhainn.”

In 2021, bhí an méid seo freisin i measc na bpríomhghnéithe d’fheidhmíocht na gCoimisinéirí Ioncaim

In 2021, bhí an méid seo a leanas i measc na bpríomhghnéithe eile d’fheidhmíocht na gCoimisinéirí Ioncaim:

  • Feabhsú leanúnach na seirbhísí ar líne agus digiteacha chun cáiníocóirí agus gníomhairí cánach a chumasú féinseirbhís a dhéanamh chomh fada agus is féidir, lena n-áirítear áis a ligeann do cháiníocóirí ÍMAT creidmheasanna áirithe cánach agus faoisimh a éileamh i ‘bhfíor-am’, agus seirbhís digiteach Cáin Iarchoimeádta ar Sheirbhísí Gairmiúla (CISG)
  • Níos mó ná 463,800 idirghabháil comhlíontachta curtha i gcrích, le toradh €1,388 milliún i gcáin, ús agus pionóis, an comhlíonadh bliantúil is mó ar an taifead go dtí seo
  • Comhaontaíodh socraíochtaí cánach, ar luach os cionn €30 milliún iad, le 86 cáiníocóirí a foilsíodh Liosta na Mainnitheoirí Cánach
  • Drugaí ar luach nach mó ná €115 milliún agus táirgí tobac ar luach os cionn €67 milliún gafa mar gheall ar ár raon leathan idirghabhálacha ag díriú ar chalaois, ar thrádáil aindleathach, ar smuigleáil agus ar choireacht eagraithe.

Ag féachaint chun cinn

Ag féachaint i dtreo an todhchaí, dúirt an tUas. Cody:

“Cé go bhfuil maolú tagtha ar thionchair Covid-19, is eol dúinn, áfach, na dúshláin atá os comhair an gheilleagair faoi láthair maidir le slándáil slabhraí soláthair agus boilsciú. Is eol dúinn go maith freisin na dúshláin a tháinig chun cinn mar gheall ar chogadh na Rúise ar an Úcráin agus déanfaimid ár bpáirt chun tacú leis an bhfreagairt náisiúnta.

Leanann an bailiú cánacha agus dleachtanna atá dlite don Stát de bheith mar phríomhról agus príomhfhócas na gCoimisinéirí Ioncaim. Tacóimid le gnó agus le trádáil de réir mar a thagann siad in oiriúint do riachtanais iompórtála de chuid Rialtais na Ríochta Aontaithe agus leanfaimid freisin de bheith ag tacú leis an Roinn Airgeadais maidir leis an gclár oibre cánach idirnáisiúnta casta atá ag forbairt.

Tá an chéad chéim den Scéim Stórasaithe Fiachais críochnaithe anois, agus tá fiachas anois sa chéim ráta úis nialasach. I gcás na ngnólachtaí sin a bhfuil a bhfiacha fós páirceáilte sa stóras, níl ach coinníoll amháin ann a gceanglaítear orthu a chomhlíonadh chun na rátaí úis atá laghdaithe go suntasach de nialas agus trí faoin gcéad atá ar fáil faoin scéim a choinneáil; is é sin tuairisceáin chánach reatha a thíolacadh de réir mar a éiríonn siad de bheith dlite agus na dliteanais chánach lena mbaineann a íoc in am. Ó 2023 ar aghaidh, oibreoidh muid go héifeachtach agus go réamhghníomhach le gnóthaí chun aghaidh a thabhairt ar a bhfiachais cánach pairceáilte.

Ag féachaint chun cinn, tá roinnt deiseanna suimiúla i ndán dár mbaill foirne agus dóibh siúd ar mian leo teacht chun oibre linn amach anseo. Trí infheistíocht a dhéanamh inár ndaoine, comhoibriú éifeachtach go hinmhéanach agus le geallsealbhóirí, tacaíocht láidir i leith cultúir nuálaíoch, rochtain agus úsáid méadaithe ar shonraí fíor-ama, déanfaidh muid ár gcur chuige maidir le riarachán cánach agus custam a athchóiriú agus a nua-aoisiú. Cosúil le roinnt eagraíochtaí ar fud na tíre agus ar fud an domhain, chuamar i dtaithí ar bhealaí nua oibre le dhá bhliain anuas. Cuireann an taithí seo deiseanna amach anseo ar an eolas dúinn i dtéarmaí an chaoi a n-oibríonn muid agus cén áit a n-oibríonn muid, agus tá dul chun cinn gníomhach á déanamh againn inár socruithe fadtéarmacha maidir le hobair cumaisc amach anseo. Leanfaidh muid dár dtacaíochtaí agus acmhainní atá i bhfeidhm faoi láthair a threisiú, ní hamháin chun leanúint dár bpríomhghnó a chur ar fáil, ach chun timpeallacht oibre a éascaíonn meascán d’obair ar an láthair agus go fíorúil a chumasú. Is í ár n-aidhm ná solúbthachtaí a chuireann le maitheas agus cothromaíocht saoil-oibre a mhéadú. Méadóidh sé seo tarraingteacht na gCoimisinéirí ioncaim mar fhostóir agus, ag an am céanna, cinnteoidh sé go leanann muid de bheith mar eagraíocht an-éifeachtach a chuireann feidhmíocht láidir ar fáil.

Ar deireadh, ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le baill foirne uile na gCoimisinéirí Ioncaim as ucht na hoibre crua leanúnaí agus as ucht an mhianaigh, go háirithe ag tráth dheacrachtaí nach bhfacthas riamh. Ní bheadh ár n-éachtaí in 2021 indéanta gan a ngairmiúlacht agus a dtiomantas. Aithnímid freisin agus gabhaimid buíochas leis na baill foirne de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim a chuaigh ar scor le bliain anuas, ar thiomnaigh go leor acu 40 bliain nó níos mó seirbhíse don Stát. Aithnímid go háirithe an méid a chuir ár n-iar-comhghleacaí leis na Coimisinéirí Ioncaim, an Coimisinéir Michael Gladney, a chuaigh ar scor ar an 15 Aibreán 2022.”

{Críoch 11/05/2022}