Fáiltíonn na Coimisinéirí Ioncaim roimh ghnóthaí incháilithe éilimh a dhéanamh faoin SSTFG

Inniu (6/12/2022), chuir na Coimisinéirí Ioncaim fáilte roimh ghnóthaí incháilithe, a bhfuil clárú críochnaithe go rathúil acu, tús a chur le héilimh a thíolacadh faoin Scéim Shealadach Tacaíochta Fuinnimh do Ghnóthaí (SSTFG). Tá tairseach na n-éileamh ar fáil tríd an gcóras ríomhíocaíochtaí ar Sheirbhís Ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Féadann gnóthaí incháilithe íocaíochtaí 40% den mhéadú ar luach billí fuinnimh sa tréimhse 1 Meán Fómhair 2022 go dtí an 28 Feabhra 2023 (i gcomparáid leis na tréimhsí billeála céanna 12 mhí roimhe sin) a éileamh anois. D'fhéadfaí íocaíochtaí maidir le Meán Fómhair, Deireadh Fómhair agus Samhain na bliana seo a dhéanamh faoi dheireadh na bliana má chláraíonn agus má éilíonn gnóthaí faoin tríú seachtain de mhí na Nollag.

Meabhraítear do ghnóthaí a bhfuil sé ar intinn acu éileamh a thíolacadh gur chéim riachtanach í an clárúchán a chur i gcrích tríd an áis ríomh-chlárúchán in ROS. D'éirigh le breis agus 3,200 gnó clárú don SSTFG cheana féin. Beidh deimhniú imréitigh cánach reatha ag cláraitheoirí rathúla agus beidh sonraí faoina dtrádáil agus faoina ngairm curtha ar fáil acu, mar aon le sonraí faoina gcuntas leictreachais agus/nó gáis nádúrtha, chomh maith le, nuair is infheidhme, an céatadán úsáide fuinnimh chuirtear go díreach i leith a ngnó a sheoladh.

Chun éileamh a dhéanamh tríd an tairseach, beidh gach bille leictreachais agus gáis nádúrtha ag teastáil ó ghnó don tréimhse tagartha an 1 Meán Fómhair 2021 go dtí an 28 Feabhra 2022. Beidh bille fuinnimh ag teastáil ó ghnó freisin a chlúdaíonn tréimhse nó tréimhsí tar éis an 1 Meán Fómhair 2022 chun éileamh a dhéanamh. Cuirfear billí fuinnimh ón 1 Meán Fómhair 2022 i gcomparáid le billí ón tréimhse tagartha comhfhreagraí chun a chinneadh an bhfuil an méadú cáilitheach 50% nó níos mó ina meánphraghas aonaid le feiceáil. Beidh luach na n-íocaíochtaí faoin scéim faoi réir uasteorainn míosúil €10,000, cé go bhféadfadh sé sin ardú go huasmhéid €30,000 má oibríonn gnó ó láithreacha iolracha, faoi réir critéir áirithe. Beidh ar ghnóthaí a dhéanann éilimh a gcuid sonraí cuntais bainc a dheimhniú freisin agus beidh orthu dearbhú a dhéanamh go bhfuil coinníollacha cáilitheacha na scéime comhlíonta.

Agus tairseach na n-éileamh ar fáil, tá nuashonrú déanta ag na Coimisinéirí Ioncaim ar a threoir mhionsonraithe maidir leis an SSTFG, atá ar fáil anseo, le go n-áireofaí gabhálacha scáileáin ó thairseach éilimh SSTFG agus treoir bhreise maidir le héilimh a dhéanamh. Tá nuashonrú déanta ag na Coimisinéirí Ioncaim freisin ar an treoir ‘Do bhille a thuiscint’, atá ar fáil anseo, chun cabhrú le gnóthaí an faisnéis a theastaíonn chun críche éileamh a dhéanamh a aithint.

Chun cabhrú le gnóthaí, sheol na Coimisinéirí Ioncaim TBESS Calculator anseo ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim. San áireamhán, féadann gnó sonraí faoi bhillí fuinnimh reatha agus tréimhse tagartha a chur isteach chun méid féideartha na híocaíochta faoin scéim a ríomh.

Íocfar éilimh cháilitheacha nuair a bheidh an reachtaíocht chumasaithe sa Bhille Airgeadais 2022 sínithe ina dhlí níos déanaí an mhí seo. De réir reachtaíochta, foilseoidh na Coimisinéirí Ioncaim sonraí faoi fhaighteoirí SSTFG ar ár suíomh idirlin.

[Críoch 6/12/2022]