An Scéim Shealadach Tacaíochta Fuinnimh do Ghnóthaí (SSTFG)

Léargas ginearálta

Tabhair do d'aire

Chuaigh an teorainn ama i leith éileamh a dhéanamh ar an Scéim Shealadach Tacaíochta Fuinnimh do Ghnóthaí (SSTFG) in éag ar an 30 Meán Fómhair 2023.

Tugadh isteach An Scéim Shealadach Tacaíochta Fuinnimh do Ghnóthaí (SSTFG) chun tacú le gnóthaí a bhfuil méadú tagtha ar a gcuid costais leictreachais agus gáis nádúrtha (fuinneamh). Bhí gnó in ann éileamh a dhéanamh faoin scéim má:

  • bhí sé comhlíontach ó thaobh cánach de
  • lean sé ar aghaidh le ceird Cás I nó gairm Cás II (Áiríodh leis seo carthanais agus comhlachtaí spóirt ceadaithe a lean ar aghaidh le gníomhaíochtaí áirithe)
  • agus
  • bhí méadú suntasach de 30% nó níos mó tagtha ar a mheánphraghas aonaid leictreachais agus, nó gáis nádúrtha.

Bhí gnóthaí cáilitheacha in ann éileamh a dhéanamh ar:

  • 40% de na méaduithe ar a mbillí fuinnimh ó Mheán Fómhair 2022 go dtí Feabhra 2023
  • agus
  • 50% de na méaduithe ar a mbillí fuinnimh ó Mhárta 2022 go dtí Iúil 2023.

Bhí ar an méadú ar bhillí fuinnimh a bheith idir an 'tréimhse éilimh' agus an 'tréimhse thagartha'.

Is éard a bhí mar thréimhse éilimh ná mí féilire ó Mheán Fómhair 2022 go dtí Iúil 2023. Is éard a bhí ina thréimhse thagartha ná an mhí chomhfhreagrach féilire sa bhliain roimhe. Mar shampla, ba é Meán Fómhair 2021 an tréimhse thagartha do thréimhse éilimh Meán Fómhair 2022.

Tá tuilleadh eolais ar an scéim seo ar fáil in treoirlínte SSTFG.

Suim an éilimh

Más gnó cáilitheach a bhí i do ghnó, d'fhéadfaí éileamh a dhéanamh ar Íocaíocht Shealadach um Fhuinneamh Gnó (ÍSFG).

Ba ionann an ÍSFG agus:

  • 40% de chostas incháilithe an ghnó do thréimhsí éilimh Mheán Fómhair 2022 go dtí Feabhra 2023.
  • agus
  • 50% de chostas incháilithe an ghnó do thréimhsí éilimh Mhárta 2022 go dtí Iúil 2023.

Bhí an ÍSFG faoi réir uasteorainn mhíosúil.

Tabhair do d’aire

D'fhéadfaí áireamhán ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim a úsáid chun an méadú ar bhillí fuinnimh a chinneadh agus an Íocaíocht ÍSFG féideartha a ríomh.

Cúnamh Stáit

Dearadh an scéim le bheith comhlíontach leis an European Union State Aid Temporary Crisis Framework and Transition (TCTF). Leagtar amach sa CSGA teorainneacha foriomlána ar an tacaíocht airgeadais a d'fhéadfadh gnóthais aonair a éileamh. 

Foilsiú

Tá liosta foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim de na gnóthaí go léir a fuair íocaíochtaí faoin SSTFG. Foilsíodh liosta ar leith do ghnólachtaí a sháraigh na tairseacha míosúla in aghaidh an ghnóthais aonair. Éilítear é seo le halt 101 den Acht Airgeadais 2022.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an leathanach 'Gnólachtaí a fuair íocaíochtaí faoin SSTFG'.

Ar aghaidh: Critéir cháilitheacha do ghnóthaí incháilithe