An Scéim Shealadach Tacaíochta Fuinnimh do Ghnóthaí (SSTFG)

Costais a fhéadtar a áireamh in éileamh

D'fhéadfaí éileamh a dhéanamh i leith costais leictreachais agus gáis nádúrtha amháin.

Costais incháilithe

Bhí gnó cáilitheach ábalta éileamh a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim i leith Íocaíocht Shealadach um Fhuinneamh Gnó (ÍSFG).

Bhí an íocaíocht seo cothrom le:

  • 40% de chostas incháilithe an ghnó do thréimhsí éilimh Meán Fómhair 2022 go dtí Feabhra 2023
  • agus
  • 50% de chostas incháilithe an ghnó do thréimhsí éilimh Márta 2022 go dtí Iúil 2023.

Rinneadh an costas incháilithe a ríomh i ndáil le bille leictreachais agus gáis nádúrtha mar an méadú ar:

  • suim an bhille i dtréimhse éilimh
  • i gcomparáid le
  • suim an bhille don tréimhse chomhfhreagrach tagartha.

Ní fhéadfaí na míreanna seo a leanas a áireamh sna costais incháilithe:

  • Cáin Bhreisluacha (CBL)
  • aon riaráistí nó réamhíocaíochtaí (Ní mór go mbainfeadh na muirir leis an tréimhse billeála).

Úsáid fuinnimh incháilithe

Ní mór go raibh costais incháilithe tabhaithe go hiomlán agus go heisiach chun críocha na ceirde nó na gairme. Ciallaíonn sé seo gur bhain na costais incháilithe go díreach le reáchtáil an ghnó sin. Ní mór go raibh aon úsáid neamhghnó eisiata ó na costais incháilithe don éileamh.

Sa chás go raibh tú i mbun gnó ó do theach féin, bhí d'úsáid phríobháideach fuinnimh eisiata agus éileamh á dhéanamh agat. Ní mór costais chionroinnte idir úsáid ghnó agus phríobháideach a dhéanamh nuair atá brabúis an ghnó á ríomh agat agus tuairisceáin chánach á dtíolacadh.

Sampla 

Feirmeoir déiríochta i Muineachán is ea Máire, a bhfuil cónaí uirthi i dteachín ar an talamh a úsáidtear le haghaidh feirmeoireachta. Tá cuntas amháin leictreachais, Uimhir Thagartha Mhéadarphointe (MPRN) aici don teachín agus d'fhoirgnimh talmhaíochta in aice láimhe.

Is faoi ioncam trádála a bheidh brabúis na trádála feirmeoireachta de réir Cás I de Sceideal D.

Cinneann Máire go mbaineann 40% dá costais leictreachais lena húsáid baile agus baineann an t-iarmhéid leis an ngnó feirmeoireachta.

Féadann Máire éileamh a dhéanamh ar an sciar dá costais leictreachais a tabhaíodh go hiomlán agus go heisiach le haghaidh an gnó feirmeoireachta. Ní féidir an chuid dá costais leictreachais a bhaineann le húsáid baile a chur san áireamh san éileamh.

Custaiméirí fuinnimh nua

Féadfaidh sé nach raibh bille fuinnimh ag do ghnó i leith tréimhse thagartha mhíosúla ar leith. Féadann sé seo tarlú mar shampla sa chás:

  • nach raibh an cuntas leictreachais nó an nasc gáis ann ag an am
  • go bhfuair an gnó cuntas leictreachais nó nasc gáis nua
  • gur bhog an gnó go háitreabh eile
  • Gur thosaigh an gnó tar éis dheireadh na tréimhse tagartha cuí.

I gcásanna mar sin, baineadh úsáid as 'praghas measta an aonaid tagartha' maidir le leictreachas nó gás nádúrtha. Baineadh úsáid as sin chun tairseach na gcostas fuinnimh agus costas incháilithe an ghnó araon a chinneadh.

Bhí praghas measta an aonaid tagartha curtha ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim ag Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann. Tá sonraí ar fáil i dtreoirlínte an SSTFG.

Ar aghaidh: Éileamh a dhéanamh