An Scéim Shealadach Tacaíochta Fuinnimh do Ghnóthaí (SSTFG)

Éileamh a dhéanamh

Tabhair do d'aire

Tháinig deireadh leis an Scéim Sealadach Tacaíochta Fuinnimh do Ghnóthaí (SSTFG) ar an 30 Meán Fómhair 2023. Ní féidir éilimh a dhéanamh tar éis an dáta seo.

Próiseas dhá chéim a bhí anseo le héileamh a dhéanamh faoin SSTFG. Bhí sé riachtanach don ghnó incháilithe:

  • clárú le haghaidh SSTFG trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)
  • agus
  • éileamh i leith costais fuinnimh a éiríonn aníos i dtréimhse nó i dtréimhsí éilimh a chomhlánú.

Féadtar treoir céim ar chéim ar an gcaoi le clárú agus le héileamh a dhéanamh ar ROS a fháil in Treoirlínte STSFG.

Clárúchán

Le linn clárú don scéim, bhí gá duit an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Sonraí faoin ngnó a chur ar fáil
  • Sonraí maidir le nasc leictreachais agus gáis nádúrtha a chur ar fáil
  • agus
  • dearbhuithe a dhéanamh a dheimhníonn incháilitheacht don scéim.

Éileamh a dhéanamh

Bhain costais fuinnimh do thréimhse éilimh le gach mí fhéilire ó Mheán Fómhair 2022 go dtí Iúil 2023.

Bhain costais fuinnimh do thréimhse tagartha le gach mí fhéilire ó Mheán Fómhair 2021 go dtí an Iúil 2022.

Bhí ort sonraí na mbillí fuinnimh a chur ar fáil don tréimhse éilimh agus an tréimhse tagartha. 

Chun eolas a fháil ar an gcaoi le sonraí na mbillí fuinnimh cuí a fháil, féach nótaí treorach na gCoimisinéirí Ioncaim 'Do bhille a thuiscint'.

Rinne áireamhán SSTFG na gCoimisinéirí Ioncaiman méid seo a leanas:

  • cionnroint ar bhillí fuinnimh nuair a bhain an tréimhse billeála le níos mó ná mí féilire amháin   
  • tairseach na gcostas fuinnimh a ríomh
  • na costais incháilithe a ríomh
  • agus
  • suim na hÍocaíochta Sealadaí um Fhuinneamh Gnó (ÍSFG) a d'fhéadfá a éileamh a chinneadh

Má bhí breis agus bille fuinnimh amháin ag do ghnó i dtréimhse éilimh, bhí tú in ann éileamh a dhéanamh maidir le gach bille. Bhí gá duit na critéir cháilitheachta a chomhlíonadh i leith gach tréimhse éilimh. Bhí sé seo faoi réir teorainn mhíosúil (féach ‘Cé mhéad a fhéadann gnó a éileamh’).

Teorainn ama le haghaidh éileamh

Bhí sé riachtanach éilimh ar bhille leictreachais nó gáis nádúrtha a dhéanamh faoin 30 Meán Fómhair 2023.

Seiceálacha comhlíontachta

Ba chóir go dtiocfadh na sonraí billeála a chuir tú ar fáil le leabhair agus taifid do ghnó. Féadfaidh sé go ndéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim é seo a bhailíochtú in aghaidh na faisnéise atá ar chórais na gCoimisinéirí Ioncaim cheana, tuairisceáin chánach chuí san áireamh.

Féadfaidh sé gur iarradh ort doiciméid tacaíochta a thíolacadh agus d’éileamh á dhéanamh agat. Féadfaidh sé go n-iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim doiciméid bhreise a chur ar fáil chun an éileamh a bhailíochtú ag dáta níos déanaí.

Taifead a choinneáil

Is gá duit taifid a choinneáil a bhaineann le d’éileamh ar feadh tréimhse 10 bliana i ndiaidh dheireadh tréimhse éilithe. Is riachtanas é seo faoin gCreat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe (CSGA).

Fritháireamh

Déanfar ÍSFG a fhritháireamh in aghaidh aon cháin dlite amuigh de réir gnáthrialacha fritháirithe na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ní bheidh dliteanais chánach atá stórasaithe faoin Scéim Stórasaithe Fiachais faoi réir na rialacha fritháirithe. Cuirtear é seo ar fáil ar an gcoinníoll go sásaíonn an gnó na coinníollacha de Stórasú Fiachais trí thuairisceáin a thíolacadh agus íocaíochtaí a dhéanamh in am.

Ní bheidh dliteanais chánach atá á n-íoc ag gnó trí Shocraíocht Tráthíocaíochtaí faoi réir na rialacha fritháirimh. Déanfar é seo ar an gcoinníoll go bhfuil sé ag comhlíonadh a chuid oibleagáidí faoin Socraíocht Tráthíocaíochtaí sin.

Ar aghaidh: Cé mhéad a fhéadann gnó a éileamh?