Díolúine chánach do chomhlachtaí spóirt

Léargas ginearálta

Féadann na Coimisinéirí Ioncaim díolúine chánach a dheonú do chomhlacht spóirt arb é an t-aon chuspóir atá aige cluiche nó spórt lúthchleasach nó amaitéarach a chur chun cinn. Ní mór aon ioncam a fhaigheann an comhlacht spóirt a úsáid chun an cluiche nó spórt a chur chun cinn.

Má dheonaítear an díolúine do do chomhlacht spóirt, féadfaidh sé go bhfuil tú díolmhaithe ón méid seo a leanas a íoc:

Féadfaidh sé go mbeidh faoisimh chánach eile ar fáil mar seo a leanas:

Má tá fostaithe ag do chomhlacht spóirt, beidh ort Cáin Ioncaim a íoc faoin gcóras Íoca Mar a Thuillir (ÍMAT).

Le haghaidh tuilleadh eolais, féadtar teacht ar an Treoir maidir leis an gcóras Íoca Mar a Thuillir (ÍMAT) sa rannóg Daoine a fhostú ar ár suíomh idirlín.

Ní bhaineann an díolúine le Cáin Choinneála ar Ús Taisce (CCÚT) ná le Cáin Bhreisluacha (CBL).

Má tá ceisteanna agat mar gheall ar dhíolúine chánach agus stádas chomhlachtaí áirithe spóirt, ba cheart dul i dteagmháil leis na comhlachtaí céanna spóirt.

Ar aghaidh: Cén chaoi le hiarratas a dhéanamh ar Dhíolúine Chánach do Chomhlachtaí Spóirt