Díolúine chánach do chomhlachtaí spóirt

Díolúine chánach do spóirt a tharraingt siar

Féadfaidh sé go dtarraingeoidh na Coimisinéirí Ioncaim do dhíolúine chánach do spóirt siar i roinnt cúinsí, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do na cásanna seo a leanas:

  • nuair atá an comhlacht spóirt á fhoirceannadh
  • nuair is cuideachta theoranta an comhlacht spóirt agus tá an Oifig um Chlárú Cuideachtaí (CRO) tar éis é a dhíscaoileadh
  • Nuair atá an comhlacht spóirt faoi leachtú
  • nuair nach bhfuil an comhlacht spóirt i dteagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim. Mar shampla, tá dliteanas cánach amuigh ag do chomhlacht spóirt nó níor chuir sé cuntais nó doiciméid eile ar fáil mar a iarrtar.
  • níl an comhlacht spóirt in ann leanúint ar aghaidh lena chuspóir spóirt agus tá gníomhaíochtaí scortha ag an gcomhlacht spóirt
  • Cinneann na Coimisinéirí Ioncaim nach gcáilíonn an comhlacht spóirt don díolúine chánach a thuilleadh.

An próiseas imeachta

Tabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cabhair do do chomhlacht spóirt lena dhualgais chánach agus tarraingeoidh siad siar a dhíolúine chánach más eol dúinn:

  • go bhfuil an comhlacht spóirt á fhoirceannadh acu
  • gur cuideachta theoranta é an comhlacht spóirt atá díscaoilte
  • atá faoi leachtú.

Féadfaidh sé go gcinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim nach bhfuil feidhm ag an díolúine chánach a thuilleadh mar gheall ar an méid seo a leanas:

  • níl an comhlacht spóirt i dteagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim
  • níl an comhlacht spóirt in ann leanúint ar aghaidh lena chuspóir spóirt agus tá gníomhaíochtaí scortha ag an gcomhlacht spóirt.

Sa chás go gcinneann na Coimisinéirí Ioncaim nach bhfuil feidhm ag an díolúine chánach a thuilleadh, beidh an próiseas seo a leanas i bhfeidhm:

  • Eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim a cinneadh maidir leis na cúiseanna a tarrangíodh siar an díolúíne chánach i scríbhinn
  • Deonóidh na Coimisinéirí Ioncaim tréimhse 21 lá ionas go mbeidh tú in ann doiciméid tacaíochta a chur ar fáil maidir le d’éileamh ar dhíolúine chánach
  • Eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim cinneadh foirmiúil i leith an díolúine chánach a tharraingt siar más rud é, tar éis 21 lá:
    • nach bhfuil teagmháil déanta agat leis na Coimisinéirí Ioncaim
    • nár chuir tú an eolas a iarradh ar fáil
    • tar éis an eolas breise a chur ar fáil, tá sé fós creideamh na gCoimisinéirí Ioncaim gur chóir an díolúine chánach a tharraingt siar.

Más rud é, tar éis an próiseas, gur gcinneann na Coimisinéirí Ioncaim gur féidir leis an díolúíne chánach leanúint ar aghaidh, beidh sé seo deimhnithe i scríbhinn.

Achomharc a dhéanamh ar chinneadh i leith díolúine chánach a tharraingt siar

Féadtar acomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh na gCoimisinéirí Ioncaim i leith díolúine chánach a tharraingt siar trí acomharc a dhéanamh go díreach leis An gCoimisiún um Achomhairc Chánach. Ní mór an acomharc a dhéanamh taobh istigh de 30 lá ó eisíodh cinneadh foirmiúil na gCoimisinéirí Ioncaim.