Díolúine chánach do chomhlachtaí spóirt

Comhlacht spóirt a fhoirceannadh

Ní mór duit Aonad na nDíolúintí Carthanas agus Spóirt a chur ar an eolas más rud é:

  • gur gá do chomhlacht spóirt a fhoirceannadh
  • nach féidir leis an gcomhlacht an spórt nó an cluiche lena cruthaíodh é a chur chun cinn.

Ní mór duit  na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas agus Fógra um Chuideachta a Fhoirceannadh a chomhlánú agus a thíolacadh le Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Ní mór na doiciméid seo a leanas a bheith ceangailte le d'iarratas:

  • sraith deiridh cuntas an chomhlachta spóirt
  • agus
  • sonraí faoin gcaoi a ndáil an comhlacht spóirt a chuid cistí agus sócmhainní iarmharacha.

Ar aghaidh: Struchtúr a athrú