Díolúine chánach do chomhlachtaí spóirt

Coinníollacha i leith na díolúine cánach a choinneáil

Nuair atá díolúine chánach deonaithe do do chomhlacht spóirt, ní mór duit leanúint de chloí leis na coinníollacha seo a leanas.

Ní mór duit an méid seo a chinntiú i ndáil le do chomhlacht spóirt:

  • go bhfanann sé comhlíontach ó thaobh cánach de
  • go n-úsáideann sé an t-ioncam uile chun an cluiche nó spórt lúthchleasach nó amaitéarach a chur chun cinn
  • go gcoinníonn sé taifid agus cuntais chuí
  • go gcoinníonn sé cuntais iniúchta, má tá d’ioncam bliantúil os cionn €250,000
  • go gcuireann sé Aonad na nDíolúintí Carthanas agus Spóirt ar an eolas faoi aon athrú sonraí trí M'Fhiosruithe i Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)
  • gur lorg sé cead ó Aonad na nDíolúintí Carthanas agus Spóirt trí M'Fhiosruithe in ROS chun aon athrú a dhéanamh do bhunreacht an chomhlachta má iarrtar é.

Ní mór do do chomhlacht spóirt cead a iarraidh roimh ré ó Aonad na nDíolúintí Carthanas agus Spóirt má tá sé beartaithe ag an gcomhlacht cistí a charnadh ar feadh tréimhse níos faide ná cúig bliana. Ba chóir go bhfolódh sé seo an chúis leis an gcarnadh.

Mura cloíonn do chomhlacht spóirt leis na coinníollacha thuas, féadann na Coimisinéirí Ioncaim an díolúine a tharraingt siar. Má tharlaíonn sé seo, féadtar an díolúine a tharraingt siar ón dáta a deonaíodh ar dtús é.

Ar aghaidh: Comhlacht spóirt a fhoirceannadh