Díolúine chánach do chomhlachtaí spóirt

Struchtúr a athrú

Féadfaidh comhlacht spóirt a ndeonaítear díolúine chánach air a struchtúr dlíthiúil a athrú. Sampla d’athrú i struchtúr dlíthiúil ná aistriú ó chomhlacht neamhchorpraithe go Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta (CTR).

Agus struchtúr dlí á athrú agat, ní mór duit:

  • Aonad na nDíolúintí Carthanas agus Spóirt a chur ar an eolas trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)
  • eintiteas nua a chlárú le haghaidh cánach
  • iarratas ar dhíolúine cánach don eintiteas nua a chomhlánú agus a thíolacadh trí ROS
  • cuntais airgeadais deiridh a chur ar fáil i ndiadh fhoirceannadh an chomhlachta scortha.
  • Cealaigh uimhir cláraithe cánach an chomhlachta scortha. 

Déan teagmháil le hAonad na nDíolúintí Carthanas agus Spóirt má bhíonn aon fhiosruithe breise agat.

Ar aghaidh: Díolúine chánach do spóirt a tharraingt siar