Díolúine chánach do chomhlachtaí spóirt
Cén chaoi le hiarratas a dhéanamh ar Dhíolúine Chánach do Chomhlachtaí Spóirt
Sula bhféadtar cur isteach ar an díolúine, ní mór do do chomhlacht spóirt a bheith cláraithe le haghaidh cánach leis na Coimisinéirí Ioncaim.
Ní mór do do chomhlacht spóirt an méid seo a leanas a chomhlíonadh:
- a bheith bunaithe sa Stát, agus a bheith á bhainistiú agus á rialú sa Stát
- a bheith faoi rialú agus faoi úinéireacht ag baill
- triúr oifigeach nó stiúrthóir ar a laghad a bheith acu, a bhfuil an chuid is mó acu neamhghaolta agus neamhspleách
- a chinntiú go bhfuil formhór na stiúrthóirí nó oifigigh cónaitheach sa Stát
- Bunreacht a bheith aige ina bhfuil clásail chaighdeánacha na gCoimisinéirí Ioncaim do chomhlachtaí neamhchorpraithe nó comhlachtaí corpraithe.
Ní mór an tuairisceán seo a thíolacadh trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) mar seo a leanas:
- Mo Sheirbhísí
- Seirbhísí Eile
- Ríomh-Iarratais Carthanas agus Comhlachtaí Spóirt.
Ní mór na doiciméid seo a leanas a cheangal leis:
- do chuid cuntas airgeadais is deireanaí
- ráiteas ar do ghníomhaíochtaí. Ní mór sonraí a chur san áireamh ann maidir leis an méid seo a leanas:
- na gníomhaíochtaí a chuir an comhlacht spóirt i gcrích
- áiseanna do chomhlachta spóirt
- na maoine atá faoi úinéireacht, ar léas nó ar cíos ag an gcomhlacht
- an traenáil agus oiliúint a chuirtear ar fáil
- aon íocaíochtaí a dhéantar le traenálaithe agus oiliúnóirí
- cóip de Bhunreacht nó Ionstraim Ceannais do chomhlachta spóirt. Mura bhfuil sé seo ag do spórt cheana féin, ní mór ceann a chur i bhfeidhm. Tá teimpléid ar Bhunreachtanna Múnlaigh curtha ar fáil ag na Coimisinéirí Ioncaim do chomhlachtaí neamhchorpraithe nó corpraithe, chun críocha tagartha agus treoracha amháin. Ba chóir d’iarratasóirí a gcomhairle dlí féin a fháil, de réir mar is gá, agus a mBunreacht nó a nIonstraim Rialaithe á nglacadh acu.
Féadfaidh Aonad na nDíolúintí Carthanas agus Spóirt sna Coimisinéirí Ioncaim doiciméid bhreise a iarraidh chun tacú le d'iarratas.
Nuair a bheidh an díolúine ceadaithe, eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim Uimhir Díolúine Cluichí agus Spóirt (Uimhir CS) chugat. Ní gá duit do dhíolúine a athnuachan ar an gcoinníoll go leanann tú ar aghaidh na coinníollacha a chomhlíonadh.
Ar aghaidh: Coinníollacha i leith na díolúine cánach a choinneáil