Stórasú fiachais

Léargas ginearálta

Tugann stórasú fiachais cánach cabhair do ghnóthaí a bhfuil deacrachtaí acu le sreabhadh airgid agus trádáil mar thoradh ar an bpaindéim COVID-19.

Leis an scéim, féadtar é a chur siar cuid de do dhliteanais chánach incháilithe a íoc go dtí go raibh tú i suíomh airgeadais ina mbeidh sé de chumas agat déileáil leis an bhfiachas.

Is iad seo a leanas na rátaí úis a bhain le fiachas stórasaithe:

  • 0% le linn tréimhse 1 agus tréimhse 2
  • agus
  • 3% ó thús thréimhse 3 go dtí an dáta aisíocaíochta. 

Chun tuilleadh eolais a fháil ar dhátaí tréímhse, féach ar leathanach 3 sa rannán seo.

Ar an 5 Feabhra 2024, laghdaíodh an ráta úis 3% a bhí i bhfeidhm ó thús thréimhse 3 go dtí 0%. Chun tuilleadh sonraí a fháil maidir leis an laghdú ar an ráta úis, féach 'Leasuithe ar an Scéim Stórasaithe Fiachais 5 Feabhra 2024'.

Fiosruithe ar stórasú

Má cháiligh tú le haghaidh stórasú, fuair tú litir ina ndeimhníodh:

  • tréimhsí stórasaithe
  • tuairisceáin atá san áireamh sa stóras
  • suimeanna Stórasaithe
  • agus
  • rátaí úis infheidhmithe.

Déanfar do stóras a nuashonrú go huathoibríoch chun gach tuairisceán cáilitheach suas le deireadh thréimhse 1 a chur san áireamh, mar is cuí.

Cinntigh go n-íocann tú agus go dtíolacann tú go chánacha reatha de réir mar a éiríonn siad de bheith dlite chun leanúint de bheith incháilithe le haghaidh stórasú.

Déan teagmháil linn

Chun fiosrú a dhéanamh faoin Scéim Stórasaithe Fiachais (SSF), déan teagmháil le Rannóg an Ard-Bhailitheora:

Ar aghaidh: Cánacha a chuirtear san áireamh faoin Scéim Stórasaithe