Stórasú fiachais

Leasuithe ar an Scéim Stórasaithe Fiachais, 5 Feabhra 2024

Ar an 5 Feabhra 2024, d'fhógair an tAire Airgeadais go laghdófar an ráta úis a bhaineann le fiachas stórasaithe go dtí 0%. Tá sé deimhnithe ag na Coimisinéirí Ioncaim go bhfeidhmeoidh sé an ráta laghdaithe úis ar bhonn riaracháin go dtí go n-athróidh an reachtaíocht. Eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim aisíocaíochtaí ar aon ús ag 3% a d'íoc gnóthaí ar fhiachas stórasaithe roimhe seo.

Tá go dtí an 1 Bealtaine 2024 ag gnóthaí a bhaineann leas as an Scéim Stórasaithe Fiachais:

  • a bhfiachas stórasaithe a íoc ina iomláine, más féidir leo
  • dul i dteagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim chun aghaidh a thabhairt ar an bhfiachas, lena n-áirítear socruithe le haghaidh Socraíocht Tráthíocaíochtaí (PPA).

Cuirfear gach solúbthacht is féidir ar fáil do ghnólachtaí maidir le híocaíocht a bhfiachais stórasaithe a bhainistiú. Áirítear leis sin:

  • leibhéal na híosíocaíochta, más ann dó, chun tús a chur leis an socrú íocaíochta,
  • tréimhse íocaíochta sínte 
  • agus
  • infhaighteacht sosanna íocaíochta agus iarchur íocaíochta má thagann deacrachtaí sreafa airgid sealadacha chun cinn le linn théarma an tsocraithe

Tá sé riachtanach go gcoinníonn tú suas chun dáta le tuairisceáin agus íocaíochtaí reatha agus go dtéann tú i dteagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim maidir le déileáil le d'fhiachas stórasaithe.

Chun fanacht sa Stóras Fiachais, ní mór duit:

  • leanúint de do thuairisceáin chánach reatha a thíolacadh 
  • agus
  • dliteanais reatha a íoc de réir mar a éiríonn siad de bheith dlite.

Trí fhanacht sa scéim stórasaithe, bainfidh tú buntáiste as an ráta úis 0% agus na roghanna íocaíochta solúbtha atá ar fáil maidir le fiachas stórasaithe. Mura leanann tú ar aghaidh ag comhlíonadh na gcoinníollacha seo, bainfear den Scéim Stórasaithe thú mar thoradh air. Sa chás go mbaintear den Scéim Stórasaithe thú, tarlóidh an méid seo a leanas i leith na dtréimhsí stórasaithe:

  • tiocfaidh siad de bheith iníoctha láithreach
  • féadfaidh sé go mbeidh siad faoi réir gníomhaíocht forfheidhmiúcháin bailithe fiachais
  • agus
  • beidh siad faoi réir táillí úis 8% nó 10% in aghaidh na bliana.