Stórasú fiachais

Tréimhsí stórasaithe

Tá an tréimhse stórasaithe fiachais déanta suas de thrí thréimhse éagsúla.

Tréimhse 1

Is é seo an tréimhse inar tháinig tuairisceáin isteach sa scéim stórasaithe.

Socraíodh an tréimhse seo ag féachaint do leibhéil na srianta a thug an Rialtas isteach mar fhreagra ar an bpaindéim COVID-19. Cuireadh gach fiach a dearbhaíodh ar thuairisceáin le haghaidh cánacha cáilitheacha do Thréimhse 1 isteach sa scéim stórasaithe.

Dáta tosaithe thréimhse 1

Cuireadh tús leis an tréimhse nuair a bhí deacrachtaí trádála sreafa airgid ag an ngnó den chéad uair mar thoradh ar COVID-19. Ba é seo:

Dáta deiridh thréimhse 1

Tháinig deireadh le Tréimhse 1 ar an 31 Nollaig 2021 d’fhormhór na ngóthaí. Mar sin féin, cuireadh síneadh ama léi go dtí an 30 Aibreán 2022 do ghnóthaí cáilitheacha áirithe i mí na Nollag 2021.

Tréimhse 2

Tréimhse bliana ba ea Tréimhse 2 ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2022 (nó an 1 Bealtaine 2023 dóibh siúd a bhí sa scéim shínte). Le linn na tréimhse seo, cuireadh ráta úis 3% i bhfeidhm ar d'fhiachas stórasaithe go dtí gur íocadh ina iomláine é.

Tréimhse 3

Cuireadh tús le Tréimhse 3 nuair a tháinig deireadh le Tréimhse 2, arbh é sin an 1 Eanáir 2023 (nó an 1 Bealtaine 2023 dóibh siúd sa scéim leathnaithe). Le linn na tréimhse seo, cuireadh ráta úis 3% i bhfeidhm ar d'fhiachas stórasaithe go dtí gur íocadh ina iomláine é.

Ar an 5 Feabhra 2024, laghdaíodh an ráta úis 3% a bhí i bhfeidhm ó thús Thréimhse 3 go dtí 0%. Chun tuilleadh sonraí a fháil maidir leis an laghdú ar an ráta úis, féach 'Leasuithe ar an Scéim Stórasaithe Fiachais 5 Feabhra 2024'.

Ar aghaidh: Téarmaí agus coinníollacha cáilitheacha