Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (SFPF)

Léargas ginearálta

Ba thacaíocht fiontraíochta uile-gheilleagraigh í an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (SFPF) do ghnóthaí incháilithe maidir le fostaithe incháilithe. Leagadh amach sonraí an SFPF san Alt 28B(10) den Acht um Bearta Éigeandála ar mhaithe le Leas an Phobail (COVID-19), 2020 . Chuir an scéim fóirdheontas cothromráta ar fáil d’fhostóirí cáilitheacha bunaithe ar :

  • líon na bhfostaithe íoctha agus incháilithe atá ar phárolla an fhostóra
  • agus
  •  bunaithe ar an bpá comhlán d’fhostaithe.

Tháinig an SFPF in áit na Scéime Fóirdheontais Shealadaigh Pá (SFSP) ar an 1 Meán Fómhair 2020. Tháinig deireadh le SFPF le haghaidh an chuid is mó d'fhostóirí ar an 30 Aibreán 2022 agus le haghaidh gach duine ar an 31 Bealtaine 2022.

Príomhghnéithe an SFPF

  • Níor mhór imréiteach cánach bailí a bheith ag an bhfostóir chun páirt a ghlacadh san SFPF.  Níor mhór an imréiteach cánach seo a choinneáil ar feadh thréimhse na scéime.
  • Gearradh ráta laghdaithe Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa ÁSPC Fostóra 0.5% ar phá a íoctar roimh mí an Mhárta 2022. Níor bhain sé seo ach le pá incháilithe don íocaíocht fóirdheontais.
  • Tá an fóirdheontas bunaithe ar phá comhlán seachtainiúil an fhostaí, lena n-áirítear pá barúlach, roimh asbhaintí agus gan sochair neamh-incháinithe san áireamh.

Foilsiú

Foilsíonn na Coimisinéirí Ioncaim liosta d’ainmneacha agus seoltaí na bhfostóirí a fuair íocaíochtaí faoin scéim. Tá sé seo déanta ar bhonn ráithiúil. 

Ar aghaidh: Critéir cháilitheachta d'fhostóirí