Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (SFPF)

Liosta na bhfostóirí a fuair íocaíochtaí faoin Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (SFPF)

Tá ainm agus seoladh gach fostóir a fuair íocaíochtaí faoin Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (SFPF) in 2020 agus sa chéad, sa dara agus sa trí ráithe in 2021 foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim. Éilítear é seo faoi Alt 28B(10) den Acht um Bearta Éigeandála ar mhaithe le Leas an Phobail (COVID 19), 2020.

Ceadaítear faoin reachtaíocht ainm agus seoladh gach fostóir a fuair íocaíochtaí SFPF a fhoilsiú. Tá dualgas ar na Coimisinéirí Ioncaim rúndacht cáiníocóirí a choinneáil de réir Alt 851A den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997 i ndáil leis na sonraí eile uile, mar shampla, na suimeanna fóirdheontais íoctha.

Foilsítear ainmneacha na bhfostóirí in ord aibítre agus in éineacht leis na seoltaí foilsithe, léirítear an fhaisnéis reatha atá ar an taifead ag na Coimisinéirí Ioncaim. Sa chás go bhfuair an gnó céanna íocaíochtaí SFPF i leith clárúcháin fostóra ar leithligh, cuirfear an gnó san áireamh san fhoilseachán i ndáil le gach clárúchán fostóra ar leithligh.

Tá an liosta ar fáil i dtrí bhformáid éagsúla:

2022

2021

2020