Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (SFPF)

Foirm athbhreithnithe d'incháilitheacht fostóirí

Bhí ort athbhreithniú míosúil a dhéanamh ar d’incháilitheacht don Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (SFPF). Ní mór go ndearnadh an t-athbhreithniú seo ar an lá deiridh de gach mhí suas go dtí mí na Nollag 2021 agus an mhí sin san áireamh. I gcás iad siúd a chuaigh isteach ar an scéim arís ón 1 Eanáir 2022, rinneadar athbhreithniú ag deireadh mhí Eanáir 2022. Mura gcomhlíonann tú na critéir cháilitheachta tar éis an athbhreithnithe seo, bhí ort tarraingt siar ón scéim.

Rinne an t-athbhreithniú comparáid idir an feidhmiú ghnó iarbhír agus measta. Dhírigh an t-athbhreithniú ar an tréimhse Eanáir 2021 go Nollaig 2021, do dhátaí pá sa tréimhse ón 1 Iúil 2021 go dtí an 30 Aibreán nó an 31 Bealtaine 2022. I gcás iad siúd a chuaigh isteach ar an scéim arís ón 1 Eanáir 2022, dhírigh an t-athbhreithniú ar mhí na Nollag 2021 agus mí Eanáir 2022.

Tabhair do d’aire

Ní mór duit fianaise ar dhoiciméid chuí a choinneáil, lena n-áirítear cóipeanna de thuartha chun incháilitheacht leanúnach thar an tréimhse shonraithe a thaispeáint.

Ón 30 Meitheamh 2021, iarradh ort Foirm Athbhreithnithe mhíosúil ar líne d’Incháilitheacht Fostóirí a chomhlánú. Thug an fhoirm seo cabhair duit agus d’incháilitheacht leanúnach don scéim a chinntiú. Chomlánaigh agus thíolaic tú an fhoirm seo trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Bhí do thíolacadh tosaigh dlite faoin 15 Lúnasa 2021. Cuir tú sonraí maidir leis an méid seo a leanas ar fáil:

  • láimhdeachas míosúil iarbhír nó luachanna orduithe custaiméara do 2019 eisiata ó Cháin Bhreisluacha (CBL)
  • láimhdeachas míosúil iarbhír nó luachanna orduithe custaiméara don chéad sé mhí de 2021 eisiata ó CBL
  • agus
  • tuartha míosúla do mhí Iúil go dtí mí na Nollag 2021.

I gcás tíolacthaí ina dhiaidh sin, bhí ort sonraí ar na torthaí iarbhír don mhí roimhe a chur ar fáil. Bhí sé seo dlite faoin 15 lá de gach mí ina dhiaidh sin suas leis an 15 Eanáir 2022. Bhí ort chomh maith athbhreithniú a dhéanamh ar na tuartha bunaidh a chuir tú ar fáil le cinntiú go raibh siad fós bailí.

Cuireadh íocaíocht d’éilimh SFPF ar fionraí má loiceadh an tuairisceán seo a chomhlánú.

Leasú do FAI mhí na Samhna

Má thíolaic tú do FAI do mhí na Samhna sular tháinig na srianta sláinte poiblí i bhfeidhm ón 20 Nollaig 2021, féadfaidh sé go raibh do mheastachán do mhí na Nollag iomarcach.

Má tháinig tú de bheith incháilithe don SFPF arís tar éis an meastacháin athbhreithnithe, bhí gá ort teagmháil a dhéanamh leis an Coimisinéirí Ioncaim faoin 15 Eanáir 2022. Ba chóir go ndearna tú é seo trí M’Fhiosruithe agus athbhreithniú a iarraidh ar do mheastacháin do mhí na Nollag. Bheadh íocaíocht na n-éilimh SFPF do mhí na Nollag 2021 go dtí Aibreán nó Bealtaine 2022 éascaithe leis seo.

Sonraí míchearta ar do FAI

Má chuir tú sonraí míchearta isteach ar do FAI, ba chóir go ndearna tú teagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim trí M’Fhiosruithe. I d’fhiosrú, ba chóir gur chuir tú an earráid in iúl dúinn agus a iarraidh orainn é a leasú.

Má tharla sé go raibh neamh-incháilithe do roinnt tréimhse nó iad uile mar gheall ar seo, ba chóir gur bhain tú an t-éileamh SFPF ó na duillíní pá chuí. Ba chóir gur íocadh na dliteanais creidmheasa SFPF agus ÁSPC trí RevPay. De mhalairt air sin, féadtar aon dliteanas SFPF nó ÁSPC a chur san áireamh sa Stóras Fiachais má tá tú incháilithe le haghaidh Stórasú fiachais.

Ar aghaidh: Fostaithe incháilithe