Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (SFPF)

Fostaithe incháilithe

Féadtar fóirdheontas a éileamh i leith fostaithe incháilithe ar phárolla an ghnó bhuailte tríd an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (SFPF). Bhí fostaithe incháilithe má bhfuair siad pá comhlán seachtainiúil idir €151.50 agus €1,462. Bhí riachtanas reachtaíochta ann go raibh ar fhostaithe a bheith ag obair go gníomhach le bheith incháilithe don SFPF.

Stiúrthóirí dílseánaigh

Féadadh an fóirdheontas a éileamh i leith stiúrthóirí dílseánaigh más rud é:

  • gur chomhlíon tú critéir cháilitheachta an SFSP
  • go raibh an stiúrthóir dílseánaigh ar do phárolla
  • agus
  • gur íoc tú agus thuairiscigh tú pá leis an stiúrthóir dílseánaigh idir an 1 Iúil 2019 agus an 30 Meitheamh 2020.

Tabhair do d’aire

Má bhí tú i do stiúrthóir dílseánaigh ar dhá chuideachta cháilitheacha nó níos mó, ní fhéadtar éileamh ar SFPF ach amháin i ndáil le cuideachta incháilithe amháin.

Páirtithe bainteacha

Féadadh an fhóirdheontas a éileamh i leith páirtithe bainteach más rud é :

  • gur chomhlíon tú na critéir incháilitheachta don SFPS
  • go raibh an páirtí bainteach ar do phárolla
  • agus
  • gur íoc tú agus thuairiscigh tú an pá don pháirtí bainteach idir an 1 Iúil 2019 agus an 30 Meitheamh 2020.

Bhí na gaolta seo leis an duine aonair nó lena gcéile san áireamh i measc páirtithe bainteacha:

  • deartháir nó deirfiúr
  • aintín nó uncail
  • neacht nó nia
  • dírshinsear nó dírshliochtach.

Fostaithe a fhostaítear seachas mar chuid de ghnó

Ní fhéadtar SFPF a éileamh d’fhostaithe a bhí fostaithe seachas mar chuid de ghnó. Samplaí de na fostaithe seo ná fostaithe intíre, amhail:

  • feighlithe leanaí
  • coimeádaithe tí
  • garraíodóirí. 

Ar aghaidh: Clárúchán agus oibriú na Scéime Fóirdheontais Pá Fostaíochta (SFPF)