Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (SFPF)
    Cén chaoi le héileamh a dhéanamh i leith fostaithe agus rátaí fóirdheontais
Chun an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (SFPF) a éileamh d’fhostaí incháilithe, ba ghá an méid seo a leanas a dhéanamh:
- ‘SFPF’ a lua mar chineál na híocaíochta sa rannán ‘Íocaíochtaí Eile’ ar an tíolacadh párolla
 
- €0.00 nó €1.00 a chur isteach (ag brath ar chumas an phacáiste párolla) mar luach den 'Íocaíocht Eile' chomhfhreagrach a rinneadh
 
- gan sonraí an SFPF a chur san áireamh in ‘Íocaíocht Eile’ ar an duillín pá a chuireadh ar fáil don fhostaí.
 
An méid a rinne na Coimisinéirí Ioncaim tar éis éileamh a fháil
Nuair a bhfuair na Coimisinéirí Ioncaim tíolacadh párolla SFPF incháilithe, rinne siad an méid seo a leanas:
- an fóirdheontas iníoctha a ríomh agus an párolla a thíolactar a phróiseáil
 
- íocaíocht a dhéanamh sa chuntas bainc ainmnithe, go hiondúil taobh istigh de dhá lá oibre
 
- an creidmheas Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa ( ÁSPC ) dlite i leith dátaí pá suas go dtí 28 Feabhra 2022 a ríomh agus é a chur ar do Ráiteas Cuntais ar líne.
 
Níor phróiseáil na Coimisinéirí Ioncaim an íocaíocht fóirdheontais más rud é :
- nach raibh imréiteach cánach agat
 
- nó
 
- má bhí tuairisceáin incháilitheachta athbhreithnithe amuigh agat ar dháta dlite an tuairisceáin 
 
Ba ghá duit teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim agus iarraidh orthu an aisíocaíocht a eisiúint nuair a bheidh:
- imréiteach cánach faighte agat
 
- nó
 
- na tuairisceáin amuigh tíolactha agat
 
Ba ghá duit teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim ar M’Fhiosruithe agus roghnaigh ‘ÍMAT Fostóra’ agus ansin ‘Fiosrú Ginearálta ÍMAT Fostóra’.
Fritháireamh
Féadadh éilimh SFSP a fhritháireamh i gcoinne dliteanais amuigh SFSP. Cinntíodh sé seo go nglanadh dliteanais SFSP sula ndéanadh íocaíocht i leith éilimh nua.
Rátaí fóirdheontais
Braitheadh suim an fhóirdheontais a íoctar leat ar ioncam comhlán gach fostaí. Tugadh an SFPF fóirdheontas cothromráta duit, bunaithe ar líon na bhfostaithe cáilitheacha ar do phárolla.
| 
 Rátaí fóirdheontais iníoctha in aghaidh an dáta pá 
 | 
| 
 Pá comhlán seachtainiúil an fhostaí 
 | 
 Suas go dtí an 31 Eanáir 2022  
 | 
 Ón 1 go 28 Feabhra 2022 
 | 
 Ón 1 Márta 2022 go 30 Aibreán 2022  
 | 
| 
 Níos lú ná €151.50  
 | 
  Náid 
 | 
  Náid 
 | 
  Náid 
 | 
| 
  Ó €151.50 go € 202.99 
 | 
  €203 
 | 
  €151.50 
 | 
  €100 
 | 
| 
 Ó €203 go € 299.99  
 | 
  €250 
 | 
  €203 
 | 
  €100 
 | 
| 
 Ó €300 go € 399.99  
 | 
  €300 
 | 
  €203 
 | 
  €100 
 | 
| 
 Ó €400 go € 1,462  
 | 
  €350 
 | 
  €203 
 | 
  €100 
 | 
| 
 Breis agus €1,462  
 | 
  Náid 
 | 
  Náid 
 | 
  Náid 
 | 
Rátaí fóirdheontais d’fhostaithe atá ag obair in earnálacha a bhfuil tionchar go díreach ag Rialacháin Sláinte Poiblí (RSP) an 20 Nollaig orthu
Más rud é gur fhostaí tú fostaithe incháilithe a bhí ag obair in earnálacha a bhí tionchar go díreach ag na srianta a fógraíodh ar an 20 Nollaig 2021 bhí fóirdheontais difriúla agat. Tugadh ‘RSP SFPF’ ar an gcéim seo den scéim. Chun RSP SFPF a éileamh d’fhostaí incháilithe, ní mhór duit an méid seo a leanas a dhéanamh:
- ‘RSP SFPF’ a chur san áireamh mar chineál na híocaíochta sa rannán ‘Íocaíochtaí Eile’ ar an tíolacadh párolla
 
- €0.00 nó €1.00 (ag brath ar chumas an phacáiste párolla) a chur isteach mar an luach don ‘Íocaíocht Eile’ comhfhreagrach a dhéanadh
 
- gan sonraí maidir leis an ‘Íocaíocht Eile’ SFPF a chur san áireamh ar an duillín pá a chuir tú ar fáil don fhostaí.
 
Rátaí athbhreithnithe agus rátaí fóirdheontais iníoctha in aghaidh an dáta pá d’fhostaithe sna hearnálacha buailte go díreach.
| Pá comhlán seachtainiúil an fhostaí | 01 Eanáir go 28 Feabhra 2022 | Ón 1 go 31 Márta 2022 | Ón 1 Aibreán go 31 Bealtaine 2022 | 
| Níos lú ná €151.50 | 
 Náid  | 
 Náid  | 
Náid  | 
| Ó €151.50 go € 202.99 | 
€203 | 
€151.50 | 
€100 | 
|  Ó €203 go €299.99 | 
€250 | 
€203 | 
€100 | 
|  Ó €300 go €399.99 | 
€300 | 
€203 | 
€100 | 
|  Ó €400 go €1,462 | 
€350 | 
€203 | 
€100 | 
|  Breis agus €1,462 | 
 Náid | 
Náid | 
Náid  | 
Minicíocht íocaíochta an fhóirdheontais
I gcás tréimhsí pá míosúil ina dtuairiscítear ceithre nó cúig seachtaine incháinithe, ríomhadh pá comhlán seachtainiúil trí:
- an pá comhlán seachtainiúil a mhéadú faoi 12
 
- an toradh a roinnt ar 52.
 
Féadadh sampla a fháil in Guidelines on the operation of the EWSS.
      
  		Ar aghaidh: Ráta laghdaithe Árachais Shóisialaigh Pá-Choibhneasa (ÁSPC)