Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (SFPF)

Critéir cháilitheachta d'fhostóirí

Tabhair do d’aire

Tháinig deireadh leis an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (SFPF) d’fhormhór na bhfostóirí ar an 30 Aibreán 2022 agus tiocfaidh deireadh leis do gach fostóir ar an 31 Bealtaine2022.

Chun cáiliú don SFPF, bhí ort an méid seo a leanas a chomhlíonadh:

  • imréiteach cánach a bheith agat ó na Coimisinéirí Ioncaim. Féadtar stádas reatha d’imréitigh cánach a sheiceáil ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Mura bhfuil imréiteach cánach reatha agat, féadtar iarratas a dhéanamh ag úsáid An ríomh sheirbhís Imréitigh Cánach.
  • a léiriú, chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim, an méid seo a leanas:
    • go raibh laghdú 30% ar láimhdeachas nó orduithe custaiméara do ghnó. Go raibh an tréimhse inar chóir don laghdú tarlú éagsúil, ag brath ar dhátaí pá na scéime
    • agus
    • go raibh an cur isteach seo ar ghnáthoibríochtaí mar thoradh ar COVID-19.

Dátaí pá idir an 1 Meán Fómhair agus an 31 Nollaig 2020

Le linn na ndátaí pá seo, ní mór duit a bheith in ann a léiriú go raibh laghdú 30% ar láimhdeachas nó orduithe custaiméara do ghnó idir an 1 Iúil agus an 31 Nollaig 2020. Tá an tréimhse ar chóir duit comparáid a dhéanamh idir an laghdú éagsúil, ag brath ar an dáta a thosaigh do ghnó ag trádáil.

Dátaí pá idir an 1 Meán Fómhair agus an 31 Nollaig 2020
Dáta tosaithe an ghnóTréimhsí comparáide
Roimh an 1 Iúil 2019 1 Iúil agus an 31 Nollaig 2019
Idir an 1 Iúil agus an 1 Samhain 2019 An dáta a thosaigh an gnó suas leis an 31 Nollaig 2019
Tar éis an 1 Samhain 2019 Láimhdeachas nó orduithe custaiméara réamh-mheasta le haghaidh an 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig 2020

Dátaí pá idir an 1 Eanáir agus an 30 Meitheamh 2021

Le linn na ndátaí pá seo, ní mór duit a bheith in ann a léiriú go raibh laghdú 30% ar láimhdeachas nó orduithe custaiméara do ghnó idir an 1 Eanáir agus an 30 Meitheamh 2021. Tá an tréimhse ar chóir duit comparáid a dhéanamh idir an laghdú éagsúil, ag brath ar an dáta a thosaigh do ghnó ag trádáil.

Dátaí pá idir an 1 Eanáir agus an 30 Meitheamh 2021
Dáta tosaithe an ghnóTréimhsí comparáide
Roimh an 1 Eanáir 2019 1 Eanáir go dtí an 30 Meitheamh 2019
1 Eanáir go dtí an 1 Bealtaine 2019 An dáta tosaithe suas leis an 30 Meitheamh 2019
Tar éis an 1 Bealtaine 2019 Láimhdeachas nó orduithe réamh-mheasta le haghaidh an 1 Eanáir 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021

Dátaí pá idir an 1 Iúil 2021 agus cibé acu an 30 Aibreán nó an 31 Bealtaine 2022

Le linn na ndátaí pá seo, ní mór duit a bheith in ann a léiriú go raibh laghdú 30% ar láimhdeachas nó orduithe custaiméara do ghnó idir an 1 Eanáir agus an 31 Nollaig 2021. Tá an tréimhse ar chóir duit comparáid a dhéanamh idir an laghdú éagsúil, ag brath ar an dáta a thosaigh do ghnó ag trádáil.

Dátaí pá idir an 1 Iúil 2021 agus an 30 Aibreán/31 Bealtaine 2022
Dáta tosaithe an ghnóTréimhsí comparáide
Roimh an 1 Eanáir 2019 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2019
Idir an 1 Eanáir agus an 31 Deireadh Fómhair 2019 An dáta tosaithe suas leis an 31 Nollaig 2019
Ar an 1 Samhain 2019, nó dá éis Láimhdeachas nó orduithe custaiméara réamh-mheasta le haghaidh an 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2021

Dátaí pá in 2022 d’fhostóirí a chuaigh isteach ar a scéim arís ón 1 Eanáir 2022

Le linn na ndátaí pá seo, ní mór duit a bheith in ann a léiriú go raibh laghdú 30% ar láimhdeachas nó orduithe custaiméara do ghnó idir an 1 Nollaig 2021 agus an 31 Eanáir 2022. Tá an tréimhse ar chóir duit comparáid a dhéanamh idir an laghdú éagsúil, ag brath ar an dáta a thosaigh do ghnó ag trádáil.

Dátaí pá in 2022 d’fhostóirí a chuaigh isteach ar a scéim arís ón 1 Eanáir 2022
Dáta tosaithe an ghnóTréimhsí comparáide
Roimh an 1 Bealtaine 2019 01/12/2019 go dtí an 31/01/2020
Ón 1 Bealtaine 2019 go dtí an 31 Nollaig 2021 Luach an mheán-láimhdeachais mhíosúil nó na n-orduithe custaiméara ó mhí Lúnasa go dtí mí na Samhna 2021.

Seiceálacha comhlíontachta

Le cinntiú go n-oibrítear an scéim mar a beartaíodh, tá na Coimisinéirí Ioncaim ag tabhairt faoin méid seo a leanas:

Gnóthaí cúraim leanaí cáilitheacha

Cuireadh gnóthaí cúraim leanaí a cláraíodh de réir Alt 58C den Acht um Chúram Leanaí, 1991 san áireamh sa scéim. Bhí gnóthaí cúraim leanaí díolmhaithe ón gcoinníoll maidir le laghdú láimhdeachais ach bhí orthu an coinníoll maidir le himréiteach cánach a chomhlíonadh.

Ar aghaidh: Foirm athbhreithnithe d'incháilitheacht fostóirí