Uirlis measúnaithe d’fhéin-athbhreithniú incháilitheachta

Cabhróidh uirlis measúnaithe d’fhéin-athbhreithniú incháilitheachta na gCoimisinéirí Ioncaim leat athbhreithniú a dhéanamh ar d’incháilitheacht don Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (SFPF).

Braithfidh d’incháilitheacht ar na coinníollacha cáilitheacha don tréimhse pá chuí. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Coinníollacha cáilitheacha d’fhostóirí.

Ríomhfaidh an uirlis má tá bhí incháilithe nó nach bhfuil bunaithe ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach. Léireoidh an uirlis má bhí laghdú 30% ar láimhdeachas nó orduithe custaiméara do ghnó i gcomparáid le 2019 mar gheall ar phaindéim COVID-19.

Ba chóir duit cóip den uirlis a shábháil agus í a choinneail le haghaidh tuilleadh athbhreithnithe féideartha ar d’incháilitheacht don SFPF.

Tabhair do d’aire

Níl an uirlis seo oiriúnach d’aon tréimhse a raibh gnó aicmithe mar ghnó nua le haghaidh incháilitheacht SFPF.

Cén chaoi leis an uirlis a úsáid

Roinntear an uirlis i gceithre chuid, ceann amháin do gach tréimhse athbhreithnithe incháilitheachta. Ba chóir duit luachanna an láimhdeachais iarbhír nó na n-orduithe custaiméara a chur isteach sna réimsí cuí.

Ba chóir duit comparáid a dhéanamh idir thorthaí na huirlise seo agus:

  • sonraí d’Fhoirm Athbhreithnithe Incháilitheachta (FAI) le haghaidh na tréimhsí pá ina raibh feidhm ag an riachtanas FAI
  • torthaí na seiceálacha míosúla d’athbhreithniú incháilitheachta le haghaidh na tréimhsí pá nach raibh feidhm ag an riachtanas FAI.

Bhí feidhm ag an riachtanas FAI le haghaidh formhór na dtréimhsí pá ón 1 Iúil 2021.

Ba chóir duit láimhdeachas míosúil eisiata ó Cháin Bhreisluacha (CBL) agus luachanna orduithe custaiméara a chur isteach sna boscaí cuí.

Céard is gá a chur san áireamh

Beidh ort foinsí uile an ioncaim trádála a chur san áireamh, lena n-áirítear go sonrach díolacháin, tabhartais agus maoiniú Stáit. Mar thoradh ar seo, seans mhaith go dtiocfaidh fostóirí sna hearnálacha poiblí, comhphobail agus saorálach de bheith neamh-incháilithe toisc gur fhan maoiniú Stáit de bheith seasmhach, nó i roinnt earnáil, tháinig méadú air.

Céard atá le déanamh má bhí tú incháilithe

Má chinneann d’fhéin-athbhreithniú go raibh tú incháilithe le haghaidh gach tréimhse, níl ort aon rud eile a dhéanamh.

Céard atá le déanamh má bhí tú neamh-incháilithe le haghaidh roinnt tréimhse, nó iad uile

D’fhéadfadh an uirlis thú a aithint mar a bheadh tú incháilithe do mhí áirithe. Más ea, ní gá duit an creidmheas SFPF agus ÁSPC a aisíoc má:

  • bhí d’éileamh i leith na míosa sin bunaithe ar mheastacháin a ullmhaíodh ar ar bhonn iontaofa
  • agus
  • d’fhág tú an SFPF chomh luath agus a bhí sé soiléir nár comhlíonadh an tástáil trádálaithe 30% riachtanach sa mhí sin.

Meabhraítear duit taifead mionsonraithe a choinneáil ar d’athbhreithnithe míosúla cháilitheachta.

Níl tú incháilithe le haghaidh SFPF ón gcéad lá den mhí ina dhiaidh sin. Meabhraítear duit taifead mionsonraithe a choinneáil ar d’athbhreithnithe míosúla cháilitheachta.

Má chinneann d’fhéin-athbhreithniú go raibh tú neamh-incháilithe le haghaidh roinnt tréimhse nó iad uile, bain an t-éileamh SFPF ó na duillíní pá sa tréimhse ina raibh tú neamh-incháilithe. Déantar é seo tríd an marcóir SFPF a bhaint ón réimse ‘Íocaíochtaí eile’ den phárolla. Tá treoracha breise ar an gcaoi chun é seo a dhéanamh le fáil ar leathanach 30 de Guidelines on the operation of the Employment Wage Subsidy (EWSS) Scheme. Ba chóir an creidmheas SFPF agus Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) a fuarthas de thaisme a aisíoc trí RevPay.

Stórasú Fiachais

Má bhí tú incháilithe le haghaidh Stórasú Fiachais na gCoimisinéirí Ioncaim, d'fhéadfaí aon SFPF nó dliteanais ÁSPC ghaolmhara a dhearbhaigh tú a chur san áireamh sa Stóras Fiachais. Ba chóir go mbeadh an SFPF nó dliteanais ÁSPC ghaolmhara dearbhaithe agat roimh an 30 Meán Fómhair 2022. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Stórasú fiachais.