Stórasú fiachais

Téarmaí agus coinníollacha cáilitheacha

Is iad seo a leanas na téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le stórasú fiachais do gach cineál cánach:

  • ní mór gach tuairisceán cánach a thíolacadh ionas go ndéantar an fiachas a mheas.
  • agus
  • ní mór cánacha reatha a íoc de réir mar a thagann siad de bheith dlite.

Téarmaí agus coinníollacha breise

Cáin Ioncaim

Cuirtear téarmaí agus coinníollacha breise i bhfeidhm maidir le stórasú Cánach Ioncaim.

Bhí íocaíochtaí Cánach Ioncaim a tháinig de bheith dlite ar an 31 Deireadh Fómhair 2020 agus ar an 31 Deireadh Fómhair 2021 in ann leas a bhaint as an Scéim Stórasaithe Fiachais. Bhí sé seo faoi réir critéir áirithe, mar atá leagtha amach thíos:

Tuairisceán Cánach Ioncaim 2019

  • Ní mór gur thíolaic tú do Thuairisceán Cánach Ioncaim do 2019 faoi na dátaí spriocdháta cuí.
  • Ní mór go raibh tú ag súil go mbeidh d’ioncam iomlán do 2020 ar a laghad 25% níos lú ná d’ioncam iomlán do 2019. Ní mór go ndearnadh dearbhú ar an ionchas seo ar do Ráiteas Cánach Ioncaim ar Ghlandliteanais 2019. 

Tuairisceán Cánach Ioncaim 2020

  • Ní mór gur thíolaic tú do Thuairisceán Cánach Ioncaim do 2020 faoi na dátaí spriocdháta cuí.
  • Ní mór go raibh tú ag súil go mbeidh d’ioncam iomlán do 2021 ar a laghad 25% níos lú ná d’ioncam iomlán do 2019. Ní mór go ndearnadh dearbhú ar an ionchas seo ar do Ráiteas Cánach Ioncaim ar Ghlandliteanais 2020. 

Dliteanas ÍMAT Sceideal E (Tuairisceán Cánach Ioncaim 2020 amháin)

Féadfaidh sé go raibh tú i dteideal cuid de do dhliteanas Cánach Ioncaim a stórasú má bhí tú i do stiúrthóir nó fostaí le leas ábhartha i do chuideachta fostóra. Bhain sé seo le Dliteanas ÍMAT Sceideal E le haghaidh do Thuairisceán Cánach Ioncaim 2020 amháin.

Ní mór go raibh dearbhú déanta agat ar Ráiteas Cánach Ioncaim ar Ghlandliteanais 2020 nach raibh tú: 

  • i dteideal stórasú Cánach Ioncaim toisc go bhfuil d’ioncam níos mó ná 75% de d’ioncam 2019
  • in ann faoiseamh a éileamh faoi Alt 997A den ACC toisc go bhfuil dliteanas Cánach Ioncaim ÍMAT stórasaithe ag d’fhostóir.

Téarmaí agus Coinníollacha na Scéime Fóirdheontais Shealadaigh Pá (SFSP)

Bhíodh sé indéanta d’aisíocaíochtaí i leith na Scéime Fóirdheontais Shealadaigh Pá (SFSP) agus na Scéime Fóirdheontais Pá Fostaíochta (SFPF) a stórasú. Lena aghaidh seo, ní mór go raibh tú in ann a thaispeáint nach bhféadann do ghnó an íocaíocht bhreise a fuair tú a aisíoc. 

Tabhair do d’aire

Má loiceann tú cloí le téarmaí agus coinníollacha na scéime stórasaithe, bainfear den scéim thú. Féadfar gach iarmhéid atá amuigh a fhorfheidhmiú agus gearrfar ús ag an ráta reachtúil iomlán.

Ar aghaidh: Stórasú a bhaint