Stórasú fiachais

Stórasú a bhaint

Má theipeann ort do chánacha reatha a thíolacadh agus a íoc de réir mar a thagann siad dlite, féadfadh sé go mbainfear den Scéim Stórasaithe thú mar thoradh air. Sa chás go mbaintear den Scéim Stórasaithe thú, tarlóidh an méid seo a leanas i leith na dtréimhsí stórasaithe:

  • tiocfaidh siad de bheith iníoctha láithreach
  • féadfaidh sé go mbeidh siad faoi réir gníomhaíocht forfheidhmiúcháin bailithe fiachais
  • agus
  • beidh siad faoi réir táillí úis 8% nó 10% in aghaidh na bliana.  

Chomh maith leis seo, cuirfear do Dheimhniú Imréitigh Cánach (TCC) ar ceal go huathoibríoch. Dá bharr seo, cuirfear deireadh le haon íocaíochtaí tacaíochta Rialtais nó cúnamh deontais go dtí go gceartófar d'fhadhbanna comhlíontachta.

Ar aghaidh: Fiachas stórasaithe a aisíoc - 1 Bealtaine 2024