Stórasú fiachais

Fiachas stórasaithe a aisíoc - 1 Bealtaine 2024

I mí Dheireadh Fómhair 2022, chuir na Coimisinéirí Ioncaim síneadh leis an dáta chun fiachas stórasaithe a aisíoc ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 1 Bealtaine 2024.

Ar an 1 Bealtaine 2024, bhí súil go ndéanfadh custaiméirí an méid seo a leanas:

  • a bhfiachas stórasaithe a íoc ina iomláine
  • teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim chun socrú íocaíochta a dhéanamh chun an fiachas a íoc thar thréimhse chomhaontaithe ama.

Roghanna íocaíochta

Bhí roinnt roghanna ar fáil chun fiachas stórasaithe a íoc ag brath ar chúinsí agus ar fhiachas amuigh, lena n-áirítear:

  1. Íocaíocht iomlán a dhéanamh láithreach, nó go páirteach, trí bhealaí íocaíochta ar líne.
  2. Íocaíochtaí a thosú trí Shocrú Tráthíocaíochtaí (PPA) roimh an spriocdháta 1 Bealtaine 2024.
  3. Socrú íocaíochta a chomhaontú agus tús a chur le híocaíochtaí míosúla ón 1 Bealtaine 2024.
  4. Iarratas a dhéanamh ar PPA comhdhlúite gan mhoill má bhí PPA reatha agat le haghaidh cánacha eile.
  5. Iarratas chun éilimh inaisíoctha amhail Cáin Bhreisluacha (CBL) a fhritháireamh in aghaidh fiachas stórasaithe ar bhonn leanúnach.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar Shocruithe Tráthíocaíochtaí, féach An chaoi le hiarratas a dhéanamh ar PPA.

Ar aghaidh: Leasuithe ar an Scéim Stórasaithe Fiachais