An Scéim Shealadach Tacaíochta Fuinnimh do Ghnóthaí (SSTFG)

Cé mhéad a fhéadann gnó a éileamh?

Bhí teorainn i bhfeidhm ar na híocaíochtaí iomlána a d'fhéadfadh gnó cáilitheach a éileamh i leith gach tréimhse éilimh. Ba é an teorainn do na tréimhsí éilimh Meán Fómhair 2022 go dtí Feabhra 2023 ná €10,000. Méadaíodh an teorainn go dtí €15,000 le haghaidh na tréimhsí éilimh, Márta 2023 go dtí Iúil 2023.

Nuair a bhí níos mó ná trádáil nó gairm amháin ar bun ag duine, cuireadh an teorainn mhíosúil i bhfeidhm ar gach gnó cáilitheach ar leithligh.

Má bhí cuntais leictreachais agus gáis ar leithligh ag do ghnó, bhain teorainn na gcostas incháilithe leis an dá chuntas fuinnimh.

Gnóthaí a bhfuil níos mó ná cuntas leictreachais amháin acu

D'fhéadfaí an teorainn mhíosúil a mhéadú sa chás go raibh:

  • gnó cáilitheach ag feidhmiú i láithreacha iomadúla
  • agus
  • breis agus cuntas leictreachais amháin ag gnó cailitheach.

Maidir leis na tréimhsí éilimh Meán Fómhair 2022 go dtí Feabhra 2023, d'fhéadfadh méadú €10,000 teacht ar an teorainn mhíosúil do gach cuntas leictreachais. Bhí sé seo faoi réir teorainn mhíosúil fhoriomlán €30,000 an gnó cáilitheach.

Maidir leis na tréimhsí éilimh Márta 2023 go dtí Iúil 2023, d'fhéadfadh méadú €15,000 teacht ar an teorainn mhíosúil do gach cuntas leictreachais. Bhí sé seo faoi réir teorainn mhíosúil fhoriomlán €45,000 an gnó cáilitheach.

Bhí aitheantóir uathúil Uimhir Thagartha Mhéadarphointe (MPRN) de dhíth le haghaidh gach cuntas leictreachais, le seoladh soláthair leictreachais ar leith do gach MPRN.

Féadfaidh sé go raibh níos mó ná cuntas leictreachais amháin ag do ghnó agus féadfaidh sé go raibh sé incháilithe don teorainn mhéadaithe. Sa chás seo, bhí costais leictreachais agus gáis nádúrtha araon faoi réir na teorann. Ní raibh feidhm leis an teorainn méadaithe sa chás go raibh cuntais leictreachais iolracha ann a bhí:

  • lonnaithe ag an seoladh soláthair leictreachais céanna
  • lonnaithe in aice lena chéile.

Creat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe (CSGA)

Is é suim iomlán an fhaoisimh a fhéadann gnóthas aonair a éileamh faoi Alt 2.1 den CSGA ná €2 milliún. Áirítear leis seo aon fhaoiseamh a éilíodh faoin SSTFG. Is é €250,000 an teorainn i gcás feirmeoirí agus is é €300,000 an teorainn i gcás na n-earnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe. 

Le haghaidh tuilleadh eolais ar céard is ‘gnóthas aonair’ ann, féach an chéad leathanach eile.

Feabhsuithe ar an SSTFG

Rinneadh roinnt feabhsuithe ar an Scéim Shealadach Tacaíochta Fuinnimh do Ghnóthaí (SSTFG).

Ba iad seo a leanas na feabhsuithe:

  • síneadh don scéim go dtí an 31 Iúil 2023
  • méadú ar an teorainn mhíosúil ar íocaíochtaí le haghaidh tréimhsí éilimh ón 1 Márta 2023 ar aghaidh:
    • méadaíodh an teorainn mhíosúil ar íocaíochtaí faoin scéim ó €10,000 go €15,000 do gach aon ghnó cháilitheach
    • méadaíodh an teorainn mhíosúil €30,000 go €45,000 do gach aon ghnó cháilitheach i gcásanna inar fheidhmigh an gnó cáilitheach i láithreacha iomadúla.
  • laghdú ar thairseach na gcostas fuinnimh ó 50% go 30%, le héifeacht ón 1 Meán Fómhair 2022
  • méadú ar an Íocaíocht Shealadach um Fhuinneamh Gnó (ÍSFG) ó 40% go 50% de chostais incháilithe gnó ón 1 Márta 2023
  • agus
  • síneadh a chur leis an teorainn ama do gach éileamh go dtí an 30 Meán Fómhair 2023.

Nuashonraíodh Treoirlínte SSTFG chun na hathruithe seo a léiriú.

Féadann gnóthaí cáilitheacha éilimh do thréimhsí éilimh Mheán Fómhair 2022 go dtí Iúil 2023 a dhéanamh.

Rinne na Coimisinéirí Ioncaim athmheasúnú go huathoibríoch ar éilimh ag baint úsáide as an tairseach nua costais fuinnimh 30%. Ní raibh ar ghnóthaí éilimh a cuireadh isteach roimhe seo a leasú chun an tairseach athbhreithnithe a chur san áireamh.  

Ar aghaidh: Gnóthas aonair