An Scéim Shealadach Tacaíochta Fuinnimh do Ghnóthaí (SSTFG)

Critéir cháilitheacha do ghnóthaí incháilithe

Measadh gur gnó incháilithe a bhí i ngach ceann díobh seo a leanas faoin SSTFG:

  • gnó a lean ar aghaidh le ceird nó gairm a bhí incháinithe faoi Chás I nó Chás II de Sceideal D
  • comhlachtaí spóirt ceadaithe áirithe a lean ar aghaidh le ceird nó gairm a bhí incháinithe faoi Chás I nó Chás II, murach díolúine
  • agus
  • carthanais áirithe a lean ar aghaidh le gníomhaíochtaí trádála a bhí incháinithe faoi Chás I, murach díolúine.

Áiríodh cuideachtaí, trádálaithe aonair, daoine aonair féinfhostaithe agus comhpháirtíochtaí leis seo.

Custaiméirí ar bhonn Íoctar mar a Úsáidtear

Má d'íoc do ghnó as leictreachas agus gás ar bhonn Íoc mar a Úsáidtear, d'fhéadfaí leas a bhaint as an SSTFG. Bhrath sé seo ar an gcoinníoll go raibh na critéir cháilitheachta comhlíonta. Ní mór go raibh sonraí ó do ráiteas fuinnimh curtha ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim mar chuid d’éileamh.

Critéar incháilitheachta

Chun cáiliú don SSTFG, bhí ar do ghnó incháilithe:

  • ‘tairseach na gcostas fuinnimh’ a shárú (féach thíos)
  • a bheith comhlíontach ó thaobh cánach de i ndáil le clárúchán cánach, íocaíochtaí cánach agus tuairisceáin chánacha a bheith tíolactha
  • a bheith incháilithe do dheimhniú imréitigh cánach le linn na tréimhse éilimh
  • a bheith mar gnó incháilithe le linn na tréimhse éilimh agus ní mór go raibh sé beartaithe acu a bheith ina ghnó incháilithe i ndiaidh dheireadh na tréimhse éilithe
  • agus
  • an clárúchán SSTFG agus an próiseas éilimh a chomhlánú, lena n-áirítear gach dearbhú riachtanach a bheith curtha i gcrích.

Bhí na coinníollacha seo le comhlíonadh do gach tréimhse a raibh éileamh á dhéanamh ag do ghnó ina leith.

Tairseach na gcostas fuinnimh

Ní mór raibh gnólachtaí incháilithe tar éis tairseach na gcostas fuinnimh a bhaint amach i leith gach bille leictreachais agus gáis nádúrtha in aghaidh an éilimh.

Bhí mór meánphraghas aonaid leictreachais nó gáis nádúrtha le ríomh do gach bille fuinnimh a d'éirigh aníos i dtréimhse éilimh. Ríomhadh meánphraghas an aonaid freisin don tréimhse chomhfhreagrach thagartha sa bhliain roimhe.

Dearnadh comparáid ansin idir meánphraghas an aonaid ar chostais leictreachais nó gáis nádúrtha:

  • an bhille sa tréimhse éilimh
  • agus
  • na tréimhse chomhfhreagrach thagartha sa bhliain roimhe.

Chun tairseach na gcostas fuinnimh a shásamh ní mór méadú 30% nó níos mó in aghaidh an bhille cuí a bheith tagtha ar mheánphraghas an aonaid.

Tá tuilleadh eolais ar tairseach na gcostas fuinnimh ar fáil i  dtreoirlínte an SSTFG.

Áireamhán SSTFG

Ba é meánphraghas an aonaid costais iomlána an bhille, gan Cháin Bhreisluacha (CBL) san áireamh, roinnte faoi na haonaid tomhaltais.

D'fhéadfaí áireamhán ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim a úsáid chun a chinneadh an raibh tairseach na gcostas fuinnimh bainte amach ag do ghnó. Baineadh úsáid as an gcomhaireamh seo do gach bille leictreachais nó gáis nádúrtha ar leith. Bhí gá duit na sonraí cuí a chur ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim ó:

  • bhille na tréimhse éilimh
  • agus
  • bille an tréimhse chomhfhreagrach tagartha.

Do bhille a thuiscint

Cuireadh eolas ar fáil maidir leis an gcaoi le sonraí na mbillí fuinnimh cuí a fháil, féach nótaí treorach na gCoimisinéirí Ioncaim Understanding your bill.

Ar aghaidh: Costais a fhéadtar a áireamh in éileamh