Déanann na Coimisinéirí Ioncaim na chéad íocaíochtaí faoin SSTFG

Inniu (21/12/2022), dheimhnigh na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil na chéad íocaíochtaí faoin Scéim Shealadach Tacaíochta Fuinnimh do Ghnóthaí (SSTFG) eisithe. Feicfidh gnólachtaí cáin-chomhlíontacha a bhfuil éilimh tíolactha acu cheana féin tríd an tairseach éilimh, atá ar fáil tríd an gcóras ríomh-Aisíocaíochtaí ar Sheirbhís Ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS), íocaíochtaí ag teacht isteach ina gcuntais bhainc roimh an deireadh seachtaine. Leanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ag próiseáil íocaíochtaí SSTFG thar thréimhse na Nollag.

Go dtí seo tá os cionn 1,800 gnólacht, atá cláraithe don SSTFG, tar éis éilimh a fháil ceadaithe agus gheobhaidh siad íocaíochtaí ar luach comhcheangailte de €4.8m sna laethanta amach romhainn. Tá tús curtha ag 900 gnólacht eile leis an bpróiseas éilimh, ach níl siad críochnaithe go hiomlán. Meabhraítear do ghnólachtaí go gcaithfear na céimeanna riachtanacha go léir a chur i gcrích chun íocaíocht a fháil faoin SSTFG. Ní féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim íocaíocht a dhéanamh ach amháin sa gcás gur cuireadh an fhaisnéis éilimh go léir ar fáil, leis an dearbhú riachtanach a dheimhníonn go bhfuil coinníollacha cáilitheacha na scéime comhlíonta, agus go ndéantar éileamh a thíolacadh. 

Chun cabhrú le gnóthaí nár chláraigh go fóill don SSTFG tríd an áis ríomhChlárúchán in ROS, agus na 6,000 gnó a chláraigh ach nach bhfuil éilimh tíolactha fós, tá treoir mhionsonraithe foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim ar ár suíomh idirlín. Chomh maith leis sin, is féidir teacht ar threoir 'Do bhille a thuiscint’, chun cabhrú le faisnéis riachtanach billí a aithint, agus tá taifeadadh ar fáil den Seimineár ar líne beo a reáchtáil na Coimisinéirí Ioncaim an tseachtain seo caite a thugann aghaidh ar cheisteanna a d'ardaigh gnólachtaí. 

[Críoch 21/12/2022]