Fógra tábhachtach faoi éilimh Mheán Fómhair don SSTFG

Inné (30/1/23), d’fhógair na Coimisinéirí Ioncaim go bhféadfaidh gnólachtaí incháilithe éilimh a dhéanamh faoin Scéim Shealadach Tacaíochta Fuinnimh do Ghnóthaí (SSTFG) don tréimhse éilimh Meán Fómhair 2022 tar éis spriocdháta an lae amárach. Faoin scéim, is gá éilimh a dhéanamh laistigh de cheithre mhí ó dheireadh na tréimhse éilimh. Dá bhrí sin, is gá éilimh maidir le billí fuinnimh do Mheán Fómhair 2022 a thíolacadh faoin 31 Eanáir 2023. 

Agus é ag trácht ar an tréimhse shínte chun éilimh a dhéanamh, dúirt an tArd-Bhailitheoir, an tUasal Joe Howley:

“Tá muid ag feiceáil gníomhaíocht mhéadaithe ar thairseach éilimh SSTFG na gCoimsinéirí Ioncaim. Tá méadú suntasach freisin ar líon na nglaonna gutháin atá á bhfáil againn ar ár líne chabhrach tiomnaithe SSTFG, agus astu sin tá béim ar leith ar an spriocdháta atá le teacht. Is léir go bhfuil deacrachtaí ag roinnt gnóthaí, in ainneoin a ndícheall, an spriocdháta atá le teacht a bhaint amach. Tá na Coimisinéirí Ioncaim ag tabhairt am breise do ghnólachtaí chun a gcuid éilimh a thíolacadh.

 Moltar do ghnólachtaí a chláraigh le haghaidh SSTFG agus atá incháilithe, rochtain a fháil ar thairseach na n-éileamh tríd an gcóras ríomh-Aisíocaíochtaí ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) agus éileamh a dhéanamh a luaithe agus is féidir. Ón 30 Eanáir, tá os cionn 18,700 gnólacht tar éis clárú don SSTFG agus tá 11,200 éileamh ceadaithe cheana féin. Tá luach €22.7 milliún ag na héilimh cheadaithe seo agus tá €18.2 milliún íoctha isteach i gcuntais bhainc ghnólachtaí cheana féin ”

Chun cabhrú le gnólachtaí éilimh a dhéanamh, tá treoir mhionsonraithe foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim lena n-áirítear gabhálacha scáileáin ar thairseach éilimh SSTFG, atá ar fáil ar ár suíomh idirlín. Tá treoir 'Do bhille a thuiscint’ foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim freisin, chun cabhrú le gnólachtaí faisnéis riachtanach billí a aithint chun críocha éileamh a dhéanamh.

[Críoch 30/01/2023]