Seolann na Coimisinéirí Ioncaim comhairliúchán maidir le Riar Cánach Breisluacha na hÉireann a Nuachóiriú

Inniu (13/10/2023), de réir óráid Bhuiséid an Aire Airgeadais, Michael McGrath, T.D., níos luaithe an tseachtain seo, sheol na Coimisinéirí Ioncaim comhairliúchán poiblí maidir le riar Cánach Breisluacha na hÉireann a nuachóiriú (CBL).

Tugann dul chun cinn na teicneolaíochta digití deis athdhearadh a dhéanamh ar an gcaoi a riartar CBL chun oibleagáidí comhlíontachta a ailíniú ar bhealach níos dlúithe le gnáthphróisis ghnó. Laghdóidh sé seo costais chomhlíontachta agus bainfidh sé éifeachtúlachtaí amach do ghnóthaí atá comhlíontach ó thaobh cánach de agus ag an am céanna cuirfidh sé ar chumas na gCoimisinéirí Ioncaim díriú ar chalaois a chomhrac. Sa chomhthéacs sin, is é cuspóir na gCoimisinéirí Ioncaim tabhairt isteach tuairisciú digiteach fíor-ama le haghaidh CBL a chur chun cinn, le tacaíocht ó sonrascú leictreonach (ríomh-Sonrascú).

Le blianta beaga anuas, tá go leor geilleagair fhorbartha ag tabhairt faoi athchóirithe mar seo, rud a chiallaíonn go bhfuil taithí mhaith idirnáisiúnta ar fáil as ar féidir le hÉirinn foghlaim.  Ag leibhéal an AE, tá plé ar siúl faoi láthair maidir le tograí VAT in the Digital Age (ViDA) de chuid an Choimisiún Eorpach le haghaidh forbairtí comhchosúla i ndáil le hidirbhearta trasteorann idir na Ballstáit.

Is é fócas an chomhairliúcháin tosaigh seo ná an t-athchóiriú ar thuairisciú CBL ó Ghnó go Gnó (B2B) agus Gnó go Rialtas (B2G), le tacaíocht ó ríomh-Sonraisciú.

Tá na Coimisinéirí Ioncaim ag lorg tuairimí gach páirtí leasmhar CBL, lena n-áirítear gnóthaí, soláthraithe bogearraí cuntasaíochta, soláthraithe ríomh-Sonraiscithe, cleachtóirí cánach, gnóthaí cuntasaíochta, coimeádaithe leabhar, comhlachtaí ionadaíocha gnó agus tionscail, agus gach páirtí leasmhar eile.

Beidh an próiseas comhairliúcháin phoiblí ar siúl ón lá inniu, an 13 Deireadh Fómhair 2023, go dtí an 12 Eanáir 2024.

Foilsítear an páipéar comhairliúcháin ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim agus tá sé ar fáil anseo.

[CRÍOCH 13/10/2023]