Meabhrúchán tábhachtach do shiopadóirí ar líne

Inniu (20/11/2023), d'eisigh na Coimisinéirí Ioncaim meabhrúchán tráthúil do shiopadóirí ar líne, sa chás go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil praghas na n-earraí a fhógraítear ar líne an-íseal, go bhféadfadh sé seo a bheith amhlaidh toisc nár cuireadh cáin agus dleacht san áireamh sa phraghas a fógraíodh, nó toisc go bhféadfadh sé gur earraí góchumtha atá i gceist.

Níl dleachtanna custam ná muirir CBL iompórtála i bhfeidhm agus earraí á n-ordú ar líne ó Éirinn nó ó thíortha eile san AE, ach beidh beagnach gach earra a thagann ó thíortha neamh-AE faoi dhliteanas cánach agus dleachtanna iompórtála. Ní mór do thomhaltóirí cuimhneamh freisin go ngearrann oibreoirí beartán táille riaracháin ar leithligh de ghnáth. Sa chás nach bhfuil na costais seo san áireamh sa phraghas a fhógraítear, d'fhéadfadh táillí breise a bheith i gceist nuair a thagann na hearraí go hÉirinn.

Ag labhairt di faoi na táillí breise a d'fhéadfadh teacht chun cinn agus earraí á gceannach ar líne ó thíortha neamh-AE, dúirt Maureen Dalton, ceannasaí Bhrainse Bainistíochta Teorann an Oirdheiscirt na gCoimisinéirí Ioncaim:

"Beidh gach earra faoi dhliteanas CBL, agus beidh earraí a bhfuil luach custam níos mó ná €150 faoi dhliteanas Dleachta Custam agus CBL araon. Ciallaíonn sé seo, mar shampla, go bhféadfadh costas thart ar €97 breise a bheith ar earra éadaigh a cheannaítear ar líne ó na Stáit Aontaithe nó ón Ríocht Aontaithe, ar chostas coibhéiseach €250, le haghaidh Dleacht Custam, CBL, árachais agus táillí láimhseála.

Sula ndéantar cinneadh earraí a cheannach ar líne, ba cheart do shiopadóirí a sheiceáil an bhfuil aon chánacha, dleachtanna nó táillí riaracháin infheidhmithe san áireamh sa phraghas a fógraíodh. Cinnteoidh sé seo nach mbeidh táillí gan choinne bainteach leis an seachadadh.

Ba chóir do thomhaltóirí a bheith ar an eolas freisin nach gá go gciallódh ainm fearainn '.ie' go bhfuil an díoltóir lonnaithe in Éirinn. Is féidir le siopadóirí seiceáil cá bhfuil gnó lonnaithe trí na rannáin 'Fúinn', 'Déan teagmháil linn' agus 'Téarmaí agus Coinníollacha' dá suíomh idirlín a léamh"

Ba chóir do thomhaltóirí a bheith ar an eolas freisin go ndéanann na Coimisinéirí Ioncaim earraí góchumtha a urghabháil ag pointe na hiompórtála. Le linn 2022, ghabh na Coimisinéirí Ioncaim earraí góchumtha ar luach beagnach €5.8 milliún.

Agus í ag trácht ar na rioscaí a bhaineann le hearraí góchumtha, thug Dalton, Uasal rabhadh:

"Tá éadaí brandáilte bréige, reathaithe, málaí láimhe agus gléasanna móibíleacha i measc na n-earraí góchumtha is coitianta a urghabhann na Coimisinéirí Ioncaim. Níl cuid de na hearraí seo faoi réir rialála sa tír ina ndéantar iad agus is minic a bhíonn siad ar dhroch-chaighdeán, nach gcloíonn le caighdeáin sábháilteachta aitheanta.

Dá bhrí sin, ba cheart do shiopadóirí a bheith cúramach agus earraí á gceannach ar líne, ó thaobh sláinte agus sábháilteachta de, agus ó thaobh a bheith cinnte nach gcailleann siad caillteanas airgeadais nuair a urghabhtar na hearraí a cheannaíonn siad toisc go bhfuil siad góchumtha."

Agus achoimre á déanamh aici ar chomhairle do thomhaltóirí, dúirt Dalton, Uasal:

"Agus iad ag siopadóireacht ar líne, ba chóir do shiopadóirí a bheith san airdeall go mbíonn roinnt praghsanna earraí ann atá ró-mhaith le bheith fíor, agus is féidir le cinneadh maidir le margadh a bhreathnaíonn go maith a bheith costasach, nó fiú contúirteach."

Féadtar tuilleadh eolais ar mhuirir chánach agus dleachta a d'fhéadfadh a bheith i gceist le hearraí a cheannaítear ar líne le haghaidh úsáid phearsanta a fháil ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim, atá ar fáil anseo. Ina theannta sin, má tá eolas ag gnóthais nó ag an bpobal maidir le hearraí góchumtha a smuigleáil nó a dhíol, féadfaidh siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an uimhir shaorghlao 1800 295 295.

CRÍOCH [20/11/2023]