Earraí a cheannach ar líne le haghaidh úsáid phearsanta
Léargas ginearálta
Má tá tú ag ceannach earraí ar líne, féadfaidh sé go mbeidh ort dleacht agus cáin a íoc ina leith. Braitheann sé seo ar an áit as a gceannaíonn tú na hearraí. Go ginearálta, ní ghearrtar dleachtanna iompórtála ar earraí atá á seachadadh ó laistigh den Aontas Eorpach (AE), seachas sa gcás go bhfuil na hearraí faoi réir Dleacht Mháil.
Má tá earraí á seachadadh ó lasmuigh den AE, féadfaidh sé go bhfuil siad faoi réir Dleacht Custam agus Cáin Bhreisluacha (CBL). Bíonn dleachtanna eile amhail Dleachtanna Frithdhumpála agus Dleachtanna Frithchúitimh i gceist le roinnt earraí freisin. D'fhéadfadh an praghas iomlán a íocann tú a bheith níos airde ná mar a bhí tú ag súil leis.
Seiceáil an bhfuil an suíomh idirlín nó an gnólacht lonnaithe san Aontas Eorpach
Tá sé tábhachtach duit a sheiceáil go bhfuil an suíomh idirlín atá tú ag ceannach uaidh lonnaithe san AE. Ní cruthúnas iad seo a leanas ar shuíomh gnó ná na n-earraí atá á seachadadh ó laistigh den AE:
- ainm an tsuímh idirlín
- seoladh an tsuímh idirlín dar críoch '.ie'
- nó
- praghsanna a léirítear in Euro.
Ba chóir duit na téarmaí agus coinníollacha, an polasaí príobháideachais, an fhaisnéis 'maidir linne' nó 'déan teagmháil linn' a sheiceáil ar an ardán nó ar shuíomh idirlín an díoltóra. Ba cheart go léireodh an fhaisnéis seo cá bhfuil an gnó lonnaithe, agus má tá cánacha agus dleachtanna san áireamh sa phraghas. De rogha air sin, déan teagmháil dhíreach leis an ardán nó an gnó chun costas iomlán do cheannacháin a fháil amach roimh ré.
Tabhair do d'aire
Ba chóir duit seiceáil cad iad na muirir a ghearrtar ag an tseiceáil amach agus céard atá san áireamh sna téarmaí seachadta. Mura ngearrtar dleachtanna custam ag an tseiceáil amach, d'fhéadfadh táillí méadaithe a bheith i gceist ag tráth an tseachadta.
Muirir bhreise
D'fhéadfaí táillí breise a ghearradh ar iompar agus ar árachas.
Cuirtear na muirir iompair nó postais agus árachais san áireamh sa luach custam nuair a dhan Dleacht Custam agus CBL ar earraí iompórtáilte á ríomh. Ní chuirtear aon táille riaracháin a ghearrann an cúiréir nó an t-oibreoir poist as earraí a phróiseáil trí Chustaim san áireamh agus an luach Custam á ríomh.
Luach custam = praghas a íocadh ar na hearraí + costas iompair agus árachais.
Gheobhaidh tú samplaí de tháillí custam ar an gcéad leathanach eile.
Is féidir leis an táille riaracháin a ghearrann an cúiréir nó an t-oibreoir poist athrú, agus dá bharr sin, beidh ort an costas sin a sheiceáil leo go díreach. Ní fhéadann na Coimisinéirí Ioncaim idirghabháil a dhéanamh i ndíospóidí idir an cúiréir nó an t-oibreoir poist agus an tomhaltóir maidir leis na muirir a ghearrann siad as earraí a sheachadadh. Ba chóir fiosruithe maidir le na muirir seo a chur chucu siúd a sheachaid d'earraí.
Ar aghaidh: Earraí a cheannach ó thaobh amuigh den Aontas Eorpach (AE) (Seachas Tuaisceart Éireann)