Earraí a cheannach ar líne le haghaidh úsáid phearsanta

Earraí a cheannach ó thír de chuid an Aontais Eorpaigh (AE)

Má cheannaíonn tú earraí ó thír eile de chuid an Aontais Eorpaigh (AE), bainfidh na rialacha seo a leanas leo:

  • Níl aon Dleacht Custam iníoctha.
  • Tá Dleacht Mháil iníoctha ar tháirgí alcóil agus tobac agus ní mór í a íoc ag d’oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim sula seoltar na hearraí chugat. Féach an t-eolas ar an gCáin ar Tháirgí Alcóil agus ar an gCáin ar Tháirgí Tobac chun tuilleadh eolais a fháil faoin Dleacht Mháil.
  • Is gnách Cáin Bhreisluacha (CBL) a bheith iníoctha.  Braitheann an ráta CBL ar cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil an díoltóir cláraithe le haghaidh CBL in Éirinn. Tá tuilleadh eolais faoi rátaí CBL sa rannán ar CBL. I gcás earraí máil, tá CBL iníoctha ag an ráta a bheadh i gceist dá gceannófaí na hearraí in Éirinn. Ní mór é seo a íoc ag d’oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim sula seoltar na hearraí chugat.

Ar aghaidh: Earraí a cheannach ó na hOileáin Chanáracha