Cáin ar Tháirgí Tobac

Léargas ginearálta

Tá an Cháin ar Tháirgí Tobac iníoctha má dhéanann tú, má phróiseálann tú nó má thugann tú táirgí tobac isteach go hÉirinn. Folaíonn táirgí tobac:

  • toitíní
  • todóga
  • tobac mínghearrtha chun toitíní a rolladh (tobac rollta)
  • agus
  • tobac eile lena chaitheamh, mar shampla, tobac píopa.

Tá tuilleadh treorach ar thaisteal go hÉirinn le táirgí tobac ar fáil sa rannán liúntais saor ó dhleacht ar an suíomh idirlín seo.

Má tá táirgí tobac á gceannach agat ar líne nó le postdíol, ní mór duit dleachtanna Éireannacha a íoc. Folaíonn siad seo:

  • Cáin Éireannach ar Tháirgí Tobac
  • CBL
  • agus
  • Dleacht Custam (más cuí).

Ní mór na dleachtanna seo a bheith íoctha sula seoltar na táirgí chugat. Is é an ceannaitheoir atá freagrach as cinntiú go bhfuil na dleachtanna íoctha ag an díoltóir nó a ngníomhaire sula seoltar na táirgí.

Déanann na Coimisinéirí Ioncaim táirgí tobac a thagann isteach go hÉirinn a urghabháil sa chás nach bhfuil:

  • Cáin Éireannach ar Tháirgí Tobac
  • CBL
  • Dleacht Custam (más cuí)

íoctha. Tá tuilleadh eolais ar fáil sa rannán ar Earraí a cheannach ar líne le haghaidh úsáid phearsanta ar an suíomh idirlín seo. 

Ar aghaidh: Eolas do thrádálaithe