Cáin ar Tháirgí Tobac

Eolas do thrádálaithe

Tá an Cháin ar Tháirgí Tobac (CTT) iníoctha má dhéanann, má phróiseálann nó má thugann tú táirgí tobac isteach go hÉirinn. Ní mór do thrádálaithe cloí le riachtanais agus coinníollacha áirithe dlíthiúla de réir mar a leagann na Coimisinéirí Ioncaim síos. Ba chóir do thrádálaithe eolas maith a chur ar na riachtanais seo, atá leagtha amach in Tobacco Products Tax Manual.

Tá córas stampála cánach i bhfeidhm in Éirinn le haghaidh toitíní agus táirgí tobac rollta. Ní mór Stampa Cánach na hÉireann a bheith ar tháirgí toitíní agus tobac rollta. Sin nó tá na táirgí faoi réir urghabhála ag na Coimisinéirí Ioncaim.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar Chlár Stampála na hÉireann, déan teagmháil le Rannóg na gCorparáidí Móra sna Coimisinéirí Ioncaim.

Ar aghaidh: Rátaí